Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Taispeánfar seacht scannán a ndearna TG4 coimisiúnú orthu ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.   Féile idirnáisiúnta sé lá é Fleadh Scannán an Gaillimhe – an phríomhfhéile scannán in Éirinn – a reáchtálfar ón 11ú-16ú Iúil.   I mbliana  an 29ú bliain ag an bhféile ar an bhfód agus féachfaidh an fhéile le lucht féachana agus lucht déanta scannán a thabhairt le chéile chun sult a bhaint as iontas na scannánaíochta in éineacht.

Song of Granite an chéad scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017

07.07.17

I measc na scannán de chuid TG4 tá Song of Granite arb é an chéad scannán é a thaispeánfar ag an bhféile an 11ú Iúil. Léirítear ann an saol a chaith an t-amhránaí traidisiúnta Gaeilge, Seosamh Ó hÉanaí agus mar a mhúnlaigh tírdhreach álainn ach achrannach Chonamara, lenar bhain miotas, finscéalta agus amhráin, an pearsa casta, cumasach seo.   Arna stiúradh ag Pat Collins agus is iad Alan Maher agus Jessie Fisk ó Marcie Films a léirigh an scannán.

An oíche ina dhiaidh sin taispeánfar Rocky Ros Muc ina scrúdaítear an spiorad a bhain le bheith ag troid sa bhfáinne agus an trioblóid lasmuigh de chomh maith le cúrsaí imirce agus an tionchar a bhíonn aige ar fhéiniúlacht an duine.   I lár na seachtóidí a d’fhág Seán Ó Mainnín Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Bhostún.   Ba mhór an t-athrú ó bheith i Ros Muc go dtí bheith in iomaíocht do chraobh an domhain sa dornálaíocht; ó bheith i do chónaí i mbaile beag Gaeltachta i gConamara go dtí saol na coiriúlachta i measc ‘Whitey’ Bulger ar shráideanna achrannacha Bhostúin.   Insíonn Rocky Ros Muc scéal Sheáin Uí Mhainnín; a shaol, a ghairm dornálaíochta, agus an thuas seal, thíos seal a bhain lena shaol.   Fear a raibh anam agus cruas ann a raibh misneach agus mórtas ag roinnt leis.   Léiriú é seo de chuid Below the Radar i gcomhar leis an ILBF, MG Alba agus Údarás Craolacháin na hÉireann.   Arna stiúradh ag Michael Fanning agus arna léiriú ag  Máire Bhreathnach.   Is é Rónán Mac Con Iomaire a scríobh agus a bhí ina léiritheoir comhlach.

Taispeánfar dráma staire Tom Collins Aithrí/Penance  Dé Sathairn an 15ú Iúil, scéal a bhaineann leis an Éirí Amach i 1916 ach atá lonnaithe níos gaire don am i láthair.  Tá an tAthair Eoin O’Donnell cinnte nach bhfuil aon bhealach ach an lámh láidir leis na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn.  Cuireann sé ina luí ar Antaine, fear óg ar furasta dul i bhfeidhm air, dul chun catha.   Ach téann rudaí ó smacht agus nuair a fhéachann Antaine éalú ó na póilíní maraíonn sé a mháthair de dhearmad. Tuigeann an tAthair Eoin an pointe sin go bhfuil an iomarca tionchair aige ar an bhfear óg.   Éalaíonn sé go Doire, na mílte fada ó bhaile ag iarraidh aithrí.   Peter Coonan, Terry Byrne, Barry Barnes & Diona Doherty na príomhaisteoirí sa scannán seo a scríobh Greg Ó Braonáin agus Tom Collins.  Is é Tom Collins in éineacht le Edwina Forkin (Zanzibar Films) a léirigh é. Arna mhaoiniú ag Scáileán Thuaisceart Éireann, Bord Scannán an hÉireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Déanfaidh laoch mór na hiománaíochta Ger Loughnane iniúchadh ar an mbaint atá ag Éirinn leis an gcluiche haca oighir i gCeanada i Poc na nGael Dé Domhnaigh.   Is cosúil gur imircigh chun na tíre a cheap an spórt, spórt a tháinig ón iomáint, spórt atá an-ghar do chroí Ger.   Faigheann sé amach mar a tháinig athrú ar an iomáint go dtí go raibh sé ina haca.   Chuidigh an spórt a chum na Gaeil le hiad féin a chur ar a gcosa i gCeanada freisin.   Bhí na hÉireannaigh i gcroílár an chluiche a scaip fud fad náisiún nua Cheanada.   Arna stiúradh ag Éamon Ó Cualáin.  I measc na rannpháirtithe tá Ger Loughnane, Brendan Shanahon & Geraldine Heaney. Sam Kingston, Niall Murphy & Tadhg Mac Dhonnagáin a chóirigh an script. Éamonn Ó Cualáin & Sam Kingston a léirigh.

Taispeánfar It Tolls for Thee Déardaoin.  Scéal faoi chomhcheilg agus faoi mhisneach, ní hamháin go raibh Mary Elmes, bean as Éirinn, i gceartlár cogadh amháin sa fichiú haois ach bhí sí i gceartlár péire. Le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn, thug Mary leanaí go leor slán ó bhuamaí a bhí á scaoileadh as eitleáin de chuid na Gearmáine agus na hIodáile. Blianta gearra ina dhiaidh sin bhí an domhan i gcroílár cogaidh eile nuair a féachadh le dream iomlán daoine a chur den tsaol ar fad.   Ní bheadh Mary díomhaoin.   Arna insint ag Winona Ryder, tá lear mór pictiúr sa scannán seo ó chartlanna príobháideacha chomh maith leo sin a tháinig slán, a bhuíochas do Mary Elmes,  a bheith páirteach ann.  Scéal é seo faoin maith ag fáil an cheann is fearr ar an olc.   Andrew Gallimore a scríobh an script agus a stiúir an scannán atá á insint ag Winona Ryder agus arna léiriú ag Lucia Gavin.

Dé hAoine a thaispeánfar Ag Trasnú an Atlantaigh Dhuibh/ Crossing the Black Atlantic. Ní dóigh go bhfuil aon duine curtha i dtalamh in Éirinn a bhfuil scéal chomh spéisiúil ag baint leis le Tom Molineaux (1784-1818).  Sular sheol sé go Sasana, throid Molineaux lena dhoirne ar mhaithe lena úinéir agus leis an bplandáil a raibh sé ina sclábhaí ann a thabhairt slán.   Ina dhiaidh sin i Sasana thug sé dúshlán sheaimpín trom-mheáchain an domhain, ócáid spóirt a ndeirtear fós faoi a bheith ar cheann de na hócáidí is  náirí i saol an spóirt sa Bhreatain.  Rinneadh feall ar Molineaux agus fágadh gan craobh gan pingin é agus dá thoradh thug sé na cosa leis go hÉirinn. Scéal é seo faoi mar a chríochnaigh sclábhaí agus seaimpín dornálaíochta in uaigh i nGaillimh.   Arna chomhstiúradh ag Des Kilbane & Andrew Gallimore. Arna léiriú ag Orla Higgins & Des Kilbane- Desk Productions.

Á thaispeáint freisin Dé hAoine beidh Turas na hAilse. Faoi dhó sa tseachtain, tugann othair ailse as Dún na nGall faoi thuras bus 200 ciliméadar nó aistear cúig uair an chloig go Gaillimh chun radaiteiripe a fháil in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh – an t-ionad cóireála is gaire dóibh.   I nGaillimh, cuireann siad fúthu in Inis Aoibhinn, tearmann ón ospidéal. Rachaidh Turas na hAilse / The Cancer Journey ina dteannta ar an turas cróga, misniúil seo agus léiríonn spiorad agus anam na n-othar atá i gceist. Arna léiriú ag Hawkeye Films agus Phantom Limb Productions.

 

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Tá drámaíocht i gceartlár na físe atá ag TG4 dá lucht féachana ó bunaíodh an stáisiún agus tá léiritheoirí drámaíochta TG4 ag buachan gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta ó shin.   Is breá an rud an oiread scannán de chuid TG4 a bheith á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.’

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: