TG4 | Conradh Nua Ollsoláthair | 2017 | Nuacht Ráitis | Preas | Irish Television Channel, Súil Eile Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Dheimhnigh TG4 inniu go bhfuil dul chun cinn maith déanta ina chuid cainteanna le ‘Aniar’, comhlacht nua Gaeltachta, do chonradh ollsoláthair de chláracha fíorasacha agus cláracha ceoil, luach €5m, a chur ar fáil don chainéal sna ceithre bliana atá romhainn.

TG4 i gcainteanna le comhlacht léirithe il-Ghaeltachta maidir le conradh nua ollsoláthair

14.07.17

Is iad Niamh Ní Bhaoill agus Seán Ó Cualáin, beirt léiritheoirí Gaeltachta a bhfuil aithne mhaith orthu agus taithí na mblianta acu san earnáil, stiúrthóirí an chomhlachta nua agus beidh ionaid léiriúcháin ag an bhfiontar nuálach seo i nGaeltachtaí Thír Chonaill, na Gaillimhe agus Chiarraí, an chéad chomhlacht léirithe riamh a rinne a leithéide.
D’fhógair TG4 múnla nua coimisiúnaithe ar bhonn ollsoláthair ag tús an Earraigh. Tá measúnú déanta ar na hiarratais air sin anois, cainteanna ar bun le seacht gcomhlacht léirithe eile maidir le conarthaí ollsoláthair agus fógrófar conarthaí go poiblí go luath sa bhFómhar.
Deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, gur céim shuntasach chun cinn í seo d’fhorbairt na hearnála clos-amharc Gaeltachta agus so straitéis nua TG4 freisin. “Tá géarghá an earnáil anseo sa nGaeltacht a thabhairt leibhéal eile chun cinn agus bonn seasmhach inmharthana a chur fúithi ar scála tionsclaíoch'” a dúirt sé. “Le chéile, is féidir linn na deiseanna a thapú, fostaíocht a chruthú, freastal ar an bpobal.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: