Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thug TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) le fios inniu go bhfuil an measúnú críochnaithe anois ar na tograí fadscannán Gaeilge a chuir isteach ar scéim nua Cine4 agus go bhfuil chúig thogra acu roghnaithe do chéim na forbartha.

Gearrliosta Forbartha Bhabhta 1 Cine4 Fógartha

31.07.17

Dheimhnigh an lucht eagair go bhfuarthas 21 iarratas ar Bhabhta 1 agus gurb iad seo a leanas na tograí atá roghnaithe le forbairt sa dara céim den scéim: Finky  (Abú Media),    Saoi  (Danú Media),   Finsceál  (Fíbín Media), Arracht   (Macalla) agus  Sail Óg Sarah (Wildfire Films).
Tá mar aidhm an tionscnamh nua seo,  a fógraíodh dhá mhí ó shin, scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda léirithe  a spreagadh. Cuirfear cistíocht fhorbartha suas le €25k ar fáil don chúig thogra seo agus astu sin roghnófar péire acu le léiriú.   Beidh buiséad de suas le €1.2 milliún ag na tionscnaimh a léireofar agus sula gcraoltar ar TG4 iad, beidh ‘tréimhse phictiúrlanna’ ag na scannáin a léirítear faoin scéim,   seal ina mbeidh siad páirteach i bhféilte scannán agus ar taispeáint i bpictiúrlanna.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4  Alan Esslemont  roimh  an ngearrliosta agus ghabh buíochas leis na comhlachtaí ar fad a rinne iarratas ar an gcéad bhabhta den tionscnamh nuálach seo.  Mheabhraigh sé go rachadh an scéim chun tairbhe na hearnála ar mhórán bealach agus go mbeadh deiseanna dóibh aisti sa margadh  idirnáisiúnta freisin “Mar chraoltóir poiblí, tá ról lárnach ag  TG4 i bhforbairt na heacnamaíochta cruthaithí,“ a dúirt sé ”agus is ardú croí dúinn an tsuim atá léirithe ag an earnáil neamhspleách léiriúcháin cheana féin sa scéim seo agus gan í ach ina tús.”

Dar le James Hickey, Príomhfheidhmeannach Bhord Scannán na hÉireann tagann an fhorbairt nua go deas le straitéis chuimsitheach an eagrais sin do raon leathan saothair i réimsí na scannán, fad-shraitheanna teilifíse, fhaisnéis agus anamúlacht.  “Tá maoiniú do chéim na forbartha ar cheann de na nithe is tábhachtaí a fad sa bpróiseas léiriúcháin,” a dúirt sé “agus tréaslaím leo sin ar fad a bhfuil a dtograí roghnaithe don chéim seo ag Cine4.”

Mhol Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann fógra an ghearrliosta. “Tréaslaím a n-éacht leo sin atá roghnaithe,” a dúirt sé “agus guím gach rath orthu sa saothar atá amach rompu sa gcéad chéim eile.”  Mheabhraigh sé gur fada an tÚdarás ag tacú le tograí drámaíochta Gaeilge, idir scannán agus theilifís, lena scéim Fuaim & Fís agus é cinnte go gcuirfeadh na tograí atá roghnaithe anois le haidhmeanna na scéime a bhaint amach.

I bhfianaise líon agus ardchaighdeán na n-iarratas ar Bhabhta 1, tá socraithe ag lucht riartha Cine4  Babhta 2 a oscailt d’iarratais láithreach.  6 Deireadh Fómhair 2017 an spriocdháta don dara babhta seo agus tá sonraí uile na scéime, téarmaí agus coinníollacha ar fáil ag www.tg4.ie/ga/leiriuchan/coimisiunu/

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: