Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fógraíonn TG4, BBC Thuaisceart Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann maoiniú do scéim nua, Amharc. Tá Amharc á bhunú chun tacú le mórscannáin chruthaitheacha ar na healaíona i dTuaisceart Éireann an lae inniu.

Seolann TG4, BBC NI & Scáileán Thuaisceart Éireann Amharc, scéim nua mhaoinithe chun tacú le mórscannáin chruthaitheacha.

29.06.17

Tabharfaidh Amharc deis do dhéantóirí scannán léiriúcháin shuntasacha uaillmhianacha a chruthú, léiriúcháin a chuirfidh le saibhreas phríomhsceideal clár BBC agus TG4 agus a thaispeánfar sna hamharclanna chomh maith. Cuirfear gach réimse ealaíne san áireamh. Tabharfar tús áite d’ábhair chomhaimseartha ach glacfar le haon chóiriú comhaimseartha ar shaothair stairiúla leis.

Leagfar béim ar chóirithe agus ar scéalaíocht atá cruthaitheach nuálach agus a bhfuil cur chuige acu a mheallfaidh an lucht féachana is mó agus is féidir.

£150,000 a bheidh sa phota maoinithe don chéad séasúr den scéim seo agus táthar ag súil le dhá thogra a mhaoiniú. Ba cheart go mairfeadh na tionscadail 50-70 nóiméad ar fad agus go mbeadh buiséad £75,000 ar a mhéad acu. Mar sin féin, d’fhéadfadh go roghnófaí tograí a bhfuil uaillmhian agus plean airgeadais níos mó ná sin acu ach iad cur isteach ar fhoinsí eile airgid. Ní mór do na tionscadail a bheith i nGaeilge nó dátheangach, ba chóir dóibh a bheith ar HD agus ní mór fotheidil Bhéarla a bheith leo chomh maith.

Táthar ag súil go seolfar na tionscadail ag taispeántais amharclainne sula gcraolfar iad ar TG4 agus ar BBC go luath in 2019.

Beidh an scéim á riar ag an CCG i gcomhar leis an BBC agus TG4 agus ba chóir go gcomhlíonfadh na tograí tosaíochtaí agus aidhmeanna an CCG.

Beidh ionadaithe ón CCG, TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann freagrach as na hiarratais a roghnú.

Tá tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh anseo: www.northernirelandscreen.co.uk/irish-language-broadcast-fund/

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Mary McVey, Bainisteoir Margaíochta & Cumarsáide ag mary@northernirelandscreen.co.uk nó glaoch ar 02890 232 444.