Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Lucht féachana go leor ag beo-chlúdach ar an bhFleadh agus Cluichí Gaelacha

Lucht féachana go leor ag beo-chlúdach ar an bhFleadh agus Cluichí Gaelacha

22.08.17

D’éirigh go hiontach le beo-chlúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus ar chluichí tábhachtacha sa bpeil, san iomáint agus i bpeil na mban ag an deireadh seachtaine.

Bheo-chraol an cainéal Fleadh TV ar feadh trí uair an chloig gach oíche Aoine-Domhnach, clúdach a raibh aimsiú 672,000 ar fad aige (athchraoladh i rith an lae san áireamh). B’é beo-chraoladh an Domhnaigh buaic an chlúdaigh, ag a raibh scair fhéachana náisiunta 7.8%.

Bhí 322,000 féachaint Facebook ar mhíreanna Fleadh TV ar an Domhnach as féin.

Chruthaigh beo-chlúdach an chainéil ar chluichí i mbabhtaí ceannais na gcraobhacha peile (mionúr) iomána (faoi 21) agus i gCraobh TG4 i bPeil na mban go maith freisin. Bhí aimsiú 528,000 duine san iomlán ag an gcúig chluiche a beochraoladh. D’fhéach meán 138,900 duine ar an iomlán ar an mbeochraoladh ar Chluiche Leath-Cheannais na hÉireann i bPeil na Mionúr, Ciarraí v an Cabhán, ag am lóin ar an Domhnach, sin duine as gach cúigear a bhí ag féachaint ar an teilifís in Éirinn ag an am.

D’fhág seo ar fad go raibh scair náisiúnta fhéachana 5.4% de dhaoine fásta ag TG4 ar an Domhnach agus scair 6.1% ar an Satharn, chun tosaigh ar RTÉ2 (5.0%), 3e (2.6%), be3 (1.8%), BBC1 (4.7%) agus BBC2 (1.1%), an toradh féachana ab fhearr ag an gcainéal ó thús an tSamhraidh.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: