Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seoladh clár faisnéis de chuid TG4, An Pháirc

Seoladh clár faisnéis de chuid TG4, An Pháirc

21.10.17

Seoladh clár faisnéis de chuid TG4, An Pháirc, faoi Páirc Uí Chaoimh i gCorcaigh tráthnóna. I mbruachbhaile Bhaile an Teampaill, cóngarach do lár chathair Chorcaí agus buailte leis an Laoi, tá Páirc Uí Chaoimh, nó ‘An Pháirc’ mar a tugtar air go háitiúil. Beidh an clár seo atá léirithe ag Nemeton TV á chraoladh ar TG4 ar an Céadaoin 27 Meán Fómhair ag 9.30pm

Le breis is 100 bliain anuas, is anseo a bhailíonn muintir an deiscirt le cheile le súil a chaitheamh ar imeachtaí eipiciúla spóirt, ina mbíodh laochra ildánacha an lae ag tabhairt aghaidh ar a chéile, ar bhannaí & ceoltóirí idirnáisiúnta móra le rá ag seinnt agus ar mhór-imeachtaí cultúrtha eile nach iad.

Anois agus atógáil agus athchóiriú ollmhór déanta, féachann An Pháirc siar ar chuid de na himeachtaí is tábhachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal agus tapaíonn sé an deis cuid de na scéalta is suimiúla a thabhairt chun solais arís.

Chomh maith le sin, tugann an clár léargas den scoth ar an phróiseas atógála, ag taifead le breis is dhá bhliain anuas, ó leagadh an sean-staid go dtí oscailt an staid nua le chluichí ceathrú ceannais iomána na hÉireann.

Sa chlár cloistear ó laochra mór peile agus iománaíochta thar na blianta idir Billy Morgan, Jack O’Shea, Paul Flynn, Seán Óg Ó hAilpín agus Barney Rock, mar aon le Micheál Ó Muircheartaigh agus an t-eagraí ceolchoirm Oliver Barry a thug a leithead duine ar nós Michael Jackson agus Prince go Corcaigh.

Dúirt Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, “Is cuid de stair agus de sheanchas CLG agus Chorcaí í an staid seo. Maireann cuimhní gléineacha ar mhór-chluichí agus ar choirmeacha ceoil ag na scórtha míle duine a bhí i láthair. Tabharfaidh an clár seo siar muid ar bhóithrín na smaointe.”

Léirithe ag Nemeton TV le stiúriú ó Ronan O’Donoghue, is clár riachtanach é An Pháirc do lucht leanúna spóirt agus ceoil ar fur na tíre.

An Pháirc: 9.30pm, Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair ar TG4
Athchraoladh ag 7.15pm, Dé Sathairn 30 Meán Fómhair.

Breis Eolas:

Fintan Walsh, Léiritheoir, Nemeton TV – fintan@nemeton.ie, 058 46499, 085 7356329
Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn: