Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Saor go haer agus ar fud an domhain

D’fhógair TG4 inniu go líon-chraolfaidh sé cluichí craoibhe tábhachtacha faoi aois go heisiach agus ar fud an domhain as seo go ceann ráithe.    Ciallaíonn seo go mbeidh saor-rochtain ag lucht leanta na gcluichí seo i ngach ceard den domhan ar chluichí sna craobhacha dara leibhéil agus sa gcraobh faoi 21.

Rogha mhealltach cluichí Gaelacha Líon-chraoladh

21.03.17

Cuirfidh an rogha tharraingeach seo go suntasach leis an mbeo-chraoladh teilifíse atá ar fáil cheana féin ag TG4 ar na cluichí Gaelacha ag gach leibhéal (club, coláistí agus contae).

Is iad Cluichí Ceannais na Craoibhe Iomána Masita do Scoileanna Dara Leibhéil a imreofar i Staid Semple ar an Satharn seo chugainn an chéad rogha don líon-chraoladh beo seo agus as seo go ceann ráithe beidh scoth na gcluichí eile ar fáil go heisiach agus ar fud an domhain ar  www.tg4.ie  ina measc Cluichí Ceannais Cúige na Craoibhe Peile faoi 21, den chéad uair riamh.

Seo é an liosta iomlán don Líonchraoladh beo…

Dé Sathairn 25 Márta      Cluichí Ceannais  na Craoibhe Iomána Masita do Scoileanna Dara Leibhéil

Dé Céadaoin 29 Márta     Cluiche Ceannais Craobh Laighean EirGrid sa Pheil faoi 21
Dé Céadaoin 29 Márta    Cluiche Ceannais Craobh na Mumhan EirGrid sa Pheil faoi 21

Dé Sathairn 1 Aibreán     Cluichí Ceannais na Craoibhe Peile Masita do Scoileanna Dara Leibhéil

Dé Sathairn 1 Aibreán     Cluiche Ceannais Craobh Chonnacht EirGrid sa Pheil faoi 21
Dé Céadaoin 5 Aibreán   Cluiche Ceannais Craobh Uladh EirGrid sa Pheil faoi 21

Chomh maith leis an Líon-chraoladh beo, iar-chraolfaidh TG4 buaic-phointí na gcluichí seo ar an gcainéal teilifíse ar an oíche imeartha.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha gur forbairt shuntasach í seo:  “Tá a fhios againn le fada go bhfuil éileamh ar chlúdach ard-chaighdeáin ar na comórtais seo”, a dúirt sé, “agus is eol dúinn freisin nach in Éirinn amháin atá an t-éileamh seo.  Tá go leor leor daoine, in Éirinn agus ar fud an domhain “ag baint leas as an Idirlíon chun a mianta féachana, idir chlúdach spóirt agus eile, a shásamh agus is breá linn an deis a bheidh againn freastal ar an bpobal féachana sin leis an soláthar seo.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Rónán Ó Coisdealbha, Sports Editor, TG4 – 087 2472841, sport@tg4.ie

Cuir aithne orainn: