Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beochearta eisiacha gach Domhnach,  Fómhar-Earrach go 2022. Tá bonn daingean curtha faoi chlúdach TG4 ar na cluichí Gaelacha de réir an chonartha nua do chearta craolta a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael inniu.

A chuid féin ag TG4 i gconradh nua cearta CLG

09.12.16

Faoi na socruithe nua atá aontaithe,  tá an scair shuntasach de na cearta teilifíse ar imeachtai CLG a bhí aige roimhe seo, coinnithe ag TG4 don tréimhse 5 bhliana  (níos faide ná tréimhse aon chonartha cearta le fada an lá) mar seo a leanas:

Na Sraitheanna Náisiúnta Iomána agus Peile
Beo-chearta eisiacha agus cearta iarchraolta gach Domhnach, cluichí ceannais san áireamh. Cearta iomlána buaicphointí go Bealtaine 2022.

Craobh Club Iomána agus Peile
Beo-chearta eisiacha agus cearta iarchraolta gach Domhnach ar na craobhacha cúige.  Cearta eisiacha ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann.  Cearta ar na craobhacha contae freisin.

Craobh Faoi 21 Iomána agus Peile
Beochearta eisiacha ar na Craobhacha Cúige agus ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann sna craobhacha faoi aois seo agus a gcomharbaí.

Craobh na Mionúr Iomána agus Peile
Beochearta eisiacha gach Domhnach, ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann.  Cearta buaicphointí ar na craobhacha  faoi aois seo agus a gcomharbaí.

Craobhacha Iomána agus Peile Coláistí  (Dara agus Tríú Leibhéal)
Beochearta eisiacha, cearta iomlána buaicphointí.

D’fháiltigh Ardstiúrthoir nua  TG4, Alan Esslemont roimh an gconradh nua: “Tá fíor-ríméad orainn go bhfuil na cearta seo faighte againn arís,” a dúirt sé.  “Tá dea cháil bainte amach le fada ag clúdach cuimsitheach agus ceannródúil TG4 ar na cluichí Gaelacha, d’fhir is do mhná, idir bheo, bhuaicphointí agus Laochra Gael.  Cuireann an conradh nua seo bonn níos buaine fós faoin bpáirtíocht idir TG4 agus CLG. Mar chraoltóir neamhspleách seirbhíse poiblí, tuigimid go maith an t-éileamh atá ag an lucht féachana ar chlúdach teilifíse saor go haer ar na cluichí náisiúnta agus freastalóidh muid air le craolta teilifíse agus ar an Seinnteoir ar fud na hÉireann.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877