Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thuill bua iontach Chonnacht sa gcluiche ceannais Pro12 ard-fhigiúirí féachana do TG4 tráthnóna Dé Sathairn, de réir na dtorthaí TAM ó Nielsen, an miosúr oifigiúil.  Tuairiscítear gur fhéach duine as cúigear a bhí ós comhair teilifíse in Éiriinn ag an am, (21%)  ar chlúdach saor go haer an chainéil ar an gcluiche.

Neart súile ag TG4 do bhua stairiúil Chonnacht

30.05.16

D’fhéach beagnach leathmhilliún duine (496,000) ar TG4  uair éigin le linn an bheo-chraoladh trí uair an chloig ar an ócáid agus ar an meán 187,000 people  duine ar an gcluiche iomlán féin, ó thús báire go  deireadh imeartha.  

Tá Ardstiúrthóir an chainéil,  Pól Ó Gallchóir, thar a bheith sásta leis an toradh seo: “ Bhí a fhios againn go mbeadh  an-éileamh ag an bpobal féachana teilifíse ar ár mbeochraoladh saor go haer seo againn as Murrayfield,”  a dúirt sé “ach is iontach ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna  torthaí ó TAM Ireland.    Bhí ócáid ar ar leith ann – dhá fhoireann ón tír seo i gcluiche ceannais ar mhórchomórtas idirnáisiúnta a bhí á imirt thar sáile, aistear fada costasach curtha díobh ag an lucht leanta, paisean ar leith na gConnachtach, idir imreoirí agus eile, aimsir álainn agus toradh stairiúil.  Chuir focla Gaeilge Phat Lam ar an deireadh, an dlaoi mhullaigh ar an ócáid ó thaobh TG4 de agus is leor sin mar mholadh.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: