Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

7 Lá TG4 – 29ú Márta Museum na bPiarsach, Ráth Fearnáin

24.03.16

7 Lá TG4 – 29ú Márta Museum na bPiarsach, Ráth Fearnáin

Beidh ról na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca 1916 mar théama  eisiach ag  eagrán speisialta den chlár beo cúrsaí reatha  7 Lá ar TG4  ar an  Mháirt 29 Márta ag 7.30pm.  Beochraolfar an t-eagrán cómórtha seo den chlár ó láthair chuí stairiúil – Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath.

Gaeilgeoirí ab ea cúigear den seachtar a shínigh an Forógra agus bhí an teanga gar don chroí ag go leor eile a ghlac páirt san Éirí Amach.  Baill den Chonradh ab ea aon duine déag den seisear déag a cuireadh chun báis ina dhiaidh.

Ar an gclár speisialta seo, pléifear ról Chonradh na Gaeilge agus an réabhlóid chultúrtha a bhí mar chúlra lenar tharla.  Beidh gaolta na ndaoine a throid san Éirí Amach páirteach sa gclár mar aon le polaiteoirí agus staraithe.

Cloisfear scéalta na ngnáthdhaoine a bhí ina mbaill de Chonradh na Gaeilge ag an am a throid i 1916 chomh maith le cur síos ar an nasc a bhí ann leis na pobail Ghaeltachta.    Feicfear freisin cuid den chartlann chuimsitheach atá ag an gConradh ón tréimhse  seo.

I measc na n-aíonna a bheidh i láthair, beidh Éamon Ó Cuív T.D., an tOllamh Micheál Ó Siochrú, agus Cathal Mac Suibhne Brugha.

Is é Páidí Ó Lionáird a chuirfidh an clár comórtha i láthair agus beidh ceol ann freisin ón gcláirseoir Siobhán Armstrong agus amhrán ó Aoife Scott.