Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Déanfar ceiliúradh taibhsiúil ar Bhreithlá TG4 XX le beochraoladh spleodrach ceolmhar, fileata ar Oíche Shamhna, Luan 31 Deireadh Fómhair 9.30pm -11.30pm.

Púcaí Ceolmhara na Samhna ag Breithlá TG4

21.10.16

Ariamh anall, b’ócáid ar leith í an tSamhain i samhlaíocht agus i saíocht na gCeilteach, tráth ina dtagann an saol seo agus an saol eile le chéile ar feadh oíche amháin eisceachtúil. Roghnaíodh an oíche dhraíochtúil seo d’oscailt Theilifís na Gaeilge i 1996. Anois, agus an cainéal fiche bliain ag fás ar Oíche Shamhna na bliana seo, déanfaidh TG4XX Beo an ceiliúradh ceolmhar is cuí le féasta físiúil fileata 360º ar chultúr, ar theanga agus ar amhráin na Gaeilge. Aistriú an Lóchrainn is téama don cheiliúradh, fleadh ina mbeidh na snátha éagsúla ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta fite le chéile go healaíonta soilseach.

Lárnach ón tús ann beidh fiche carachtar draíochtúil atá cruthaithe go speisialta don ócáid, iad ar cuairt chugainn ón saol eile, seans, rud a tharlaíonn faoi Shamhain. Beidh go leor den bheochraoladh ag teacht ó phuball gloine agus miotail atá á thógáil sa Quad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh míreanna beo le feiceáil sa gcraoladh freisin ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, ó Thigh Phaídí Uí Shé i gCorca Dhuibhne agus ón Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn an t-aoi speisialta ar an oíche, ceannaire a bhfuil gean agus meas ar leith air as a ról lárnach féin i mbunú Theilifís na Gaeilge mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc uaidh le linn an chláir.

Beidh ceol den scoth ar TG4XX Beo ó oirfidigh a bhfuil cáil orthu le fada agus dáimh ar leith acu leis an gcainéal Gaeilge – ina measc Hot House Flowers, Máirtín O’Connor agus a Bhanna, Prodijig, Duke Special, Ulaid, Imlé, Maitiú Ó Casaide, Nell Ní Chróinín, Séamus Ó Beaglaoích, Aeons agus Muireann Nic Amhlaoibh & Séamus Barra Ó Súilleabháin, Pólca 4, Kormac & Daithí agus Liam Ó Maonlaí. Craolfar freisin píosaí nua-chumtha sain-cheaptha ar théama na oíche ó fhilí aitheanta Gaeilge mar aon le comh-oirfideadh speisialta ó chóracha aitheanta Gaeltachta. Is é an comhlacht aitheanta Gifted Empire (FleadhTV) a bheidh i mbun an léiriúcháin.

Deir Ardstiúrthóir nua-cheaptha TG4 Director Alan Esslemont go bhfuil sé ag súil go mór leis an ócáid. “Cloch mhíle í do TG4,” a dúirt sé “agus muid ag tabhairt aghaidh ar chéim nua dár n-aistear le mórtas agus le misneach.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877