Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thuill an clúdach ar Chluiche Ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile an lucht féachana ab airde riamh do chlár aonair do TG4 ó bunaíodh é,  de réir na dtorthaí ó TAM Ireland, an miosúr oifigiúil teilifíse.  D’fhéach 621,000 ar bhua Átha Cliath ar Chiarraí sa gcluiche sin agus beagnach beirt as gach cúigear (38%) den lucht féachana iomlán teilifíse in Éirinn lena linn.   Is curiarracht iad na torthaí féachana sin ar aon.

Figiúirí Féachana is Airde Fós ag Beo-chlúdach an lae inné ó Pháirc an Chrócaigh

Figiúirí Féachana is Airde Fós ag Beo-chlúdach an lae inné ó Pháirc an Chrócaigh

25.04.16

Agus an beochraoladh TG4 ar imeachtaí iomlána na hiarnóine san áireamh,  d’fhéach  beagnach trí ceathrú milliún duine   (739,000) ar an aicsean imeartha agus oirfide as Páirc an Chrócaigh inné,  ina raibh an Cluiche Ceannais i Roinn 2  (Tír Eoghain v An Cabhán) agus an taispeántas taibhsiúil comórtha Laochra ar bun chomh maith le Cluiche Ceannais Roinn 1.

Go deimhin, bhí an fhéachaint teilifíse ar Laochra  chomh hard sin go bhfuil áit bainte amach aige sin freisin ar an liosta den 10 gClár is Airde féachana riamh ar TG4.

Rinne an cainéal beochraoladh cuimsitheach ar chluichí ceannais na Sraithe Peile ó Pháirc an Chrócaigh arís i mbliana mar go raibh Cluichí Ceannais Roinn 3 agus Roinn 4 ar fáil ar TG4 ar an Satharn.

Is cinnte go bhfuil Ardstiúrthóir TG4,  Pól Ó Gallchóir, thar a bheith bródúil as na figiúirí féachana seo.   “Bhí a fhios againn go mbeadh  an-éileamh ag an bpobal féachana teilifíse ar ár mbeochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh inné,”  a dúirt sé “ach is iontach ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna  torthaí ó TAM Ireland.    Is iomaí clár agus mír chomórtha craolta againn le tamall anuas agus bhí an ard-fhéachaint teilifíse seo tuillte go maith ag an bpeil agus ag an dtaispeántas iontach a chuir Laochra inár láthair.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: