Preas
Is é an fidléir siúlach Kevin Burke, a rugadh agus a tógadh i Londain Shasana ach a bhfuil cónaí air le fada anois in Oregon na Stát Aontaithe, a gheobhaidh Gradam Ceoil TG4 2016. Fógraíodh seo agus an liosta iomlán ghradamóirí na bliana ag seoladh i gCathair Chorcaí tráthnóna. Áirítear an Búrcach ar dhuine de na fidléirí is fearr lena linn agus tá cáil fhorleathan tuillte ag a chuid ceoil aonair agus freisin é mar bhall den Bothy Band agus roimhe sin an Banna Ceoil Glenside agus a cheol beirte le Micheál Ó Domhnaill i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a sheinn sé go minic freisin le ceoltóirí aitheanta ar nós Arlo Guthrie.
Búrcach an Bothy Band ar bharr an liosta do Ghradam Ceoil 2016
18.01.16
Ar na Gradamóirí eile a fógraíodh tá; ceoltóir feadóige móire as Londain (Ceoltóir Óg); fear as Tír Eoghain a bhfuil a shaol caite aige ag cruthú gur uirlis ealaíonta é an giotár don cheol traidisiúnta (Gradam Saoil); eagras a chinntigh gur fás seachas bás a gheobhadh an uirlis is cheoil is seanda ar fad inár gcultúr dúchais (Gradam Comaoine); fonnadóir sean-nóis a bhfuil oidhreacht a mhuintire maisithe go cumasach aige (Amhránaí na Bliana) agus tionscnamh taighde agus taifeadta atá ag soláthar léargais agus athbheochana ar cheantar cois teorann a raibh a oidhreacht cheoil ligthe i ndearmad, cuid mhaith (Gradam Comharcheoil). Agus i mbliain stairiúil seo an Chomórtha Céid, tá TG4 ag bronnadh Gradam Ceoil 2016 aon-uaire ar eagras Gaeilge a léirigh misneach agus samhlaíocht lena scannáin chartlainne ar an Éirí Amach agus a thug deis do Sheán Ó Riada a chumas do-sháraithe mar chumadóir/cóiritheoir a léiriú don domhan.
Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2016:
- Gradam Ceoil – Kevin Burke
- Ceoltóir Óg – Órlaith McAuliffe
- Gradam Saoil – Arty McGlynn
- Comharcheol – Our Dear Dark Mountain with the Sky over it
- Amhránaí na Bliana – Pól Ó Ceannabháin
- Comaoin – Cairde na Cruite
- Gradam 1916 – Gael Linn
(Tá nóta beathaisnéise/cúlra gach duaiseora ar fáil ag www.gradam.ie)
Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí. Faigheann na gradamóirí ceoil duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras in Áras Ceoldráma Chorcaí ar an Domhnach 21 Feabhra, á chur i láthair ag na ceoltóirí/craoltóirí aitheanta Tristan Rosenstock agus Muireann Nic Amhlaoibh. Beo-chraolfar an ócáid ar TG4.
Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”
Tá Ticéid do Dhuaisbhronnadh/Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 ar díol, luach €25, ón Áras Ceoldráma – Teileafón 021 4270022.
Breis eolais ar fáil www.gradam.ie Facebook nó Twitter @gradamceoil. #GCTG4