Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Chruthaigh saothar agus pearsana TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 a bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn ag ócáid spleodrach in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh.

Aitheantas Speisialta agus Duaiseanna go leor ag TG4 ó Oireachtas na Gaeilge

16.05.16

Aitheantas Speisialta agus Duaiseanna go leor ag TG4 ó Oireachtas na Gaeilge

Chruthaigh saothar agus pearsana TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 a bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn ag ócáid spleodrach in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh.

Is iad na duaiseanna seo príomh-ghradaim na meán Gaeilge agus tá a gcáil bunaithe agus ag neartú ó bhliain go bliain.

Bhronn an tUachtarán Buaic-Ghradam an Oireachtais 2016 ar TG4 féin mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach aige sna fiche bliain ó tháinig sé ar an aer.    Thug an tUachtarán,   fear a raibh dlúth-bhaint aige féin le bunú an stáisiúin agus é ina Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ard-mholadh do shaothar agus do chruthaitheacht an aschuir le fiche bliain, don tseirbhís phoibli a dhéanann sé don lucht féachana ar fud an domhain agus don tionchar dearfach atá imeartha aige ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.

Is é an tArdstiúrthóir, Pól Ó Gallchóir, a ghlac an Gradam thar ceann TG4.

Anuas ar an mbuaic sin, bhronn an tUachtarán Gradaim Chumarsáide ar chúig saothar agus pearsa eile le TG4. Seo thíos na saothair a fuair Gradaim le TG4 i mbliana, ina measc dhá Ghradam do shaothar an chomhlachta Magamedia:

EIPIC – Sraith Teilifíse na Bliana (léirithe ag Magamedia)

Sraithdhráma grinn, a insíonn scéal chúigear déagóirí a ghlacann seilbh ar an oifig poist áitiúil i 2016 chun réabhlóid cheoil a thosú. Scéal dána, daonna faoi éalú, faoi fhéiniúlacht agus faoi dhéagóirí faoin tuath in Éirinn an lae inniu é seo a thuill ardmholadh nuair a craoladh é in Earrach 2016, ag tús an chomóradh céid ar 1916.

Deoch an Dorais – Scannán/Clár Teilifíse na Bliana (léirithe ag Magamedia)

Clár faisnéise faoi Chonallach nárbh fhéidir a mharú – ainneoin 20 iarracht éagsúla. Seo é scéal Mike Malloy, imirceach go Nua Eabhrac céad bliain  ó shin a ndeachaigh an saol ina aghaidh agus a bhí ag ól go trom i dtithe tábhairne sa Bronx i Nua-Eabhrac go dtí gur bheartaigh roinn dá chuid “cairde” é a mharú ar mhaithe le hairgead árachais saoil a thuilleadh.

Síle Nic Chonaonaigh – Craoltóir Teilifíse na Bliana

Is í Síle an láithreoird ar Dúiche, irischlár spreagúil eolasach  TG4 ina mbíonn sí ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar an saol sa bpobal ina bhfuil siad ag tarlú.  Tráchtann  sí ar cheisteanna casta timpeallachta nó sóisialta le dóchas agus le samhlaíocht.

Snámh in aghaidh Easa – Gearrscannán na Bliana (Léirithe ag Meangadh Fíbín)

Scéal faoi thimpiste farraige a ghin ceannlínte ar fud an domhain agus nuacht-phictiúir thar a bheith scanrúil ach inar tháinig gach duine slán. Rianann an clár an turas cinniúnach iascaireachta a rinne ceithre thrálaer as Inis Mór Árann in Earrach 2015 agus iad ar thuras iascaireachta ronnach. Is ar Inis Shealtain a bhí triall na mbád Éireannach don turas seo ach ar an 20 Eanáir, i bhfaiteadh na súl a tharla an tubaiste a chuir ceann de na soithigh, An Iúda Naofa go grinneall na farraige amach ó chósta Leódhais in Inse Gall na hAlban.

www.tg4.ie – Suíomh Gréasáin na Bliana

Tá éileamh ar fud an domhain agus meas ar an Suíomh seo, ar a bhfuil Seinnteoir TG4, cartlann sean-nóis   agus eolas cuimsitheach tacaíochta faoin tseirbhís féin agus faoin ábhar a chuireann sí ar fáil.  Rinneadh athchóiriú agus uasghrádú suntasach ar an Suíomh le gairid le feabhas breise a chur uirthi.  Is é an Suíomh Gréasáin Gaeilge is mó éileamh ar domhan é.

Tara Breathnach – Aisteoir na Bliana

Tá aithne fhorleathan ar Tara ag lucht féachana as a ról sa sobaldhráma Ros na Rún  agus bhí a ról mar mháthair sa ngearrscannán  Maidhm luaite go sonrach leis an nGradam seo.

Stiofán Ó Fearail – Réalta Óg na Bliana

Cé gur mar phríomh-amhránaí leis an ngrúpa Seo Linn cáil ar dtús, thuill Stíofán a chéad-cháil, is fear óg ildánach é agus tá sin cruthaithe arís aige le cúpla mí anuas agus é ag comh-láithriú shraith úrnua siamsaíochta TG4 Cleas Act in éineacht le Eibhlín Ní Chonghaile, sraith ina gcuirtear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír i láthair agus iad i mbun siamsa agus ceoil

Thréaslaigh an tArdstiúrthóir a nGradaim leo ar fad agus leis na buaiteoirí ó na meáin  Ghaeilge eile a fuair aitheantas ó Oireachtas na Gaeilge ag Duaisbhronnadh na nGradam seo.  Maidir le Buaic-Ghradam TG4, seo a bhí le rá aige:  “Tá áthas an domhain orainn Buaic-Ghradam an Oireachtais a bheith bronnta orainn i mbliain stairiúil seo 2016.   Agus muid ag cur bailchríoch ar na hullmhúcháin do cheiliúradh 20 Bliain ár mbunaithe i dtráth na Samhna, bhéarfaidh an t-aitheantas speisialta seo ó Oireachtas na Gaeilge spreagadh agus ugach breise dúinn.”

Is féidir Óráid an Uachtaráin agus an Searmanas Bronnta Gradam a lean é a fheiceáil anseo:

http://nasc.tg4.tv/1TVdg49

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: