Preas
Chruthaigh saothar agus pearsana TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 a bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn ag ócáid spleodrach in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh.
Aitheantas Speisialta agus Duaiseanna go leor ag TG4 ó Oireachtas na Gaeilge
16.05.16
Aitheantas Speisialta agus Duaiseanna go leor ag TG4 ó Oireachtas na Gaeilge
Chruthaigh saothar agus pearsana TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 a bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn ag ócáid spleodrach in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh.
Is iad na duaiseanna seo príomh-ghradaim na meán Gaeilge agus tá a gcáil bunaithe agus ag neartú ó bhliain go bliain.
Bhronn an tUachtarán Buaic-Ghradam an Oireachtais 2016 ar TG4 féin mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach aige sna fiche bliain ó tháinig sé ar an aer. Thug an tUachtarán, fear a raibh dlúth-bhaint aige féin le bunú an stáisiúin agus é ina Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ard-mholadh do shaothar agus do chruthaitheacht an aschuir le fiche bliain, don tseirbhís phoibli a dhéanann sé don lucht féachana ar fud an domhain agus don tionchar dearfach atá imeartha aige ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.
Is é an tArdstiúrthóir, Pól Ó Gallchóir, a ghlac an Gradam thar ceann TG4.
Anuas ar an mbuaic sin, bhronn an tUachtarán Gradaim Chumarsáide ar chúig saothar agus pearsa eile le TG4. Seo thíos na saothair a fuair Gradaim le TG4 i mbliana, ina measc dhá Ghradam do shaothar an chomhlachta Magamedia:
EIPIC – Sraith Teilifíse na Bliana (léirithe ag Magamedia)
Sraithdhráma grinn, a insíonn scéal chúigear déagóirí a ghlacann seilbh ar an oifig poist áitiúil i 2016 chun réabhlóid cheoil a thosú. Scéal dána, daonna faoi éalú, faoi fhéiniúlacht agus faoi dhéagóirí faoin tuath in Éirinn an lae inniu é seo a thuill ardmholadh nuair a craoladh é in Earrach 2016, ag tús an chomóradh céid ar 1916.
Deoch an Dorais – Scannán/Clár Teilifíse na Bliana (léirithe ag Magamedia)
Clár faisnéise faoi Chonallach nárbh fhéidir a mharú – ainneoin 20 iarracht éagsúla. Seo é scéal Mike Malloy, imirceach go Nua Eabhrac céad bliain ó shin a ndeachaigh an saol ina aghaidh agus a bhí ag ól go trom i dtithe tábhairne sa Bronx i Nua-Eabhrac go dtí gur bheartaigh roinn dá chuid “cairde” é a mharú ar mhaithe le hairgead árachais saoil a thuilleadh.
Síle Nic Chonaonaigh – Craoltóir Teilifíse na Bliana
Is í Síle an láithreoird ar Dúiche, irischlár spreagúil eolasach TG4 ina mbíonn sí ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar an saol sa bpobal ina bhfuil siad ag tarlú. Tráchtann sí ar cheisteanna casta timpeallachta nó sóisialta le dóchas agus le samhlaíocht.
Snámh in aghaidh Easa – Gearrscannán na Bliana (Léirithe ag Meangadh Fíbín)
Scéal faoi thimpiste farraige a ghin ceannlínte ar fud an domhain agus nuacht-phictiúir thar a bheith scanrúil ach inar tháinig gach duine slán. Rianann an clár an turas cinniúnach iascaireachta a rinne ceithre thrálaer as Inis Mór Árann in Earrach 2015 agus iad ar thuras iascaireachta ronnach. Is ar Inis Shealtain a bhí triall na mbád Éireannach don turas seo ach ar an 20 Eanáir, i bhfaiteadh na súl a tharla an tubaiste a chuir ceann de na soithigh, An Iúda Naofa go grinneall na farraige amach ó chósta Leódhais in Inse Gall na hAlban.
www.tg4.ie – Suíomh Gréasáin na Bliana
Tá éileamh ar fud an domhain agus meas ar an Suíomh seo, ar a bhfuil Seinnteoir TG4, cartlann sean-nóis agus eolas cuimsitheach tacaíochta faoin tseirbhís féin agus faoin ábhar a chuireann sí ar fáil. Rinneadh athchóiriú agus uasghrádú suntasach ar an Suíomh le gairid le feabhas breise a chur uirthi. Is é an Suíomh Gréasáin Gaeilge is mó éileamh ar domhan é.
Tara Breathnach – Aisteoir na Bliana
Tá aithne fhorleathan ar Tara ag lucht féachana as a ról sa sobaldhráma Ros na Rún agus bhí a ról mar mháthair sa ngearrscannán Maidhm luaite go sonrach leis an nGradam seo.
Stiofán Ó Fearail – Réalta Óg na Bliana
Cé gur mar phríomh-amhránaí leis an ngrúpa Seo Linn cáil ar dtús, thuill Stíofán a chéad-cháil, is fear óg ildánach é agus tá sin cruthaithe arís aige le cúpla mí anuas agus é ag comh-láithriú shraith úrnua siamsaíochta TG4 Cleas Act in éineacht le Eibhlín Ní Chonghaile, sraith ina gcuirtear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír i láthair agus iad i mbun siamsa agus ceoil
Thréaslaigh an tArdstiúrthóir a nGradaim leo ar fad agus leis na buaiteoirí ó na meáin Ghaeilge eile a fuair aitheantas ó Oireachtas na Gaeilge ag Duaisbhronnadh na nGradam seo. Maidir le Buaic-Ghradam TG4, seo a bhí le rá aige: “Tá áthas an domhain orainn Buaic-Ghradam an Oireachtais a bheith bronnta orainn i mbliain stairiúil seo 2016. Agus muid ag cur bailchríoch ar na hullmhúcháin do cheiliúradh 20 Bliain ár mbunaithe i dtráth na Samhna, bhéarfaidh an t-aitheantas speisialta seo ó Oireachtas na Gaeilge spreagadh agus ugach breise dúinn.”
Is féidir Óráid an Uachtaráin agus an Searmanas Bronnta Gradam a lean é a fheiceáil anseo: