Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Svae ag caipíní Healy-Rae i gCiarraí dar le Pobalbhreith nua Olltoghcháin

16.02.16

An Svae ag caipíní Healy-Rae i gCiarraí dar le Pobalbhreith nua Olltoghcháin

Tá an-seans ag Michael Healy-Rae a dheartháir Danny a thabhairt ar ais chun na Dála nua leis mar Theachta, de réir na dtorthaí ó phobalbhreith nua a choimisiúnaigh agus a chraol an clár Vóta 2016  ar TG4 tráthnóna.    Tugann an pobalbhreith údarásach seo, a rinne an comhlacht aitheanta Ipsos MRBI, le fios go bhfuil beagnach 40% de vótóirí an chontae ag tacú le deartháireacha na gcaipíní agus go bhfuil dhá chuóta ag Michael leis féin.  Fágfaidh sin iarrthóirí aitheanta ó na mór-pháirtithe faoi bhrú damanta agus iad ar thóir suíochán Dála.

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Chiarraí (Vóta Uimhir 1)

Fine Gael 27%
Fianna Fáil 16%
Sinn Féin 7%
Lucht Oibre 8%
Páirtithe Eile 3%
Neamhspleáigh 39%

 

Tacaíocht na nIarrthóirí   (Vóta Uimhir 1)

Michael Healy-Rae (NS) 33%
Jimmy Deenihan (FG) 13%
Brendan Griffin (FG) 13%
John Brassill (FF) 11%
Arthur Spring (LO) 8%
Martin Ferris (SF) 7%
Norma Moriarty (FF) 6%
Danny Healy-Rae (NS) 4%
Michael Fitzgerald (Glas) 2%
Grace O’Donnell (FG) 1%
Michael O’Gorman (NS) 1%
Donal Corcoran (RN) 1%

 

Tráchtaireacht;     Is Dáilcheantar nua é seo, 5 shuíochán agus is léir nach bhfuil an cónascadh tar éis aon dochar a dhéanamh do thacaíocht láidir theaghlach Healy-Rae.  Tá scair  33%  de na vótóirí ag tacú le Michael agus 4% lena dheartháir Danny (a d’fhógair go raibh sé ag seasamh mar iarrthóir an lá gur thosaigh an suirbhé seo).      Tá iarrthóirí na mór-pháirithe go maith chun deiridh ar Mhicheal Healy-Rae –  Jimmy Deenihan (FG 13%) agus  Brendan Griffin (FG 13%), John Brassil (FF) ar 11%, Arthur Spring (LO) ar 8% agus Martin Ferris (SF) ar 7%.

Toghfar Michael Healy-Rae ar an gcéad chomhaireamh agus cuirfidh an fuílleach vótaí atá aige a dheartháir Danny ard go maith ar a liosta ina dhiaidh sin, cé nach bhfuil ag Danny ach tacaíocht 4% sa suirbhé seo.  Fágann sin go mbeidh seisear iarrthóirí i ndian-iomaíocht don cheithre shuíochán eile. Beidh suíochán amháin ag FG agus seans maith aige ar an dara ceann mar go bhfuil an páirtí gar go maith don dá chuóta agus beidh vótaí aistrithe ar fáil dó ó Arthur Spring an Lucht Oibre má cuirtear fear Thrá Lí as an iomaíocht.  Go deimhin b’fhéidir go rachadh roinnt vótaí ó Mhicheal-Healy Rae chun tairbhe do FG freisin sa gcomhaireamh do na suíocháin sin.

Beidh John Brassill (FF 11%) gar go maith do shuíochán mar go bhfuil sé cuid mhaith chun tosaigh ar a chomhghleacaí Norma Moriarty (6%) cé go bhféadfadh cuid dá vótaí siúd dul chuig Healy-Rae freisin.  Gheobhaidh Danny Healy-Rae go leor vótaí aistrithe óna dheartháir agus má chuireann seo chun tosaigh é ar Spring agus Ferris, d’fhéadfadh duine acu sin (nó an bheirt acu) a bheith i dtrioblóid.    Tá obair go leor le déanamh fós, neart ama roimh lá na vótála agus an lámháil earráide le meabhrú freisin.

Sa mbreis ar cheisteanna faoina vótaí, chuir Ipsos MRBI ceist ar na vótóirí i gCiarraí faoi na nithe is mó atá ag déanamh buartha dóibh.  Léirigh na freagraí go bhfuil  Cúrsaí Sláinte, Fostaíocht, Coiriúlacht, Imirce agus Leathanbhanda ar na ceisteanna is práinní do phobal Chiarraí.  (Sonraí ar an leathanach thíos).

Nóta d’eagarthóirí:    Is é seo an dara ceann de shraith 3 phobalbhreith atá coimisiúnaithe ag TG4 do Dháilcheantair ar chósta an Iarthair.    An tseachtain seo chugainn ar Vóta 2016  ( 7pm Máirt 23 Feabhra) craolfar na torthaí phobalbhreith nua MRBI ar Dháilcheantar na Gaillimhe Thiar).

Seán Mac a’ tSíthigh, comhfhreagraí Vóta 2016 i gCiarraí, ar fáil d’agallaimh ar an bpobalbhreith nua seo sa Dáilcheantar ar 087-7737673.
Teagmháil: Linda Ní Ghríofa 091 505228   linda.ni.ghriofa@tg4.ie

 

(Nóta ar mhodheolaíocht na phobailbhreithe:    Sampla 500 duine  (18+ bliain) a bhí ag an bpobalbhreith seo a rinne an comhlacht Ipsos MRBI do TG4.   Rinneadh na hagallaimh Déardaoin 11 agus Aoine 12 Feabhra i suirbhé atá de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Marketing Society of Ireland agus ESOMAR.  Rinneadh na hagallaimh le  CATI [Computer Aided Telephone Interviewing]. Roghnaíodh na rannpháirithe ó bhunachar sonraí comhdhéanta d’uimhreacha talún agus soghluaiste, bunachar a cruthaíodh le Diallú Randamach Digiteach (Random Digit Dialling).   Bíonn lámháil earráide móide/lúide 4%  i gceiste le suirbhí bunaithe ar shampla 500 duines).

 

Ábhair Buartha do Vótóirí Chiarraí

Agus an suirbhé ar bun, ceistíodh vótóirí Chiarraí faoi liosta nithe a tugadh dóibh – ábhair atá luaite sa bhfeachtas náisiúnta Olltoghcháin. Léadh ráiteas agus ceist ina dhiaidh amach dóibh:

List of Issues:
Ceist: 
Ón liosta ábhar seo, an dtig leat a rá liom an bhfuil siad tábhachtach, cineál tábhachtach nó an-tábhactach duit?

Mórcheisteanna – % a d’fhreagair ‘an-tábhachtach’

Seirbhísí Sláinte – 87%    (92% de mhná)
Fostaíocht/Postanna – 84%    (88% for 35-44 bl.)
Coiriúlacht – 64%    (75% for 65+ bl.)
Leathanbhanda – 63%    (69% for 35-54 bl.)
Cánachas – 60%    (68% for 45-54 bl.)

Cúrsaí leathanbhanda
Ceist:
An bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán leathanbhanda i do cheantar?

Míshásta – 39% (50% den aoisghrúpa 45-54 bl.)
An-mhíshásta – 25% (33% den aoisghrúpa 45-54 bl.)

Cúrsaí imirce
Ceist: B’éigin do mhórán dul ar imirce nuair a tharla an cúlú eacnamaíochta. An bhfuil an staid eacnamaíoch i gCiarraí tagtha chucu féin, dar leat, le gur féidir leo sin filleadh abhaile?

Tá – 11%    (20% den aoisghrúpa 18-34 bl.)
Níl – 87% (92% den aoisghrúpa 35-54 bl)

Coiriúlacht
Ceist:  Ar athraigh láithreacht na nGardaí i do cheantar le cúpla bliain anuas agus má d’athraigh, ar chuir sin isteach ar chúrsaí slándála agus sábháilteachta i do cheantar?

Dúirt 64% go raibh laghdú sa tseirbhís ina gceantar féin le cúpla bliain anuas.
Dúirt 75% go raibh drochthionchar ag an laghdú seo ar chúrsaí sábháilteachta (bunaithe ar dhaoine ag rá go raibh laghduithe ann)

  • 39% den aoisghrúpa 18-24 bl.
  • 86% den aoisghrúpa 45-54 bl.