Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ní i bPáirc an Chrócaigh amháin a bhí curiarracht lucht féachana á beartú inné mar gur ndeimhníonn na torthaí ón miosúr oifigiúil go raibh an lucht féachana teilifíse thar a bheith líonmhar freisin. Bhí beagán le cois 34,000 i láthair ag na cluichí, an líon ab airde riamh i stair an Chumainn.

Lucht féachana ollmhór ag Peil na mBan ar TG4

26.09.16

Tuairiscíonn miosúr Nielsen ar maidin gur fhéach 235,000 duine ar an meán ar an gCluiche Ceannais Sinsear, inar thug mná cumasacha Chorcaí an Chraobh leo den 6ú uair as a chéile. D’fhéach beagnach 500,000 duine ar cuid éigin denc chluiche sin agus bhí beagnach 27% den lucht féachana náisiúnta teilifíse in Éirinn lena linn tiúnáilte ar TG4.

Tá na miosúir sin ar fad díreach ar chomh-leibhéal leis na figiúirí féachana is airde a thuill TG4 don chluiche seo ó thosaigh sé á bheochraoladh sé bliana déag ó shin.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir roimh na figiúirí féachana inné, á rá gur cruthúnas eile iad ar bhuntáistí leanúnacha na comhpháírtíochta idir an craoltóir Gaeilge agus Cumann Peil Gael na mBan.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877