Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Splanc! 2016 ar TG4

15.03.16

Splanc! 2016 ar TG4

Anois agus iad seolta ag ócáid taispeántais in Institiúid Scannán na hÉireann (14 Márta),   tá na gearrscannáin a léiríodh do Splanc! 2016 le craoladh ar TG4 le linn na Cásca.   Is tionsnamh faisnéise trí mheán na Gaeilge é Splanc! a thugann tacaíocht do thograí scannán  ina ndéantar tochailt chruthaitheach ar na healaíona in Éirinn agus léargas físiúil spreagúil orthu.  TG4 agus An Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe a eagraíonn agus a mhaoiníonn an scéim seo.

Seo a leanas na saothair agus dátaí craolta ar TG4:

Ailiu Iarth na n-hErend le Dónal Ó Céilleachair,  bunaitha ar an gcéad dán Gaeilge  riamh,  deirtear,  leis an bhfile Aimhirgin Glúingheal.  Tá filí na linne seo agus íomhánna draíochtúla sa scannán. (26 Márta 7.45pm)

Is iad Fergal Ward agus Adrian Duncan a léirigh Bungaló Bliss, ath-chuairt ar chatalóg ailtireachta Jack Fitzsimon a heisíodh i 1971 agus a d’fhág rian láidir ar an dreach tíre agus ar shaol na tuaithe anseo. (26 Márta 7.50pm)

Solas Céad Bliain le Tadhg O’ Sullivan, iniúchadh ar an solas mar mhóitíf ag ealaíontóirí na hÉireann. (27 Márta 7.15pm)

Imogen Stuart Dealbhóir léiriú Sharon Wooley ar shaothar na mná a rugadh sa nGearmáin agus a thuill cáil ní amháin mar dhealbhóir ach mar ealaíontóir i meáin eile freisin.     (27 Márta 7.20pm)

Saothar William McKeown, léargas  an scannánóra Pat Collins ar an bpéinteir as Co Thír Eoghain.  (27 Márta  8.55pm)

Cruth na Cumhachta, le Megs Morley agus Tom Flanagan, súil ar thábhacht na ndealbh cloiche a thugann stair pholaitiúil na hÉirean chun cuimhne.  (28 Márta  7.15pm)

Oíche Nollag na mBan – cóiriú fisiúil ar dhán clúiteach Sheáin Uí Ríordáin  le Oonagh Kearney ina bhfuil filíocht, cór agus ceol fite fuaite le chéile.  (28 Márta  7.20pm)

Souvenir Shop scannán Airt Uí Bhriain  ar an taispeántas spraoiúl leis an ealaíontóir  Rita Duffy. (Aibreán, dáta agus am le deimhniú).

Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 “Is cuid lárnach iad na scannáin seo d’iarracht nuálach TG4 comóradh a dhéanamh ar chéad bliain d’fhás an náisiúin. Tá ríméad orainn an rogha leathan scannán seo a chruthú agus a chur i láthair an phobail,  léargas físiúil ar an ngaol gar casta atá againn  leis na healaíona agus a dtábhacht inár saol laethúil.  Tá  an tsúil eile ag oibriú iontu ar fad.”

Dúirt Fionnuala Sweeney, Ceannasaí Scannáin leis an An gComhairle Ealaíon: “Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tacú le léiriú na scannán seo.  Tugann gach ceann acu a spléachadh féin ar ghné ar leith de na healaíona in Éirinn.  Mar aonad, tugann siad deis don phobal dul i ngleic ar bhealach eisiach le hoidhreacht 1916 tríd na n-ealaíona.”

Deir Declan Gibbons, Bainisteoir, Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe: “Is  ardú croí dúinn caighdeán agus cáil na ndéantóirí scannán a rinne iarratas ar an scéim seo agus tá áthas orainn gur roghnaíodh ochtar a bhfuil cumas agus scil ar leith léirithe acu i réimsí leathan na  n-ealaíona.”