Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Zena ón gCarraig Dhubh ar a bealach go Malta
Ionadaí na hÉireann ag Valleta Junior Eurovision 2016

Zena ar a bealach go Malta - Junior Eurovision 2016

11.11.16

Is í Zena Donnelly, 14 bliain d’aois, ón gCarraig Dhubh i gCo Áth Cliath a sheasfaidh an fód d’Éirinn  ag an gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse i Valletta Malta faoi cheann coicíse.  Is dalta  i gColáiste Íosagáin i Stigh Lorgan i mBaile Átha Ciath í  Zena.

Bríce Ar Bhríce  is teideal aon amhrán  a chum sí féin, agus a thug léi Craobh na hÉireann  sa gcomórtas a craoladh  ar TG4 le roinnt seachtainí.  Mar chuid den chomórtas sin, bhí uirthi an t-amhrán a chanadh do na moltóirí ag dhá éisteacht  réamh-cháilithe agus ansin ar an gclár teilifíse sna luath-bhabhtaí agus arís sa bhabhta ceannais.

Beidh Zena ag tabhairt aghaidh ar Mhalta ag deireadh na seachtaine seo agus  is ar an Domhnach 20 Samhain a bheidh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach.   Beochraolfar Junior Eurovision ar TG4 ag 6.30pm an oíche sin.

Seo í an dara bliain ag an tír seo a bheith páirteach sa gcomórtas agus mar a tharlaíonn, is í Zena a fuair an dara háit sa gcraobh Éireannach anuraidh, comórtas a bhuaigh Aimee Banks as Maigh Cuilinn.

Tá a cumas léirithe go minic ag Zena Donnelly mar gur sheinn sí ar an Late Late Show  agus gan  í ach seacht mbliana d’aois agus sheinn sí ag mór-ócáidí eile ina dhiaidh sin sa  Wembley Arena,  ag Cóisir Shíochána na Náisiún Aontaithe agus le  Whitney Houston  sa  3Arena i mBaile Átha Cliath sa mbliain 2010.

Is aisteoir cumasach í freisin.

Beochraolfar Junior Eurovision ar TG4 ag 6.30pm 20 Samhain. Guímid gach ádh ar Zena.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877