Preas
Zena ón gCarraig Dhubh ar a bealach go Malta
Ionadaí na hÉireann ag Valleta Junior Eurovision 2016
Zena ar a bealach go Malta - Junior Eurovision 2016
11.11.16
Is í Zena Donnelly, 14 bliain d’aois, ón gCarraig Dhubh i gCo Áth Cliath a sheasfaidh an fód d’Éirinn ag an gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse i Valletta Malta faoi cheann coicíse. Is dalta i gColáiste Íosagáin i Stigh Lorgan i mBaile Átha Ciath í Zena.
Bríce Ar Bhríce is teideal aon amhrán a chum sí féin, agus a thug léi Craobh na hÉireann sa gcomórtas a craoladh ar TG4 le roinnt seachtainí. Mar chuid den chomórtas sin, bhí uirthi an t-amhrán a chanadh do na moltóirí ag dhá éisteacht réamh-cháilithe agus ansin ar an gclár teilifíse sna luath-bhabhtaí agus arís sa bhabhta ceannais.
Beidh Zena ag tabhairt aghaidh ar Mhalta ag deireadh na seachtaine seo agus is ar an Domhnach 20 Samhain a bheidh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach. Beochraolfar Junior Eurovision ar TG4 ag 6.30pm an oíche sin.
Seo í an dara bliain ag an tír seo a bheith páirteach sa gcomórtas agus mar a tharlaíonn, is í Zena a fuair an dara háit sa gcraobh Éireannach anuraidh, comórtas a bhuaigh Aimee Banks as Maigh Cuilinn.
Tá a cumas léirithe go minic ag Zena Donnelly mar gur sheinn sí ar an Late Late Show agus gan í ach seacht mbliana d’aois agus sheinn sí ag mór-ócáidí eile ina dhiaidh sin sa Wembley Arena, ag Cóisir Shíochána na Náisiún Aontaithe agus le Whitney Houston sa 3Arena i mBaile Átha Cliath sa mbliain 2010.
Is aisteoir cumasach í freisin.
Beochraolfar Junior Eurovision ar TG4 ag 6.30pm 20 Samhain. Guímid gach ádh ar Zena.
Breis Eolas:
Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Cuir aithne orainn:
Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877