Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ardstiúrthóir TG4 ag éirí as

11.07.16

Ardstiúrthóir TG4 ag éirí as

Tá sé fógraithe ag Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, go mbeidh sé ag éirí as a phost ar an 30 Meán Fómhair 2016.

Tá sé i gceannas ar TG4 ó mhí Aibreáin 2000.

Dúirt Pól Ó Gallchóir gur bhain sé an-sult as a thréimhse mar Ardstiúrthóir.  Ghabh sé buíochas le Bord agus foireann TG4 as a dtacaíocht le sé bliana déag anuas.

Dúirt sé go bhfuil aitheantas bainte amach ag TG4 mar chraoltóir teilifíse a chuireann scoth na seirbhíse agus súil eile ar fáil don lucht féachana ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Dúirt Cathaoirleach TG4, Siún Ní Raghallaigh, gur fhág Pól Ó Gallchóir comaoin mhór ar TG4 idir bhord stiúrtha agus fhoireann as a thiomantas don tseirbhís agus as an dúthracht a bhí  caite aige i mbun a chuid oibre do chraoladh na Gaeilge. Ghabh Siún Ní Raghallaigh buíochas ó chroí leis agus ghuigh sí gach rath air san am atá le teacht.

Foilseofar fógra earcaíochta do phost an Ardstiúrthóra go luath.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: