Preas
Straitéis togcháin Fhianna Fáil níos éifeachtaí na Sinn Féin i nDún na nGall
09.02.16
Straitéis togcháin Fhianna Fáil níos éifeachtaí na Sinn Féin i nDún na nGall
Torthaí suimiúla ar fáil ó Phobalbhreith nua TG4
D’fhéadfadh Sinn Féin a bheith thíos lena straitéis triúr iarrthóirí a chur chun páirce i nDáilcheantar chónasctha nua Dhún na nGall, de réir na dtorthaí ó phobalbhreith nua a choimisiúnaigh agus a chraol an clar Vóta 2016 ar TG4 tráthnóna. Tugann an pobalbhreith údarásach seo, a rinne an comhlacht aitheanta MRBI, go bhfuil seans láidir ag Fianna Fáil dhá shuíochán a bhuachan sa Dáilcheantar nua 5 shuíochán san Olltogchán agus go mbeidh Pat Cóp Ó Gallchóir ar filleadh ar Dháil Éireann ag deireadh na míosa.
Go deimhin, tá fianaise áirithe sa bpobalbhreith go mbeidh brú ar Shinn Féin an dara Teachta Dála a thabhairt chun na Dála as Dún na nGall, bíodh is go raibh beirt Theachtaí aige le chúig bhliana anuas nuair a bhí an contae roinnte ina dhá Dháilcheantar.
Léiríonn na figiúirí gur dóigh go dtoghfar Joe McHugh d’Fhine Gael, an té a bhí ina Aire Stáit Gaeltachta sa dara leath de thréimhse na Dála seo caite. Beidh sé ina dhian-choimhlint don suíochán deireanach, de réir na bhfigiúirí seo, agus Thomas Pringle, Teachta neamhspleách le chúig bhliana faoi bhrú ó neamhspleáigh eile agus ó na páirtithe móra freisin.
Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Dhún na nGall (Vóta Uimhir 1)
Sinn Féin (SF) | 30% |
Fianna Fáil (FF) | 30% |
Fine Gael (FG) | 17% |
Neamhspleách(NS) | 23% |
Tacaíocht na nIarrthóirí (Vóta Uimhir 1)
Pearse Doherty (SF) | 19% |
Charlie McConalogue (FF) | 17% |
Joe McHugh (FG) | 13% |
Pat the Cope Gallagher (FF) | 13% |
Pádraig Mac Lochlainn (SF) | 9% |
Thomas Pringle (NS) | 7% |
Dessie Shiels (NS) | 7% |
Paddy Harte (FG) | 4% |
Frank McBrearty Jnr (NS) | 4% |
Tim Jackson (NS) | 3% |
Gary Doherty (SF) | 2% |
Ian McGarvey (NS) | 2% |
Niamh Kennedy (NS) | 2% |
Tá coicís fágtha sa bhfeachtas Olltoghcháin agus is mairg a dhéanfadh tuar críochnúil. Ach is léir go bhfuil FF go maith chun tosaigh sa Dáilcheantar seo ar a scair náisiúnta reatha. Bunaithe ar na figiúiri áitiúla sin, d’fhéadfadh an páirtí dhá shuíochán a bhuachan i nDún na nGall. Agus FF ag déanamh chomh maith sin, ní thig le SF a bheith cinnte den dara suíochán, toradh a bhí á thuar ag go leor tráchtairí i bhfianaise na hard-tacaíochta atá ag SF sa gcontae agus an dul chun cinn ina leibhéil tacaíochta náisiúnta le chúig bhliana anuas.
Toghfar Piaras Ó Dochartaigh (SF) don chéad suíochán sa Dáilcheantar agus 19% den vóta aige, chun cinn ar an gcuóta. Beidh a chomghleacaí Pádraig Mac Lochlainn ag súil le vótaí aistrithe ón bhfuílleach sin níos deireanai sa gcomhaireamh agus braithfidh cinniúint Mhic Lochlainn ar a líon sin, mar aon le roinnt cúinsí eile.
De réir na dtorthaí sa bpobalbhreith seo, is ag Charlie McConalogue (FF) a bheidh an dara suíochán agus 17% den vóta chéad rogha aige. Bheadh an triú agus an ceathrú suíochán ag Pat The Cope Ó Gallchóir (FF) agus ag Joe McHugh, (FG), a bhfuil 13% den vóta acu ar aon. Beidh an bheirt ag brath ar aistrithe ach bheifí ag súil go seasfaidh a cháil ar fud an chontae agus a sheirbhís fhada mar Theachta Dála, Aire Stáit agus mar Fheisire Eorpach don Ghallchórach lena thabhairt slán agus go dtiocfaidh Joe McHugh slán le McuMcmabharfaidh tacaíocht aistrithe ó vótaí Phaddy Harte, a chomhghleacaí atá ag seasamh den chéad uair.
Beidh an choimhlint don cúigiu suíochán i nDún na nGall thar a bheith teann. Tá seans air ag Pádraig Mac Lochlainn, (SF, 9%), Thomas Pringle (NS 7%) agus Dessie Shiels (Ind, 7%). Braithfidh go leor ar an ord ina gcuirtear iarrthóirí bhun an liosta as an áireamh – agus ar an bhfuílleach vótaí bheith ag Piaras Ó Dochartaigh (agus iarrthóir eile SF, Gary Doherty) do Mhac Lochlainn. D’fhéadfadh na neamhspleáigh Thomas Pringle agus Dessie Shiels, a bheith fós san iomaíocht ag deireadh an chomhairimh.
Nóta d’eagarthóirí: Is é seo an chéad cheann de shraith 3 phobalbhreith atá coimisiúnaithe ag TG4 do Dháilcheantair ar chósta an Iarthair. An tseachtain seo chugainn ar Vóta 2016 ( 7pm Máirt 16 Feabhra) craolfar na torthaí phobalbhreith nua MRBI ar Dháilcheantar Chiarraí.
Tá Ailbhe Ó Monacháin, comhfhreagraí Vóta 2016 i nDún na nGall, ar fáil d’agallaimh ar an bpobalbhreith nua seo sa Dáilcheantar. Teagmháil: Linda Ní Ghríofa 091 505228. linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Nóta ar mhodheolaíocht na pobalbhreithe: Sampla 500 duine (18+ bliain) a bhí ag an bpobalbhreith seo a rinne an comhlacht Ipsos MRBI do TG4. Rinneadh na hagallaimh Déardaoin 4 agus Aoine 5 Feabhra i suirbhé atá de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Marketing Society of Ireland agus ESOMAR. Rinneadh na hagallaimh le CATI [Computer Aided Telephone Interviewing]. Roghnaíodh na rannpháirithe ó bhunachar sonraí comhdhéanta d’uimhreacha talún agus soghluaiste, bunachar a cruthaíodh le Diallú Randamach Digiteach (Random Digit Dialling. Bíonn lámháil earráide móide/lúide 4% i gceiste le suirbhí bunaithe ar shampla 500 duine).