Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhógair Bord TG4 go bhfuil Alan Esslemont ceaptha aige mar Ardstiúrthóir nua. Tá an Uasal Esslemont faoi láthair fostaithe mar Cheannaire Ábhair ar an gcainéal teilifíse Gàidhlige BBC ALBA. Tá an toiliú Rialtais is gá go reachtúil don cheapachán seo faighte Ag Bord TG4 ag deireadh próiseas earcaithe poiblí ó fógraíodh an folúntas seo mí ó shin. Tiocfaidh an tArdstiúrthóir nua i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir, a bhí ag ceann na seirbhíse ó Aibreán 2000.

Alan Esslemont ceaptha mar Ardstiúrthóir TG4

08.09.16

Is as an Bràigh Mhàrr in Albain ó dhúchas don Uasal Esslemont agus tá taithí fhada fhairsing aige in earnáil an ábhair teilifíse ina thír dhúchais agus in Éirinn. Bhí sé ar dhuine acu sin a céad-fhostaíodh i Telegael, an comhlacht ceannródaíoch léiriúcháin agus iarléiriúcháin sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe sa mbliain 1989. Ina dhiaidh sin ceapadh é ar ardbhainistíocht bhunaidh Theilifís na Gaeilge a chuaigh i mbun craolta den chéad uair Oíche Shamhna 1996 faoin teideal TnaG. B’é an bainisteoir sinsearach ábhair a stiúraigh ath-bhrandáil na seirbhíse mar TG4 in 1999. Agus é ina Stiúrthóir Teilifíse TG4 (2000-2007) d’éirigh leis an gcainéal a scair fhéachana a mhéadú go suntasach agus duaiseanna go leor a bhuachan do stíl agus d’úire a ábhair láithreachais freisin.

Sa mbliain 2008, cheangail Alan le MG ALBA agus d’oibrigh i ndlúthpháirt le Mairead Màiri Mhoireach, Ceannaire Seirbhíse ar bhunú BBC ALBA, an t-aon chainéal faoi cheadúnas BBC a i gcomhpháirt le heagras eile. D’éirigh go hiontach leis an gcainéal nua agus tá lucht féachana breis is 600,000 duine sa tseachtain aige anois, deich n-oiread líon na gcainteoirí Gàidhlige sa tír.

Tá céim MBA ag Alan ón Open University agus tá leor teangacha ar a thoil aige an Ghaeilge agus Gàidhlig ina measc. Is i gCinn Mhara i gCamus i nGaeltacht na Gaillimhe, atá cónaí air féin agus ar a bhean Máire (de bhunadh Mhaigh Eo) ó 1989, áit a bhfuil a gcúigear clainne tógtha trí Ghaeilge acu.

Rachaidh Alan Esslemont i mbun TG4 ag tréimhse chinniúnach i bhforbairt na seirbhíse. Áirítear go bhfuil TG4 ar cheann de na tograí spreagtha Gaeilge is fearr a chruthaigh le bliana fada. Déanann sé infheistíocht breis is €20m sa mbliain i gcruthú ábhar nua-léirithe Gaeilge, rud a chothaíonn os cionn 300 post san earnáil neamhspleách léiriúcháin ar fud an oileáin, go leor acu sin sa nGaeltacht. Léiríonn an tseirbhís a nuál freisin lena leas as tairsigh nua sna meáin shóisialta le rochtain a chinntiú dá ábhar agus ceangal lena phobal domhanda. Beidh TG4 20 bliain ar an aer ar Oíche Shamhna 2016.

Deir Cathaoirleach TG4, Siún Ní Raghallaigh: “Ta an t-ádh orainn duine chomh cumasach le Alan Esslemont a bheith ar fáil le dul i mbun na seirbhís ag an am iontach ach dúshlánach seo i bhforbairt TG4.” Ghlac sí buíochas freisin le Pól Ó Gallchóir as a sheirbhís fhada dhúthrachtach mar cheannaire agus as na nithe ar fad a baineadh amach i TG4 lena linn.

Deir Príomhfheidhmeannach MG ALBA, Dòmhnall Caimbeul: “Chuir stiúir agus fuinneamh Alan Esslemont go leor lena bhfuil bainte amach againn le BBC ALBA le hocht mbliana anuas. Cé gur mór an chaill dúinn é a bheith ag imeacht uainn, tuigimid go rachaidh sin chun tairbhe do TG4 agus don dlúth-chaidreamh idir an dá eagras sna blianta amach romhainn.”

Seo a dúirt Alan Esslemont “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán iontach seo agus mé ag filleadh ar TG4 agus ar an mheitheal iontach chumasach atá ar an gcroí-fhoireann agus san earnáil neamhspleách freisin. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an dara fiche bliain, is iomaí bealach go dtig linn freastal ar an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain le fonn agus le fuinneamh.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877