Preas
Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógraithe
05.04.16
Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógraithe
Tá Stiofán Ó Fearail ón mbanna ceoil Seo Linn, craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh agus iriseoir Cathal Mac Coille i measc iad siúd atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh gearrliosta na ngradam inniu, 5 Aibreán 2016 agus beidh an searmanas ar siúl in Óstán Bhóthar na Trá, Dé hAoine, 13 Bealtaine 2016. Beidh an craoltóir nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, ar ais arís ina ról mar Fhear an Tí.
Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh. Tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don sár-obair in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sár-chumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar ghearrliosta na bliana seo.” a deir sé.
Tá téama 1916 lárnach i ngearrliosta na bliana seo. San áireamh tá 1916: Seachtar Dearmadta de chuid Abú Media, atá reicthe ag Brendan Gleeson, ainmnithe do Shraith Teilifíse na Bliana. Chomh maith leis seo, tá Sheehy Skeffington: Síochánaí de chuid Dearcán Media san iomaíocht i gcomhair Scannán/Clár Teilifíse na Bliana. Insíonn an clár seo scéal faoi dhúnmharú Francis Sheehy Skeffington faoi lámh na trúpaí Sasanacha.
Tá catagóir breise gearrscannánaíochta curtha leis na Gradaim i mbliana agus tá an tOireachtas ag súil go nochtfar foinse shaibhir tallann i measc scannánóirí Gaeilge na tíre sa chatagóir nua seo. Taispeánfar na gearrscannáin seo roimh bhronnadh na ngradam ar an Aoine, 13 Bealtaine in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.
Tá an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh í sa chatagóir Craoltóir Raidió na Bliana agus tá a clár seachtainiúil, Bláthnaid Libh (RTÉ Raidió na Gaeltachta) in iomaíocht do Shraith Raidió na Bliana le Splanc, clár a láithríonn Rónán Ó Muirthile ar Newstalk. Tá an craoltóir Cathal Mac Coille ainmnithe dá cholún rialta do Tuairisc.ie sa chatagóir Iriseoir na Bliana.
Beidh triúr colúnaí a scríobhann don láithreán gréasáin Tuairisc.ie, Cathal Mac Coille, Maitiú Ó Coimín agus Alex Hijmans in iomaíocht lena chéile sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Méabh Ní Thuathaláin ó Nós.ie agus Alan Titley ón Irish Times.
I measc na láithreán atá ainmnithe don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, tá Tuairisc.ie, TG4.ie, Meoneile.ie agus Raidiofailte.com.
Tá Joe Steve Ó Neachtain agus Róisín Ní Chéileachair in iomaíocht i gcomhair teidil Aisteoir na Bliana. Tá ról Pheadair ag Joe Steve i Ros na Rún (EO Teilifís) le fiche bliain anuas agus tá ról Mhóna ag Róisín i gclár nua do TG4, EIPIC le Magamedia. Scéal cúigear déagóirí a chuireann tús le réabhlóid ceoil in oifig an phoist folamh atá sa chlár seo.
Mar is gnáth, roghnófar an fear agus an bhean is galánta faisean ar an oíche agus tar éis an bhronnta beidh ceol le cloisteáil ón mbanna ceoil cáiliúil as Conamara, Cillín
CATAGÓIR: TEILIFÍS
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Cuimhní ón mBlascaod Praxis Pictures
EIPIC Magamedia
Imeall Redshoe Productions
1916: Seachtar Dearmadta Abú Media
Folk Aduaidh Sonas Productions
SCANNÁN / CLÁR NA BLIANA
Vóta 2016 Comh-léiriú de chuid TG4 & Nuacht TG4
I mBéal na Stoirme An Idée Originale/Lugh Films/South Wind Blows Productions
An Klondike Abú Media
Sheehy Skeffington: Síochánaí Dearcán Media
Deoch an Dorais Magamedia
CRAOLTÓIR NA BLIANA
Páidí Ó Lionáird 7Lá / Vóta 2016 – TG4
Róisín O’Hara Róisín- TG4
Tristan Rosenstock Imeall- TG4
Dara Ó Cinnéide GAA USA / Seó Spóirt- TG4
Síle Nic Chonaonaigh Dúiche- TG4
AISTEOIR NA BLIANA
Róisín Ní Chéileachair Móna: EIPIC
Joe Steve Ó Neachtain Peadar: Ros na Rún
Seán T. Ó Meallaigh Pádraig Connolly: An Klondike
Tara Breathnach Máthair: Maidhm
CATAGÓIR: RAIDIÓ
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Liza mo Stór agus Scéalta Eile RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bláthnaid Libh RTÉ Raidió na Gaeltachta
Splanc Newstalk
Blas BBC Raidió Uladh
CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Bláthnaid Ní Chofaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta
Rónán Mac Aodha Bhuí RTÉ Raidió na Gaeltachta
Miriam Ní Mheachair FM 104
Eoghan Ó Néill Ráidió Fáilte
Cormac Ó hEadhra RTÉ Raidió na Gaeltachta
CATAGÓIR: CLÓ
COLÚNAÍ / IRISEOIR NA BLIANA
Cathal Mac Coille Tuairisc.ie
Méabh Ní Thuathaláin Nós.ie
Alan Titley Crobhingne, Irish Times
Alex Hijmans Tuairisc.ie
Maitiú Ó Coimín Tuairisc.ie
LÁITHREÁN GREASÁIN NA BLIANA
www.tuairisc.ie Tuairisc.ie
www.tg4.ie TG4
www.meoneile.ie Below the Radar
www.raidiofailte.com Raidió Fáilte
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Stiofán Ó Fearail Seo Linn/Cleas Act TG4
Sinéad Ní Uallacháin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fiona Ní Fhlaithearta TG4
Lisa Madden Iriseoir/láithreoir Neamhspleách
Micheál Ó Ciaraidh Cúla 4
Edel Ní Churraoin Raidió Fáilte
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Natasha Fennell, Stillwater Communications T: 01 6770630 R: natasha@stillwater.ie
Helena Mullins , Stillwater Communications T: 01 6770630 R: helena@stillwater.ie