Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

6 Thogra le TG4 gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2016

03.03.16

6 Thogra le TG4 gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2016

Tá curtha le cáil idirnáisiúnta TG4 mar sholáthraí ábhair den scoth agus seacht saothar atá luaite leis ar an  gearrliosta  do na babhtaí ceannais d’Fhéile na Meán Ceilteach 2016.  Tá ábhar do pháistí, drámaíocht agus faisnéis i measc na saothar Gaeilge atá roghnaithe i mbliana i cheithre dhuais-aicme teilifíse.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.  Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.  Beidh Féile na bliana seo ar bun i Dún Garbhán, Co. Phort Láirge. (www.celticmediafestival.co.uk).

Is iad seo na saothair le TG4 atá roghnaithe i mbliana:

Sraith Fhaisnéise:                                                                                                                        

Cuimhní ón mBlascaod: Bunaithe cuid mhaith ar agallaimh a rinne oileánaigh os cionn scór bliain ó shin, ach nár taispeánadh ar teilifís riamh, insítear scéal an Bhlascaoid i bhfocal na n-oileánach féin. Léiriú le Praxis Pictures.

Clár Aonair Fíorasach:

Cumann na mBan – Mna na Réabhlóide: Clár faisnéise ar Chumann na mBan agus ar an méid a rinne an cumann ar mhaithe le saoirse na tíre. Bhí na mílte bean páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach idir 1914 agus 1923 ach is beag trácht atá orthu féin ná ar an méid a rinne siad chun leas na tíre ó bunaíodh an Stát. Máire Mhic Giolla Íosa reacaire an chláir. Léiriú le Genefile Ltd.

Daoine Óga:

Wwoofáil California: Tá WWOOFÁIL ar ais do shraith eile agus beidh láithreoir aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig agus an t-aisteoir aitheanta Gavin Ó Fearraigh ag spailpínteacht i California! I Los Angeles a chuirfidh siad tús lena dturas agus déanfaidh siad a mbealach chomh fada le Farmer Leo’s in Encinitas ar chósta grianmhar California theas. Léiriú le Stirling Film and Television Productions.

Siamsaíocht:

Pioc do Ride: Sraith nua ina bhfuil cailín ag iarraidh a grá geal a aithint, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht atá ar fáil ina rogha gluaisteáin agus ina chumas mar thiománaí.  Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach eagrán agus an deis ag gluaisteánaí na bua an cailín a thabhairt amach chuig béile agus a gcaidreamh a dhlúthú…. Ach tá cor eile sa scéal mar go bhfuil de rogha ag an bhfear a roghnaítear an duais-chiste a chaitheamh ar a ghluaisteán agus gan bacadh leis an gcailín. Léiriú le El Zorrero Films.

Sraith Drámaíochta:

An Klondike: Sraith drámaíochta buachaillí bó ceithre chlár faoi na deartháireacha Connolly; triúr inimirceach as Éirinn a chuaigh as Montana go dtí an Yukon le linn Fuadar Óir na 1890idí le súil a saibhreas a dhéanamh. Sa chéad chlár, sroicheann na deartháireacha baile mianadóireachta Dominion Creek, áit a mbíonn achrann mór idir iad féin agus Jacob Hopkins, an fear atá i gceannas an bhaile. Léiriú le Abú Media.

Ealaíon:                                                                                          

Deargdhúil – Anatomy of Passion: Díríonn an scannán nua seo ar shaol agus shaothar Mháire an Mhac an tSaoi agus an réabhlóid a chuir sí ar bun i bhfilíocht na Gaeilge agus na hÉireann. Tráth go raibh guthanna na mban díbeartha go dtí imeall na litríochta an tsaoil in Éirinn, nochtaigh sí go dána taithí chollaí na mná sa Ghaeilge shaibhir thraidisiúnta a bhí tabhartha léi aici as a hóige ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Léiriú le Saoi Media.

Deir Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir gur maith an tomhais ar ardchaighdeán TG4 an roghna clár seo leis a bheidh páirteach sna babhtaí ceannais d’Fhéile na Mean Ceilteach 2016.  “Spreagann an Fhéile seo muid gach bliain”, a deir sé “agus muid i láthair ár gcomhghleacaithe as Albain, an Bhreatain Bhig, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus Manainn.  Tugann an gearrliosta seo ardú croí dúinn agus muid ag súil go n-éireoidh go geal leis na cláir seo agus iad in iomaíocht chairdiúil le saothair as na náisiúin eile sin.”