Preas
Comhghairdeas le foireann léirithe na gclár a thuill Gradaim IFTA 2015.
Gradaim IFTA 2015
23.10.15
D’éirigh go hiontach le saothar agus ceardaithe TG4 ag duaisbhronnadh IFTA 2015 i mBaile Átha Cliath aréir. Thug TG4 6 dhuais IFTA leis i réimsí na gclár faisnéise, spóirt agus ceoil, ina measc dhá dhuais do shain-scileanna na ceirde. Chuimsigh na duaiseoirí ag TG4 clár ar ról na mban in Éirí Amach 1916 agus Chogadh na Saoirse, clár cuimhneacháin ar chapall léim-ráis a thuill gean agus gradam lena linn, beo-chlúdach an chainéil ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2015 agus sraith-dhráma dorcha coiriúlachta.
Is iad seo a leanas duaiseoirí IFTA TG4 don bhliain 2015:
- SPÓRT: Arkle (Touchline Media)
- BEO-IMEACHT: Fleadh TV (Paul McKay)
- FÍORASACH SPEISIALTA: Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide (Genefile)
- GAEILGE : Corp +Anam (Magamedia)
- FUAIM (TEILIFÍS): John Brennan agus Mark Henry, Ceolchuairt (Magamedia)
- CEAMARA (TEILIFÍS): Colm Whelan, Áille an Uafáis (Tile Films)
Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóir éagsúla.
Thréaslaigh an tArdstiúrthóir, Pól Ó Gallchóir, a gcuid gradam IFTA leo sin a bhuaigh as a saothar do TG4. Dúirt sé gur cruthúnas eile ar ardchaighdeán leanúnach agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é. “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim,” a dúirt sé. “Táimid an-bhródúil as na hainmniúcháin IFTA a fuaireamar níos túisce i mbliana agus as na duaiseanna iontacha seo atá bronnta orainn anois. Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,” a dúirt an tArdstiúrthóir.