Preas
Guíonn TG4 gach ádh ar Cartoon Saloon agus iad ag tabhairt aghaidh go mórálach ar Ghradaim Oscars na seachtaine seo chugainn i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Táimid ar fad ar bís agus ag súil go mór gur ar a saothar draíochtúil Song of the Sea a bhronnfar an Oscar don Scannán Anamúlachta is Fearr.
Oscars 2015: Amhrán na Mara / Song of the Sea
12.02.15
Is cúis ar leith mórtais dúinn gur togra é seo a fuair cómhaoiniú ón tús ó TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann agus BSÉ. Beidh Amhrán na Mara, an leagan Gaeilge den saothar, léirithe ag Macalla Teo, ar taispeáint sna pictiúrlanna in Éirinn an samhradh seo chugainn ón 10ú Iúil.
Guímid gach beannacht ar an uile a bhí páirteach sa togra: na léiritheoirí, Cartoon Saloon agus an chliar aisteoirí, ina measc Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan, beirt a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí Gaeilge; agus Colm Ó Snodaigh agus Lisa Hannigan a chuir cuid d’fhuaimrian ceoil an scannáin ar fáil.
Is binn é Amhrán na Mara.