CRÁ
More on TG4
Oireachtas na Samhna 2024
Ar TG4, Aip TG4 & www.tg4.ie - Dé Céadaoin 30/10 go Dé Domhnaigh 03/11
Beidh clúdach cuimisitheach ó Oireachtas na Samhna 2024 i gCill Airne ar na hardáin de chuid TG4. I measc na gcraoltaí beidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, scoth na gComórtais Árdán do Dhaoine Fásta, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Lár Stáitse, Steip Beo, Corn Uí Riada agus 7 Lá.
TG4 will have extensive coverage from the Oireachtas na Samhna 2024 festival in Killarney. Amongst the broadcasts will be Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, the best of the Comórtais Árdán do Dhaoine Fásta, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Lár Stáitse, Steip Beo, Corn Uí Riada and 7 Lá.
Junior Eurovision 2024
¡Hola Enya! 10 Samhain @ 20:30 & Eurovision - Maidrid 16 Samhain @ 17:00
Is í Enya Cox Dempsey a bheidh ag canadh thar ceann na hÉireann agus tá sí ag fáil faoi réir don chomórtas ollmhór seo. Feicfear i “¡Hola! Enya!” mar a d’éirigh le Enya an comórtas náisiúnta a bhuachan agus í ag taifeadadh an Eurosong nua “Le Chéile”. Ansin, Dé Sathairn 16/11, mar iomaitheoir na hÉireann tógfaidh Enya an stáitse i Maidrid.
Ireland’s entry Enya Cox Dempsey is gearing up to sing to millions of people around Europe. A special episode “¡Hola! Enya!” follows her incredible journey from winning the national selection, to recording the brand new Irish Eurosong “Le Chéile”. Then on Saturday 16/11 Enya will take to the stage in Madrid representing Ireland.
Iniúchadh TG4
Bricí Lochtacha, Pobail Bhriste - Dé Céadaoin 6 Samhain @ 21:30
Tá sé deich mbliana ó tháinig scéal na mbrící lochtacha chun solais, fiosraíonn Kevin Magee na fadhbanna atá ag daoine leis an scéim cúitimh. Labhraíonn sé leo siúd atá ina gcónaí i dtithe atá ag titim as a chéile ach nach bhfuil in ann leas a bhaint as an scéim.
10 years on from the defective concrete blocks crisis Kevin Magee investigates the problems people are encountering with the redress scheme. He speaks to homeowners whose houses are crumbling with defective blocks but aren’t able to avail of the scheme.
Scoil Samhraidh Willie Clancy
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 24 Samhain @ 21:30
Scoth an cheoil thraidisiúnta ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2024. Beidh togha an cheoil agus comhráití spéisiúla le fáil sa tsraith seo. Bíonn gach gné den traidisún ar fáil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, na foghlaimeoirí, na damhsóirí, na hamhránaithe, ceoltóirí óga agus ceoltóirí gairmiúla.
This third series of the popular traditional music series brings the best of traditional music from the Willie Clancy Summer School in July 2024 and will feature entertaining performances and interesting conversation. The Willie Clancy Summer School represents all aspects of the tradition – the learners, the festival enthusiasts, the dancers, the singers, the discerning listeners, the young modern players and the professionals.
Éadaí SOS
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 13 Samhain @ 20:30
Tá Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn ar ais agus rún acu dearcadh an phobail a athrú maidir lena gcuid éadaí. Is féidir le nósanna siopadóireachta drochthionchar a imirt ar an timpeallacht. Cuireann Caoimhe agus Proinsias dúshlán roimh seisear atá gafa le faisean gasta, ag tacú leo a gcuid éadaí a athúsáid, a athchúrsáil agus a laghdú.
Éadaí SOS returns for a third series with presenters Caoimhe Ní Chathail and Proinsias Ó Coinn on a mission to get us thinking differently about our wardrobes. Caoimhe and Proinsias challenge six clothing-obsessed fashionistas to alter their shopping habits and embrace a more sustainable way of enjoying their passion for fashion.
Bailiúcháin Drámaíochta
Furia | All and Eva | Borgen | Call My Agent!
An drámaíocht is fearr ón Eoraip mar bhailiúcháin ar sheinnteoir TG4. www.tg4.ie
The best European Drama boxsets available on the TG4 Player. www.tg4.ie
Scannán: Cardboard Gangsters
Dé Luain 4 Samhain @ 21:30
(2017 Coirscéal/Drámaíocht) Is iad John Connors, Fionn Ó Loingsigh agus Kierston Wareing na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mark O’Connor. Bíonn grúpa stócaigh as Darndál ag iarraidh a bheith ina drongadóirí mar ceapann siad go dtagann airgead, cumhacht agus mná le saol an drongadóra.
(2017 Crime/Drama) Starring John Connors, Fionn Ó Loingsigh and Kierston Wareing. Directed by Mark O’Connor. A group of young Cardboard Gangsters attempt to gain control of the drug trade in Darndale, chasing the glorified lifestyle of money, power and sex.
Mo Pheata
Ag tosú Dé Céadaoin 6 Samhain @ 18:30 ar Cúla4 & www.cula4.com
Seo sraith faoi dhaoine óga agus a bpeataí. Rachaidh na láithreoirí Séaghan agus Faith Leigh ar fud na hÉireann chun bualadh le daoine óga agus a bpeataí. Beidh an-chraic agus spraoi acu fad a bhíonn a bpeataí ag dul san iomaíocht lena chéile agus beidh siad ag foghlaim chun aire mhaith a thabhairt dá bpeataí freisin.
‘Mo Pheata’ is a series about young people and their pets. Our presenters Séaghan and Faith Leigh will meet with young people and their pets from all over the country. They’ll have lots of fun as their pets compete and learn how to care for their own pets at home.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv