Misneach
More on TG4
Na Builders

NUA - Ag tosú Déardaoin 20 Márta @ 21:30
Tá níos mó ná 160,000 duine fostaithe san earnáil tógála in Éirinn. Feicfear cuid de na daoine sin i mbun oibre sa tsraith seo agus iad ag tógáil agus ag athchóiriú ar fud na tíre.
There are over 160,000 people employed in the construction industry in Ireland. These people build, renovate and reimagine our countryside and our towns. These are their stories.
Sonas

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 19 Márta @ 20:30
Tugann Áine Ní Bhreisleáin léargas ar earnáil na folláine in Éirinn, dírítear ar an gcorp, ar an aigne agus ar an anam. Tá athrú mór tagtha ar shaol Áine le bliain anuas agus í ag iarraidh sásamh a bhaint as an saol. Beidh Áine féin ag baint triail as na teiripí agus na táirgí is deireanaí agus casfaidh le daoine atá ag tóraíocht an tsonais.
Áine Ní Bhreisleáin explores the Wellness Industry in Ireland – body, mind and soul. Áine has been on a journey of change over the past year with a pivot in career as she tries to find more balance in her life. Follow Áine as she tries the latest therapies and treatments and meets with people who have changed their lives in the pursuit of happiness.
Geantraí

An Ghlúin Úr - Dé Domhnaigh 16 Márta @ 21:30
Rinneadh taifeadadh ar an eagrán speisialta seo de Gheantraí ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe. Beidh níos mó ná 100 ceoltóir ón Music Generation Trad Collective ar an gclár chomh maith le breis is 100 amhránaí ó Chór Scoileanna na Gaillimhe. Cloisfear togha an cheoil ón chéad ghlúin eile de cheoltóirí na tíre.
This special episode of Geantraí comes from the Galway Tradfest which took place in University of Galway’s Kingfisher Hall. The programme will showcase over 100 instrumentalists from the Music Generation Trad Collective and these performers will also be joined by over 100 members of the Galway Schools Choir. The next generation of Geantraí musicians will give us a feast for the senses.
Pobal Ráth Chairn

NUA - Ag tosú Déardaoin 20 Márta @ 20:00
Tá Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí i gContae na Mí. Bunaíodh an ceantar Gaeltachta seo nuair a d’aistrigh daoine as Conamara soir in 1935. Tabharfar léargas ar phobal bhríomhar Ráth Chairn sa tsraith seo, feicfear na gnéithe den saol is tábhachtaí dóibh agus mar a chaomhnaíonn siad traidisiúin agus cultúir na tíre i Ráth Chairn Glas na Mí.
Ráth Chairn is located between Trim and Athboy in County Meath. This Gaeltacht area was founded in 1935 when a courageous group from Conamara moved east. In this series, we will get an insight into what drives this vibrant and creative community, the aspects of life that are most important to them, and how they preserve their traditions in Ráth Chairn Glas na Mí.
Glór Tíre

NUA - Ag tosú Dé Máirt 4 Márta @ 21:30
Beidh ochtar san iomaíocht sa tsraith nua seo agus beidh togha an cheoil tíre le cloisteáil. Is iad Cliona Hagan, Mike Denver, David James agus The Tumbling Paddies a bheidh i mbun meantóireachta agus ar ndóigh is deas uathu siúd amhrán a chasadh freisin. Beidh aoi-mholtóir nua i dteannta Jó agus Caitríona chuile sheachtain. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.
Ireland’s only country music competition series is back, this year we are featuring some of the biggest names in country music and eight new faces will be competing throughout. Cliona Hagan, Mike Denver, David James and The Tumbling Paddies are the mentors this year. Our resident judges Jó and Caitríona will be joined by a guest judge each week. Presented By Aoife Ní Thuairisg.
Ceolaireacht

NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 2 Márta @ 21:30
Téann Doireann Ní Ghlacáin ar thuras ceoil eile chuig ceithre cheantar in Éirinn agus in Albain agus í sa tóir ar chuisle an cheoil sna ceantair sin. Is mian le Doireann eolas a chur ar na ceoltóirí, an ceol agus an stíl a bhaineann leis na ceantair áirithe seo. Rachaidh sí go Béal Feirste, deisceart Liatroma, Loch Garman agus thar sáile go Glaschú.
Doireann Ní Ghlacáin takes to the road once again, in search of the pulse of traditional Irish music in four areas around Ireland and Scotland. Doireann travels to seek out the musicians, what they are playing, who went before them and to hear the regional style they play. She goes on a search of the heart of the music in Belfast, south Leitrim, Wexford and across the sea to Glasgow.
Sacar na mBan Beo

BEO - Ag tosú Dé Sathairn 8 Márta @ 16:25
Tá Sacar na mBan Beo ar ais ar TG4 do shéasúr eile cluichí i bPríomhroinn Sacair na mBan. Beidh Máire Treasa Ní Cheallaigh agus Darren Ó Dubhgáin ag cur cuid den aicsean is fearr sa roinn i láthair.
Sacar na mBan Beo is back with another season of games from the Women’s Premier Soccer Division. Join Máire Treasa Ní Cheallaigh and Darren Ó Dubhgáin for all the best action.
Seachtain na Gaeilge & Lá Fhéile Pádraig

Seinnliostaí ar Cainéal YouTube Cúla4 - www.youtube.com/@Cula4
Seinnliostaí lán le spraoi atá foirfe le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus La Fhéile Pádraig! Scéalaíocht, amhránaíocht, spórt agus cluichí… tá rud éigin ann do chuile duine ar chainéal YouTube Cúla4.
Fun-filled playlists that are perfect for celebrating Seachtain na Gaeilge and St. Patrick’s Day! From storytelling and singing to sports and games, there’s something for everyone on the Cúla4 YouTube channel.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv