Scannán Cine4: Tarrac
More on TG4
An Bothy Band
NUA - Dé Domhnaigh 31 Márta @ 21:30
Tá The Bothy Band, an banna ceoil thraidisiúnta is iomráití in Éirinn, ar ais in éineacht do chlár faisnéise speisialta. I 1974 a tháinig an banna ar an bhfód agus cé nach raibh siad baileach cúig bliana in éineacht d’éirigh leo 4 albam, a raibh an-mholadh orthu, a eisiúint agus clú ollmhór a bhaint amach.
The Bothy Band, Ireland’s foremost traditional music band reunite for a special documentary. The Bothy Band burst into life in late 1974 and although their star radiated for barely five years they released 4 albums to wide critical acclaim, gaining enormous popular status.
Téacs Taistil
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 6 Márta @ 21:30
An tsraith taistil a thabharfaidh an lucht féachana sa mbaile ar aistear ón tolg go ceann scríbe ar leith ar feadh uair an chloig gach seachtain. Tá an triúr ar ais – Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn agus mura bhfuil siad siúlach scéalach! Is sraith spraíúil ghéimiúil eile a bheidh sa dara sraith seo.
Building on the success of last season, Téacs Taistil transports us from our couches to a different destination each week, for a funny, inspirational and entertaining 52-minute escape. Our three presenters / Instagrammers Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn have proven to be the perfect fit for this entertaining travel show.
Contractors
NUA - Ag tosú Déardaoin 21 Márta @ 21:30
Sraith faoi 8 gcriú conraitheoirí talmhaíochta as Co. na Mí, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, an Cabhán agus Dún na nGall a oibríonn go dícheallach i dtionscal na feirmeoireachta in Éirinn. Tá an tionscal agus feirmeoirí ó cheann ceann na tíre ag brath ar chonraitheoirí de chineál seo ach ní gan dua ná anró a oibríonn siad.
Featuring 8 contracting crews from Meath, Waterford, Cork, Kerry, Cavan and Donegal the series highlights their professional challenges, the high and lows of their daily routine and their hopes and dreams, presenting a no-holds barred portrait of 8 extraordinary crews for hire – all members of an agricultural sub-economy without which farming would not be possible.
Meitheal Mara Chorca Dhuibhne
NUA - Ag tosú Dé Máirt 5 Márta @ 19:30
Bhí cáil riamh ar Chorca Dhuibhne mar cheantar láidir iascaigh. Tá daoine sa gceantar atá fós ag baint slí bheatha as an bhfarraige agus sa tsraith seo casaimíd le hiascairí Chorca Dhuibhne, lena muintir agus leis an bpobal, agus iad i mbun a gcuid oibre – iad thuas seal thíos seal ag dul i ngleic le dris chosáin ón aimsir go maorlathas na n-údarás.
The sea has nourished the people of the Dingle peninsula for generations. People still make their livelihood from the sea and in this series we follow the fishing community of Corca Dhuibhne, their families and friends as they carry out their work over the fishing season from March to October.
Glór Tíre
NUA - Ag tosú Dé Máirt 12 Márta @ 21:30
Sraith nua de Glór Tíre! Beidh cuid de na hoirfidigh is mó sa gceol tíre linn do shraith na bliana seo chomh maith le hochtar iomaitheoirí nua. Cuirfear tús leis an tsraith le ceithre cheolchoirm leis na meantóirí – Michael English, Claudia Buckley, Jim Devine agus Johnny Brady – a chuirfidh a gcuid iomaitheoirí in aithne dúinn.
Introducing the latest instalment of Glór Tíre. This season promises to showcase both established stars and fresh talent, as eight new contenders take the stage in pursuit of glory. Kicking off with four concert episodes, mentors Michael English, Claudia Buckley, Jim Devine, and Johnny Brady will dazzle audiences with performances and introduce their respective proteges.
Ag Triall ar an Tobar
NUA - Ag tosú Déardaoin 14 Márta @ 20:00
Rachaidh Manchán Magan fud fad na tíre ag tumadh sa mhiotas, sa bhéaloideas agus sna scéalta daonna a bhaineann le suíomhanna uathúla ár dtoibreacha beannaithe. Ó nósanna págánacha go ré na Críostaíochta, tá na suíomhanna seo fréamhaithe go smior i stair na hÉireann.
A new 6-part documentary series that dives into the myths and legends associated with Ireland’s Holy wells and asks what is it about these therapeutic landscapes that retain a presence in today’s world? In each episode Presenter Manchán Magan uncovers holy wells that have been sites of worship and prayer for centuries and are still visited today for those seeking comfort and peace.
Uan Uladh
NUA - Dé hAoine 15 Márta @ 20:00
Scéal an Ollaimh Úna Ní Fhaircheallaigh, banlaoch dearmadta, a throid ar son comhionannais agus ar son athbheochan na Gaeilge. Déanann Clíodhna Ní Chorráin iniúchadh ar shaol agus ar oidhreacht Úna Ní Fhaircheallaigh, a rugadh in 1874, bean ar leith a raibh aisling aici le fís útóipeach a bhaint amach d’Éirinn.
The story of a forgotten heroine, Professor Úna Ní Fhaircheallaigh, who fought for equality, justice and the revival of the Irish language. Clíodhna Ní Chorráin explores the life and legacy of Úna Ní Fhaircheallaigh, who was born in 1874, and was a remarkable visionary and strove to realise a utopian vision for Ireland.
Siar Linn
Ag tosú Dé Céadaoin 27 Márta @ 17:00 ar Cúla4 & cula4.com
Cén chaoi a raibh an saol fadó? Céard a d’ithidís? Cén chaoi a ndéanaidís spraoi? Agus eh…cá dtéidís chuig an leithreas…? Fáilte chuig Siar Linn, an seó ina gcuirfear eolas ar ré ar leith sa stair trí chluichí éagsúla a imirt.
How was life in the olden days? What did they eat? How did they play? And eh… where did they go to the toilet…!? Welcome to Siar Linn, the game show where we explore a different era of history with tasks and challenges.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv