Tour de France Beo
More on TG4
Peil na mBan Beo
Cluichí Ceathrú Ceannais 6 & 7 Iúil agus na Cluichí Leathcheannais 20 Iúil
Craoladh beo ar na Cluichí Ceathrú Ceannais agus Cluichí Leathcheannais na hÉireann de Chraobh TG4 i bPeil na mBan. Dé Sathairn 06/07 – 13:00 Corcaigh v Port Láirge , 17:15 Ciarraí v An Mhí , 19:30 Áth Cliath v Gaillimh. Ansin, Dé Domhnaigh 07/07 – 17:45 Ard Mhacha v Maigh Eo. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin.
Live coverage of the quarter finals and semi-finals in the Ladies Football TG4 Championship. Saturday 06/07 – 13:00 Cork v Waterford , 17:15 Kerry v Meath , 19:30 Dublin v Galway. Sunday 07/07 – 17:45 Armagh v Mayo. Presented by Máire Ní Bhraonáin.
Broken Kids: The Untold Story of Young Athletes
NUA - Déardaoin 25 Iúil @ 21:30
Ní bhíonn an deis ag daoine óga sult a bhaint as a n-óige nuair a leagtar saol mar ghleacaithe, snámhaithe, scátálaithe, imreoirí haca, leadóige nó peile amach dóibh. Déantar fiosrúchán idirnáisiúnta sa gclár seo a thugann léargas ar thraenáil chruálach ar fud an domhain. Bíonn na gasúir seo ag fulaingt ar mhaithe le boinn a bhuachan.
They are future gymnasts, swimmers, skaters, hockey, tennis or football players, their childhood is sacrificed on the altar of high-level sport. This edifying international investigation lifts the veil on the globalization of inhumane training methods where children pay the price for our appetite for medals.
42 to 1
NUA - Déardaoin 18 Iúil @ 22:30
Ar an 11ú Feabhra 1990 bhí bua gan choinne ag James “Buster” Douglas ar Mike Tyson i dTóiceo. Ba é Tyson rogha na coitiantachta agus ceapadh nárbh fhéidir é a bhualadh ach throid Douglas go fíochmhar agus ba é an chéad duine riamh a fuair an ceann is fearr ar Tyson.
This documentary chronicles one of the greatest sporting upsets in history, when James “Buster” Douglas handed Mike Tyson his first-ever defeat. Tyson was the 42-to-1 favourite, with most fans and pundits absolutely sure that he was invincible. But Douglas, motivated by personal tragedy, fought the fight of his life and on February 11, 1990, the impossible happened in a boxing ring in Tokyo.
Inis na nIontas
Bailiúcháin Iomlán ar Sheinnteoir TG4 (Boxset)
Ó Reachlainn ó thuaidh go Cléire ó dheas, tá stair agus miotaseolaíocht ag baint leis na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. Ach tá fiadhúlra agus pobal ar leith daoine ag baint leis na hoileáin chéanna. Tabharfaidh Ardal O’Hanlon faoi thuras chun stair, fiadhúlra agus lucht na n-oileán seo a fhiosrú.
From Rathlin in the north to Cape Clear in the south, the islands off the coast of Ireland have long been a source of inspiration and of myth. But they’re home to a rich diversity of wildlife too – and a wide range of people. In this series, Ardal O’Hanlon takes us on a fascinating journey, unearthing the history, observing the wildlife and meeting the islanders trying to live in harmony with their extraordinary environment.
Sacar na mBan Beo
BEO - Dé Sathairn 13/07 & 27/07
Craoladh beo ar Sligo Rovers in aghaidh Shelbourne FC i mbabhta 13 de Príomhroinn na mBan ar an Satharn 13 Iúil. Ansin ar an Satharn 27 Iúil tabharfaidh Peamount United aghaidh ar Athlone Town i mbabhta 14. Á chur I láthair ag Máire Treasa Ní Cheallaigh.
Live coverage of Sligo Rovers vs Shelbourne FC in round 13 of the Women’s Premier Division on Saturday 13 July. Then on Saturday 27 July Peamount United take on Athlone Town in round 14. Presented by Máire Treasa Ní Cheallaigh.
Tarrthálaithe na hÉireann
Bailiúcháin Iomlán ar Sheinnteoir TG4 (Boxset)
Meallann sléibhte, farraigí agus cósta na hÉireann daoine ar saoire, siúlóirí agus iad siúd atá sa tóir ar an eachtraíocht. Ach i bhfaiteadh na súl, is féidir le cúrsaí dul in aimhréidh. Sa tsraith seo, leanfaimid fir agus mná cróga Gharda Cósta na hÉireann, na foirne tarrthála sléibhe agus báid tarrthála phobail timpeall na hÉireann.
Ireland’s mountains, seas and coastline provide an irresistible draw for holiday makers, hikers and those seeking adventure. But things can go wrong in the blink of an eye. In this series, we follow the brave men and women of the Irish Coast Guard, mountain rescue teams and community rescue boats across Ireland.
Call My Agent!
NUA - Sraith 2 Ag tosú Dé Céadaoin 10/07 - Sraith Iomlán ar Sheinnteoir TG4
Is mór an faoiseamh do ASK é go bhfuil duine éigin ar tí an ghníomhaireacht a cheannach. D’éirigh le Andrea a chur in a luí ar fhear gnó óg darbh ainm Hicham Janowski infheistíocht a dhéanamh. Ach ní mhaireann an faoiseamh i bhfad. Is fear spadhrúil guagach é Janowski agus ní fada go mbíonn an fhoireann trína chéile aige.
Relief for ASK! The agency has finally found a buyer: Andrea convinced Hicham Janowski, a young businessman who recently became a millionaire to invest in the agency. However, the relief is short-lived. Behind the success story lies an impulsive and unpredictable man who quickly ruins the precarious harmony the small team had finally established.
Breithlá SpongeBob SquarePants
Dé Domhnaigh 14 Iúil - Maratón (14 uair)
An bhfuil tú réidh le breithlá SpongeBob SquarePants a cheiliúradh linn ar an 14 Iúil? Tá ríméad ar Cúla4 eipeasóidí de SpongeBob a chraoladh ceann i ndiaidh a chéile ar feadh 14 uair a chloig ag tosú ag 6am. Tabhair cuairt ar an domhan faoi thoinn agus ar do chairde ar fad in Bikini Bottom!
Get ready to celebrate SpongeBob SquarePants’ birthday with us on July 14th! Cúla4 is thrilled to bring you a spectacular 14-hour marathon of back-to-back SpongeBob episodes, starting at 6 AM. Dive into the underwater adventures of Bikini Bottom with all your favourite characters!
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv