Fotheidil
Tá Fotheidil ar ar fáil ag TG4 do réimse clár. Tugtar eolas ar an leathanach sceidil faoi an chineál fotheideal atá ar fáil do gach clár, de réir mar a mínítear thíos.
Fotheidil Ros na Rún
Dé Máirt & Déardaoin 20:30
NÍL fotheidil ar scáileán ar an chraoladh seo. Tá Fotheidil BHÉARLA ar fáil má roghnaíonn tú Subtitles ON ar do theilifís
An Ollchlár Dé Domhnaigh agus an craoladh ag 23:30 Dé Máirt & Déardaoin
Tá fotheidil BHÉARLA ar scáileán (agus tá FOTHEIDIL GHAEILGE ar fáil mar rogha má roghnaíonn tú Subtitles ON ar do theilifís)
** Seo na h-eagráin is oiriúnaí le Series Record a dhéanamh orthu nó le Fotheidil Ghaeilge a fháil orthu
ROS na RÚN ar an Seinnteoir (Catch Up)
Sa gcás seo tá Rogha agat na Fotheidil a roghnú as Gaeilge nó as Béarla
Feicfidh tú ins na Billings Reatha, cé acu cineál fotheidil atá ar fáil le gach clár (má tá fotheidil leis)
- Má tá TS scríofa = Fotheidil ar Teilitéacs
- Má tá OS scríofa = Fotheidil Oscailte ar Scáileán (Béarla)
- Má tá GS scríofa = Fotheidil Gaeilge ar Teilitéacs
- Má tá OS & TS = fotheidil Bhéarla oscailte ar scáileán agus leanfaidh fotheidil Bhéarla dúnta ar scáileán do na bodhair.
- Má tá OS & GS = fotheidil oscailte Bhéarla ar scáileán agus fotheidil Gaeilge ar fáil ach “Fotheidil” a roghnú ar do ghaireas.
Mar shampla faoi láthair, tá fotheidil Ghaeilge ar Teilitéacs le fáil ar roinnt ábhar do pháistí (m/sh Saol faoi Shráid agus Garfield.) agus ar Ros na Rún. Chun teacht ar fhotheidil dhúnta TS nó GS; is gá S a roghnú nó 888 a roghnú ar teilitéacs.
Fotheidil ar Seinnteoir TG4:
Tá athrú ar an seirbhís fotheidil ar an seinnteoir anois. Is féidir na fotheidil a mhúchadh más mian.
Le fotheidil a chasadh as, brú cc ag bun an scáileáin sa seinnteoir.
Má tá fotheidil Ghaeilge againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal Béarla
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó leaganacha níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin do árdán a uasghrádú.
Measaimid gur chun tairbhe ár lucht féachana iad na hathruithe seo. Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.