Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Comórtas Wilde Aparthotels URC

Wilde Aparthotels

Tabhair léim Oscartha ó chathair go cathair….
 
Éirim agus eagna Oscar Wilde, chomh maith leis an tóir a bhí aige ar shaol na bhfuíoll, is ábhar spreagtha ag Wilde Aparthotels. Ní shéantar an dánaíocht ná an leithleachas. Tá sofaisticiúlacht ag baint le gach árasán Wilde, mar atá spraíúlacht; praiticiúlacht, mar atá sainiúlacht; míneadas, mar atá beocht mheon na nÉireannach. Le gnéithe áisiúla de leithéid na gcistinéad lánfheistithe, áis níocháin, seomraí aclaíochta, beáranna sna hóstáin agus deasc fáilte 24 uair a chloig, tá cumasc sármhaith in Wilde Aparthotels idir neamhspleáchas an árasáin agus só sultmhar an óstáin.
 
Tá cuma na linne ar an áit ar fad, bailchríoch shármhaith ar gach ní. Is iad na brandaí is airde clú agus na deiseanna teicneolaíochta is nuaí atá in úsáid. Ní hé amháin go sásaítear do chuid mianta in Wilde Aparthotels, sáraítear ar gach bealach iad. Tá tochtanna compordacha sócúla de dhéanamh Hypnos sna hárasáin, cithfholcadáin ollmhaitheasa, meaisíní Nespresso, córas aerchóiriúcháin, dallóga agus soilse faoi stiúradh le méarphainéal chomh maith le sólaistí dea-mhéine do gach aoi.
 
Níl a shárú ar fáil maidir le suíomh i lár cathrach. Tá ceithre cinn de na hárastáin i Londain suite san áit a mbíonn trácht agus tarraingt na ndaoine i Covent Garden, Paddington, Aldgate Tower Bridge agus Liverpool Street. I mBeirlín, tá Wilde Aparthotels buailte ar Checkpoint Charlie agus tá láthair iontach in Grassmarket freisin i nDún Éideann. Tá árastán againn ar láthair ríthaitneamhach ar St. Peter’s Square i Manchain, díreach le taobh na dánlainne ealaíne agus an tramstaid. Beidh árastáin nua á n-oscailt go gairid freisin agus faoi beidh Wilde Aparthotels le fáil in Amstardam, i Liospóin agus in Porto faoin mbliain 2025. Is cuma cén chathair í, cuirtear cóir, le barr cúraim agus éirime, ar gach aoi in Wilde Aparthotels a fhágann taitneamh mór agus sásamh acu as gach seal inár gcuideachta.

 


 


 

Cláraigh mar bhall de Wilde agus beidh lascaine 10% le fáil agat ag aon cheann dár gcuid ionad gach uair a gcuirtear lóistín san áireamh díreach linn ag www.wilde.com.
*T&C’s i bhfeidhm
 
Le haghaidh tuilleadh eolas a fháil faoi Wilde Aparthotels téigh chuig

www.wilde.com

 


An Duais

Tá Wilde Aparthotels ag tabhairt seans dhuit “2 oíche lóistín saor in aisce” a bhuachaint ag aon cheann dá gcuid ionad le haghaidh gach cluiche beo ar TG4. (T&C’s i bhfeidhm)
 


 


Téarmaí & Coinníollacha – Wilde Aparthotels

  • Tá lóistín ag brath ar an soláthar
  • Gheobhaidh buaiteoirí an chomórtais dearbhán lóistín “Dhá Oíche Saor in Aisce”
  • Níl na dearbháin lóistín saor in aisce bailí le linn buaicthréimhsí
  • Ní féidir an tairiscint a bhabhtáil ar airgead tirim agus níl sí inaistrithe
  • Tá na dearbháin lóistín saor in aisce bailí go ceann bliana tar éis an dáta eisiúna
  • Baineann an dearbhán lóistín saor in aisce le hárasán stiúideo nó árasán aon seomra amháin (i gcás go bhfuil ceann ar fáil san ionad Wilde Aparthotels a roghnaítear. Áit chodlata do bheirt ar a mhéad atá i gceist).
  • Ní féidir na dearbháin lóistín saor in aisce a úsáid ach le haghaidh aon chuairt amháin
  • Ní mór an lóistín a chur in áirithe ceithre seachtaine ar a laghad roimh an dáta a mbeidh tú ag teacht
  • Lóistín agus sin amháin atá i gceist leis an tairiscint seo, agus is lóistín a bhaineann leis an mbranda Wilde Aparthotels atá i gceist (ní bhaineann sí le branda Staycity Aparthotels).

 


Buaiteoirí

David Murray, Laois
Clodagh Kenny, Áth Cliath
Moya Vallely, Gaillimh