Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Tús & Céim Eile

1. Tús

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn
(12 nóiméad ar a mhéad)

 
Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.
 
Is é aidhm an chomhthionscnaimh seo, ‘Tús’ ná drámaíocht nua i nGaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus chun tacú le guthanna éagsúla cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag céim luath dá ngairmeacha, lena n áirítear cur chuige “Súil Eile”. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.
 
Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na scéalta seo ar an lucht féachana náisiúnta anseo in Éirinn agus ar an lucht féachana domhanda araon agus go dtabharfaidh siad léargas ar scéalaíocht nua agus éagsúil, ar phobail nua agus éagsúil agus ar shochaí na linne. Ba cheart do na drámaí a bhfuil scripteanna leo a bheith idir 10 agus 12 nóiméad ar fad.
 
Roghnófar suas le deich dtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €6,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.
 
Bronnfar €30,000 an ceann ar suas le trí script gearrfhoirme as na deich gcinn a bheidh ar an ngearrliosta chun a scannán a léiriú.

 
 

2. Céim Eile

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán leathuaire do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn
(25 – 30 nóiméad)

 
Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.
 
Is é is aidhm leis an tionscnamh i gcomhar ‘Céim Eile’ ná ugach a thabhairt do dhaoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag teacht chun cinn. Ní mór cainteoirí líofa Gaeilge a dheimhniú in iarratais tionscadail. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le dheimhniú in iarratais tionscadail. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirian scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.
 
Ba chóir do na scéalta a bheith éagsúil, nuálach, uaillmhianach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige.
 
Roghnófar suas le hocht dtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €15,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.
 
Roghnófar trí thionscadal sa deireadh thiar le dul i mbun léirithe a mbeidh buiséad €100,000 an ceann i gceist leis.

 

Is é príomhaidhm an chiste:

  1. Daoine cumasacha nua a spreagadh
  2. Éagsúlacht, Cothromas & Ionchuimsiú
  3. Scríobh scripteanna i nGaeilge a spreagadh
  4. Lucht féachana náisiúnta agus domhanda a mhealladh i dtreo scéalta Gaeilge.
  5. Deis, Meantóireacht, Oiliúint a chruthú tríd an nGaeilge

 

Ba cheart iad seo a leanas a áireamh in iarratais:

  • Teideal
  • Sluán agus Gné Uathúil Dhíolacháin
  • Buntuiscint agus téama
  • Gearrchuntas – inis an scéal i d’fhocail féin
  • Cén fáth a dteastaíonn an t-ábhar seo ó TG4
  • Seánra
  • An lucht féachana molta
  • Cur síos ar na príomhcharachtair agus ar a n-aistear
  • An Fhoireann Chruthaitheach

Ní mór comhlacht léiriúcháin a bheith páirteach san iarratas ón tús.