Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Glúin Nua

Tá Glúin Nua ar ais! Tá BLOC ar bís le scláta d’ábhar úr, nuálaíoch, siamsúil, gearr-fhoirme a choimisiúnú dírithe go hiomlán ar ár leantóirí idir 16-34 bliain d’aois. Déan dearmad ar ghramadach na teilifíse, seo ciste maoinithe d’ábhar do na hardáin shóisialta a bhrisfidh na rialacha sin agus cúpla cinn eile (tá súil againn ;-)….
Le cuisle cultúir óige na hÉireann ag preabadh go láidir ann, cruthófar an t-ábhar digiteach seo leis na luachanna léirithe is airde, go príomha d’ardáin BLOC TG4 (Cainéal YouTube, IGTV, TikTok srl). Beidh an t-ábhar is feiliúnaí le craoladh ar an Seinnteoir agus ar chainéal teilifíse TG4 chomh maith.
Faoi stiúir agus faoi mheantóireacht na gcomhlachtaí léiriúcháin, is mian linn glúin nua scéalaithe a thabhairt chun cinn a bhfuil fís ar leith acu don ábhar seo. Táimid sa tóir ar thallann úr idir stiúrthóirí, scríbhneoirí agus daoine nua ar scáileán a thabharfaidh fuinneamh agus dearcadh nua dúinn: Cruthaitheoirí ábhair a bheas in ann ábhar samhailteach a chur ar fáil a léiríonn ábhar spéise agus eispéiris saoil na glúine ilghnéithí Gaelaí seo – Gen Z agus fiú na Mílaoisigh (tá sibhse mar chuid de phobal BLOC freisin!)
 
Ba chóir go mbeadh na smaointe nuálach, uaillmhianach, cruthaitheach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige de agus go mbeadh sé mar aidhm acu an aoisghrúpa seo a chur ag gáire, ag machnamh, ag argóint agus ag caint linn. Ní mór gach coincheap oibriú go nádúrtha i nGaeilge agus iad a bheith léirithe go príomha dóibh sin a labhraíonn í go rialta. Ba cheart go dtarraingeodh ár n-ábhar na súile agus an lucht féachana is mó ar na hardáin meán sóisialta agus go mbeadh an t-ábhar ag sruthú taobh leis an ábhar is fearr i dteanga ar bith #Gaeilge
 
Táimid ag lorg sraitheanna go príomha a bheidh idir 3-6 chlár agus 2-10 nóiméad ar fad, ach táimid sásta smaointe láidre aonair gearrfhoirme a bhreithniú chomh maith. Tá spéis ar leith againn sna seánraí seo a leanas:
 

  • GREANN/DRÁMAÍOCHT GHRINN: Is féidir leis seo a bheith ina dráma a bhfuil script leis, sceitsí ardchaighdeánacha, scigscannán faisnéise nó eile. Táimid ag lorg ábhar gearrfhoirme atá ábharach don ghlúin seo a mbeidh fonn orthu é a roinnt lena chéile. Teastaíonn scríbhneoireacht chliste, ghéar, agus theolaí agus tá tallann den scoth ar an scáileán ríthábhachtach. Siamsaíocht is mó a mheallann lucht féachana Gen Z mar sin tabhair sin dúinn le bhur dtoil – Bí dána, bí spraíúil agus bain gáire asainn….
  • FAISNÉIS: Sraitheanna nó scannáin aonair, cruthaithe don mhúnla gearrfhoirme, le scéalta láidre ábhartha agus carachtair/guthanna a rachaidh i bhfeidhm ar ár sprioclucht féachana. Tá muid ag iarraidh scéalta físiúla, barántúla, croíúla agus cruthaitheacha a thugann léargas ar an taithí saoil, ábhar spéise agus paisin atá ag an sprioclucht féachana. Scéalta a thabharfaidh dúshlán don méid a bhfuilimid ag súil leis, a chuirfidh ag smaoineamh muid agus a n-ardóidh ár gcroí. Ní gá d’ábhar faisnéise a bheith dáiríre i gcónaí!
  • SIAMSAÍOCHT FHÍORASACH: Táimid sa tóir ar smaointe nuálacha, ardaidhme le téamaí láidre agus tallann láidir atá paiseanta faoin ábhar. Is féidir leis a bheith ina shainshraith fhíorasach, formáid úr shiamsúil nó gné nua chruthaitheach a thugann léargas ar leith ar an gceol, na healaíona, ar chúrsaí faisin, taistil, beatha nó treochtaí na linne.
  • ÁBHAR REATHA/TREOCHTÁIL: Tá spéis láidir ag Gen Z i ngach atá ag tarlú timpeall orthu sa domhan. Ach ní bhreathnaíonn siad ar Nuacht nó Cúrsaí Reatha mar a rinne na glúnta rompu – Ní gá dúinn ach TikTok a oscailt leis sin a thuiscint! Mar sin tá muid sa tóir ar shraith a bheas in ann na scéalta is mó cainte agus is ábhartha a chur os comhair lucht féachana dílis BLOC.

 
Ach fan soicind! B’fhéidir go bhfuil smaoineamh agat nach luíonn leis an méid thuas – má tá cur chugainn é le bhur dtoil…
 
Tá tacaíocht arb fhiú €90,000 í faighte ag an gciste seo ó chomhpháirtíocht idir TG4, ILBF agus Údarás na Gaeltachta agus i gcomhar le Gréasán na Meán agus é mar aidhm leis tacú le tallann nua sa tionscal.