Traenáil & Forbairt
Dianchúrsa Traenála do Láithreoirí sa Réimse Ábhar do Dhaoine Óga
Spriocdháta: 13ú Samhain 2024
An cainteoir líofa Gaeilge tú a bhfuil féith na cruthaitheachta agus na scéalaíochta go smior ionat?
An dtaitneodh leat a bheith ar an gcéad réalta mór eile ar an teilifís don lucht féachana óg?
Foghlaim ó na gairmithe is fearr sa tionscal, déan do láithreacht ar an scáileán a fhorbairt agus foghlaim na sárscileanna a theastaíonn chun aird an lucht féachana óig a mhealladh – gan ach cúpla réimse a lua.
Cibé más ag cur seónna beo fuinniúla agus spraíúla i láthair atá tú, nó más i mbun agallamh nó ag cruthú ábhar digiteach ceannródaíoch atá tú, tabharfaidh an clár seo na scileanna duit chun go mbeidh tú ábalta taitneamh a bhaint as tírdhreach na meán Gaeilge atá ag dul i méid.
Léargas Ginearálta ar an gCúrsa
- Dianchúrsa oiliúna a bheidh ar siúl go luath sa bhliain 2025 atá saincheaptha do chainteoirí líofa Gaeilge (os cionn 18 mbliana d’aois) ar mhaith leo a bheith ina láithreoirí teilifíse sa réimse ábhar do leanaí.
- Níl aon táille i gceist leis an gcúrsa agus tá mar aidhm leis a chinntiú go mbeidh na rannpháirtithe go léir ábalta fostaíocht a fháil sa tionscal i ndiaidh dóibh an cúrsa a chríochnú.
Cuspóirí
- Oiliúint phraiticiúil a chur ar fáil i gcláracha teilifíse a chur i láthair, go háirithe cláracha do leanaí.
- Muinín, láithreacht ar an gceamara agus scileanna cumarsáide na rannpháirtithe a fheabhsú, ag díriú ar bheith tarraingteach do lucht féachana óg.
- Comhairle a thabhairt do na rannpháirtithe ar an gcaoi le fostaíocht a fháil i dtionscal na teilifíse nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe.
Iarrthóirí Foirfe
- Os cionn 18 mbliana d’aois
- Cainteoirí líofa Gaeilge
- Beidh an-spéis ag iarrthóirí sna meáin agus sa chumarsáid, go mór mór in ábhar a chruthú do dhaoine óga.
- Beidh siad díograiseach agus spreagtha, agus sásta iad féin a thiomnú do chlár oiliúna dian, a bhogann ar aghaidh go tapa.
Chun iarratas a dhéanamh, seol físeán gearr duit féin ag insint cén fáth gur mhaith leatsa a bheith i do láithreoir agus freastal ar an dianchúrsa oiliúna Cúla4 chuig cursa@tg4.ie
Spriocdháta: 13 Samhain 2024