Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Saoráil Faisnéise

 

Fáilte chuig leathanach Saorála Faisnéise TG4

Is de réir cheanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, (Acht FOI) a fhoilsítear an treoir seo maidir le TG4 agus a pholasaithe. Ceanglaíonn Alt 15 ar gach comhlacht poiblí treoir maidir lena struchtúr, a chuid feidhmeanna agus a sheirbhísí a fhoilsiú. Faoi Alt 16 den Acht ní mór do gach comhlacht poiblí na nósanna imeachta agus na cleachtais faoina ndéanann sé cinntí a fhoilsiú.

Déantar páirtmhaoiniú ar TG4 le hairgead poiblí ón táille ceadúnais agus creidimidne gur chóir polasaithe agus oibríochtaí TG4 a bheith ar fáil lena scrúdú go poiblí agus gur léiriú go bhfuil teacht ag an bpobal ar ár dtaifid go gcomhlíonaimid an fhreagracht seirbhíse poiblí atá orainn go coinsiasach agus go hionraic.

Tá eolas ar an leathanach seo maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Cearta saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014
  • Faisnéis atá ar fáil faoin Scéim Foilseacháin
  • Conas iarratas a dhéanamh
  • Táillí agus Achomhairc
  • Loga Nochta SF

Cearta saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014

Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, do na cearta reachtúla a leanas:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise
  • Ceart dlíthiúil do gach duine go gceartaítear faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil a bhí le cinntí a d’imir tionchar ar dhuine.
  • Féadfaidh tú na taifid a leanas a iarraidh:
  • Aon taifid a bhaineann leat féin go pearsanta, cibé uair a cruthaíodh iad
  • Gach taifead eile a cruthaíodh i ndiaidh an 21 Aibreán 1998

Féadfaidh cáipéis pháipéir nó faisnéis a choimeádtar ar ríomhaire a bheith i gceist le taifead. Áirítear leis seo, mar shampla, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannáin, ábhar closamhairc, dioscaí agus téipeanna.

Tá eolas maidir le conas iarraidh a dhéanamh agus na rátaí a bhaineann leis ar fáil thíos.

Faisnéis atá ar fáil faoin Scéim Foilseacháin

Éilítear i gCuid 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise scéim a réiteach agus a fhoilsiú maidir le foilseachán faisnéise ag an gcomhlacht chun cloí le scéim foilseacháin nó treoirlínte a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Faoin Scéim Foilseacháin, déanfaidh gach comhlacht um Shaoráil Faisnéise:

  • Faisnéis a leagan amach le cuidiú le baill an phobail ina dtuiscint ar an gcomhlacht agus a feidhmeanna
  • An fhaisnéis atá aige a fhoilsiú grúpáilte faoi na ceannteidil arna leagan amach sa tábla thíos;
    agus
  • Na nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a mhíniú nó chun an cineál faisnéise atá ag an gcomhlacht a mhíniú.

Tá faisnéis foilsithe ag TG4 ar leathanaigh éagsúla ar an suíomh seo. Tá an fhaisnéis agus naisc chuig na leathanaigh grúpáilte faoi na ceannteidil arna leagan amach sa tábla thíos faoin Scéim Foilseacháin. Is féidir ceannteideal a roghnú chun teacht ar an bhfaisnéis faoin rannóg sin.

Eolas faoi TG4

Soláthar

Faisnéis eile atá le Foilsiú go Rialta

De réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (faisnéis i dtaobh comhlachtaí saorála faisnéise a fhoilsiú), tá sé de dhualgas ar an eagraíocht seo loga nochta Saorála Faisnéise a fhoilsiú ar a suíomh féin. Cuirfear sonraí ar fáil sa loga nochta maidir le hiarrataí áirithe Saorála Faisnéise nach mbaineann le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta, ina measc:

  • Dáta an Iarrata
  • Catagóir an Iarrthóra (m.sh. iriseoir, baill den phobal, ball de ghrúpa gnó/leasghrúpa, ball den Oireachtas, comhalta d’údarás áitiúil, &rl)
  • Tuairisc achoimre ar an iarraidh um Shaoráil Faisnéise
  • An cinneadh agus, sa chás go ndeonófar an iarraidh, an dáta a scaoilfear na taifid

Dá réir, cuirtear an t-iarratasóir ar an eolas faoin bpolasaí seo nuair a bhítear ag tabhairt admháil ar iarraidh Saorála Faisnéise.

Déanfar sonraí maidir le hiarrataí Saorála Faisnéise a fuarthas ó Aibreán 2016 ar aghaidh a fhoilsiú, mar is cuí, i loga nochta Saorála Faisnéise na heagraíochta ar a suíomh.

  • Loga Nochta Saorála Faisnéise

Mura bhfuil an fhaisnéis atá uait le fáil anseo, féadfaidh tú an suíomh a chuardach leis an mbosca ‘Cuardaigh’ ar bharr an leathanaigh nó trí theagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh ríomhphoist asf@tg4.ie

Conas iarraidh a dhéanamh

Mura bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil ar na bealaí thuasluaite, féadfaidh tú iarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i d’iarraidh Saorála Faisnéise:

  • dearbhú gur faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá tú ag déanamh an iarrata
  • oiread sonraí agus is féidir a thabhairt faoi na taifid atá á n-iarraidh
  • an fhormáid ar mian leat aon taifid a scaoilfí a fháil (m.sh. sa phost, ar ríomhphost srl.)
  • do chuid sonraí teagmhála

Tabhair ar aird go bhfuil cruthúnas ar chéannacht de dhíth sa chás is gur iarraidh Saorála Faisnéise ar fhaisnéis phearsanta atá i gceist.
Is ceart iarrataí i dtaca le Saoráil Faisnéise a dhéanamh tríd é a sheoladh i scríbhinn chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
TG4
Baile na hAbhann
Co. na Gaillimhe
asf@tg4.ie
Caithfear a lua san iarraidh gur faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá an iarraidh á déanamh.

Nóta:

  • Tá ceangal ar TG4 a admháil go bhfuarthas iarraidh faoin Acht laistigh de 10 lá oibre agus tá dualgas air freagra a thabhairt ar an iarraidh laistigh de 20 lá oibre (tá eisceachtaí faoi leith a cheadaíonn síneadh a chur leis seo).
  • Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, etc.), is ceart sin a lua i d’iarraidh.
  • Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir le do thoil chun cur ar chumas na foirne an taifead a aithint.

Cé chomh fada siar a fhéadfaidh mé dul?
Go ginearálta, taifid ó Aibreán 1998 ar aghaidh a bhaineann. Níl aon teorainn ama ar thaifid phearsanta.

Cad a chosnaíonn sé?
€15 (€10 ar shealbhóirí cárta leighis) a chosnaíonn iarraidh de ghnáth. Ní bhíonn aon táille i gceist más iarraidh ar thaifid phearsanta atá i gceist.

Cad nach mbíonn san áireamh?
Níl cead taifid iriseoireachta faoi rún ná taifid atá íogaireach ar bhonn tráchtála, ná pearsanta a roinnt. Níl nótaí tuairisceoirí ná ráitis nach raibh ar an taifead, cibé ar craoladh iad nó nár craoladh, san áireamh. Níl athbhreithnithe inmheánacha TG4 ná anailís ar chláir craolacháin san áireamh ach oiread.

Achomhairc

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, féadfaidh tú athbhreithniú a lorg ar an gcinneadh. Mura mbeidh tú sásta ina dhiaidh sin leis an gcinneadh, tá an ceart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh leis an gCoimisinéir Faisnéise. Imscrúdaíonn an Coimisinéir Faisnéise gearáin i leith neamhchomhlíonadh na reachtaíochta um shaoráil faisnéise agus cuireann sé/sí cultúr um shaoráil faisnéise chun cinn sa tseirbhís phoiblí.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise: www.oic.gov.ie
Lárionad Beartas Saorála Faisnéise: www.foi.gov.ie
 


 
Logáil Nochtadh Saoráil Faisnéise 2020 …Brú Anseo…
 
Logáil Nochtadh Saoráil Faisnéise 2021 …Brú Anseo…
 
Logáil Nochtadh Saoráil Faisnéise 2022 …Brú Anseo…