Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

Intéirneacht le TG4

Scéim Intéirneachta le TG4 ar feadh bliana do chéimithe nó do thosaitheoirí
Fómhar 2024 – Fómhar 2025

 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht le TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla

Is deis é seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.

Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus a bhfuil suim acu sna hardáin shóisialta atá á lorg. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar atá i gceist le scéal mealltach.

I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh míreanna gearra le haimsiú, le sceidealú agus beidh eagarthóireacht le déanamh orthu le go mbeifear in ann iad a chur ar ardáin shóisialta TG4. Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.

Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air nó uirthi freagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta a chomhordú.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar a bheith ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.
 
Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:

  • Comhordaitheoir Meán Sóisialta le BLOC
  • Comhordaitheoir Meán Sóisialta le MOLSCÉAL
  • Comhordaitheoir Meán Sóisialta le SportTG4
  • Comhordaitheoir Meán Sóisialta le Ceol TG4
  • Comhordaitheoir ábhair Oideachais le TG4
  • Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint

 
Seol CV, mar aon le d’iarratas a léiríonn do réimsí spéise i 3 cinn ar a mhéid de na rannóga seo a leanas – Molscéal, BLOC, Spórt, Ceol, Oideachais nó Grafaicí, chuig cv@tg4.ie

Cuir an 3 rannóg ar mian leat iarratas a dhéanamh orthu in iúl dúinn.

Dé Céadaoin an 15ú Bealtaine 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Is í an Ghaeilge teanga na hoibre i TG4.

Beidh na poist seo lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann.