Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

Eagarthóir / Léiritheoir Oideachais

Conradh Buan

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Eagarthóir / Léiritheoir Oideachais. Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar oideachais TG4 agus shuíomh Foghlaim TG4 a fhorbairt. Beidh an post lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann, ach tá socruithe oibre solúbtha ar fáil chomh maith. Beidh an té a cheapfar freagrach don Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochtaí.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
Cúraimí
Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar oideachais TG4 a fhorbairt, suíomh Foghlaim TG4 a fhorbairt, agus oibriú le comhpháirtithe oideachais chun ábhar TG4 a chuir in oiriúint d’fhoghlaimeoirí.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Feidhmiú i d’Eagarthóir ar shuíomh TG4 Foghlaim.
  • Ábhar TG4 a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí
  • Ábhar nua agus cur chuige oideachais TG4 a fhorbairt
  • Feasacht a mhúscailt ar ábhar oideachais TG4 trí phoiblíocht agus na hardáin shóisialta
  • Ceangal a chothú le comhpháirtithe Oideachais TG4
  • Úsáid a éascú d’fhoghlaimeoirí atá ag baint úsáid as ardáin TG4 agus ceangal a chothú leo
  • A bheith i do mheantóir ag intéirneach Oideachas TG4
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir nó Stiúrthóir na Rannóige ort a chomhlíonadh.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Saintaithí oideachais agus eolas ar an gcuraclam teagaisc atá in úsáid i scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.
  • Eolas agus tuiscint ar an bpobal foghlaimeoirí a bhaineann úsáid as ábhar TG4
  • Súil mhaith eagarthóireachta maidir le hábhar físe agus acmhainní teagaisc a chruthú.
  • Fócas dearfach, bealach maith le daoine agus ábalta ceangal a chothú le heagrais sheachtracha.
  • Sárthuiscint ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na meáin shóisialta, le YouTube agus leis na hardáin dhigiteacha chun lucht féachana a aimsiú.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

 
Tá an méid seo a leanas inmhianaithe maidir le hiarrthóirí:

  • Taithí ar bheith i ról meantóireachta/bainistíochta maidir le hintéirneach nó ball foirne níos sóisearaí san eagraíocht a bheith faoi do chúram

 
Beidh an tuarastal de réir cháilíocht agus thaithí an té a roghnófar.

5pm Dé Luain an 31 Márta 2025 an spriocdháta d’iarratais.

Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4. Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.

Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat do cur chuige Oideachais TG4 chuig: cv@tg4.ie

 


Riarthóir Cartlainne

Conradh Buan

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá an cainéal ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ar an idirlíon. Is foilsitheoir/craoltóir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ón earnáil léiriúchán neamhspleách, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá TG4 ag earcú Riarthóir Cartlann faoi láthair a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Ról Nua
Sa ról nua seo, beidh tú ag obair leis an mBainisteoir Cartlainne. Áireofar ar dhualgais an róil sin na cúraimí seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:

  • Plean Cartlainne TG4 a cur i gcrích
  • Bailiúchán Cartlainne TG4 a chaomhnú agus a nuashonrú
  • Bunachar sonraí a choimeád agus a chothabháil
  • Cuidiú le polasaí Cartlainne TG4 a fhorbairt agus a fheidhmiú
  • Ullmhú innéacsanna, meite-chlibeanna, cur síos agus tuairisciú ar mbailiúcháin
  • Ábhar a phróiseáil go formáid dhigiteach
  • Éascú a dhéanamh ar chaomhnú, ar thuairisciú, agus ar rochtain ar ábhar digiteach
  • Acmhainní ábhair a bhailiú agus a chatalógú
  • Ábhar a mheas, i gcomhthéacs caomhnaithe agus dea-chleachtas caomhnaithe
  • Cabhrú le cliaint, baill foirne agus taighdeoirí rochtain a fháil ar an gcartlann
  • Cabhrú le daoine ábhar tagartha agus ábhar a aimsiú
  • Iniúchadh rialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an bhfardal atá i gcomhad.
  • Seisiúin chartlainne a theagasc, foilseáin a chruthú agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana eile
  • Bailiúcháin d’ábhar cruachóipe agus d’acmhainní ar líne a fhorbairt agus a chothabháil
  • An Chartlann a chur chun cinn i measc an phobail
  • Aon fhreagrachtaí eile a shannfaidh an bainisteoir nó a mheasfaidh an bainisteoir de bharr riachtanais an ghnó.

Ní liosta iomlán é seo. Coimeádann TG4 an ceart aige féin iarraidh ar fhostaí a bheith solúbtha maidir lena chuid/cuid réimsí dualgais nuair a éilítear sin mar gheall ar riachtanais ghnó.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Ní mór fochéim ar a laghad a bheith agat sa chartlannaíocht , sa stair, san leabharlannaíocht, i mbainistiú taifead, nó i dtaithí acadúil ábhartha eile – nó taithí phraiticiúil atá comhionann leis an bpost seo.
  • Sárscileanna TF agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Eolas ar bhunachair shonraí leabharlainne agus ilmheán. Áirítear orthu sin uirlisí táirgiúlachta, rochtain ar bhunachair shonraí agus uirlisí leictreonacha eile bainistithe doiciméad

 
Nithe a bheadh inmhianaithe

  • Bheadh leibhéal ard inniúlachta i mbainistiú cartlainne meán/i mbainistiú na meán ina bhuntáiste.
  • Bheadh taithí 2 bhliain ar a laghad ag obair i leabharlann/cartlann/músaem inmhianaithe.

 
Éireoidh leat sa ról seo más duine thú;

  • Atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
  • A bhfuil meon dearfach agat, a oibríonn go maith le foireann agus a bhfuil taithí chruthaithe agat ar fhoireann bheag a bhainistiú go héifeachtach
  • Atá airdeallach ar mhionsonraí agus atá ábalta a léiriú go bhfuil próisis chinnteoireachta loighciúla agat.
  • A bhfuil spéis agat i dtionscal na teilifíse, i gcláir theilifíse, i stair na meán cumarsáide agus sa stair chomhaimseartha
  • Atá ábalta comhoibriú le rannóga eile agus cumarsáid mhaith a dhéanamh leo chun caidreamh a fhorbairt

 
Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth agat, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie roimh 5pm Dé Luain an 31 Márta 2025.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.

 


Comhairle Lucht Féachana TG4

Cuirfidh TG4 fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine le Gaeilge líofa ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí ar Chomhairle Lucht Féachana TG4.

Fáilteofar roimh iarratais o dhaoine atá ionadaíoch ar an phobal féachana i gcoitine, ar phobal Gaeltachta agus go mórmhór iad siúd atá ionadaíoch ar an lucht féachana Cúla4 nó ar an óige.

Is í feidhm na Comhairle ná tuairimí agus aiseolas a chur in iúl don Bhord agus do fhoireann bhainistíochta TG4. Is deis í seo do dhaoine tacú le TG4 ar bhealach praiticiúil tríd aiseolas luachmhar a roinnt maidir le raon agus caighdeán an ábhair ag TG4.

Is é Bord TG4 a cheapann comhaltaí na Comhairle. Beidh comhalta ar Bhord TG4 mar Chathaoirleach ar an gComhairle agus ceapfar ceathrar déag comhaltaí eile ó réimse cúlraí agus aoisghrúpaí.

Bíonn dhá chruinniú sa mbliain ag an gComhairle Lucht Féachana.

Tá ról agus dualgais na Comhairle leagtha amach in Alt 96 den Acht Craolacháin 2009. Treoraítear ansin don Bhord daoine a cheapadh ar an gComhairle Lucht Féachana atá “ionadaitheach ar an phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, ar phobail Ghaeltachta, ar dhaoine faoi mhíchumas radhairc nó éisteachta agus go mbeidh na comhaltaí ..in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge.”

Iarrtar ar dhaoine ar suim leo a bheith ina gcomhaltaí Comhairle agus a bhfuil a gcáilíocht ag teacht leis na riachtanais atá luaite thuas san Acht, a suim a léiriú trí litir iarratais agus CV gearr (1 lch) a sholáthar ina dtugtar na gnáth-shonraí pearsanta mar aon le seoladh reatha r phoist agus gnáth-phoist agus deimhniú ar a gcumas cumarsáide i nGaeilge.

Seol d’iarratas ar r phost chuig comhairle@tg4.ie roimh an 20 Márta 2025
nó sa bpost chuig:
Comhairle Lucht Féachana, Oifig an Ardstiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe.

Leanfaidh tréimhse an Chomhairle Lucht Féachana suas go 5 bliana ag braith ar athruithe sa reachtaíocht craolacháin.

Níl táille i gceist. Clúdófar costais le freastal ar chruinnithe.