Coimisiúnú
ilDÁNA 2025
Spriocdháta don Iarratas: 17:00, Dé hAoine an 21 Feabhra 2025
Tá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2025 a fhógairt.
Táthar ag leanúint de bheith ag cur go mór le sceideal TG4 agus le taispeáintí amharclainne faoin scéim ilDÁNA trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
Ba mhaith linn suas le dhá fhadscannán shuntasacha faisnéise a mhaoiniú an séasúr seo a mbeidh buiséad suas le €135,000 an ceann ag dul leo. Táthar ag súil go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach dtugtar cluas go minic dóibh páirteach go gníomhach ann.
Cé go gcuirtear fáilte roimh iarratais a bhaineann le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn béim ar leith a chur ar iarratais ina bhfiosrófar foirmeacha ealaíne nach mbíonn faoi chaibidil go minic i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.
Ní mór iarratais a dhéanamh trí úsáid a bhaint as córas iarratais ar líne TG4 tráth nach déanaí ná 17:00, Dé hAoine an 21 Feabhra 2025.
Treoirlínte do scéim ilDÁNA 2025
- Déanfar cur síos beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist sna scannáin arna gcoimisiúnú do ilDÁNA.
- Déanfar tograí maidir le disciplín ealaíne nó réimse cleachtais ar bith a bhreithniú.
- Tabharfar tosaíocht d’ábhair chomhaimseartha ach d’fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla.
- Déanfar suas le dhá scannán a mhaoiniú agus cuirfear buiséad suas le €135,000 an ceann ar fáil. Seolfar iad le taispeáintí ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa phictiúrlann i gceist sula gcraolfar iad le linn príomh-ama do lucht féachana TG4 in 2026.
- Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
- TG4 a dhéanfaidh próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar. Eiseoidh TG4 an comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach.
- Ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus measúnóir neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi scéim ilDÁNA.
- Cuirfear scannáin ilDÁNA 2025 ar conradh faoi dheireadh mhí Aibreáin 2025 mura bhfuil sé i gceist ag lucht na dtionscadal iarratas ar dhéanamh ar mhaoiniú ó fhoinsí eile.
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh ar chóras eCoimisiúnaithe TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 21 Feabhra 2025. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná déanacha.
- Fad an scannáin: Scannán fada
- Buiséad Léiriúcháin: Suas le €135,000 an scannán.
- Formáid: HD agus fotheidil Bhéarla air
- Teanga: Gaeilge nó dátheangach
- Ba chóir go mbeadh sé ar chumas iarratasóirí na conarthaí a shíniú go luath sa bhliain 2025 má éiríonn leo (sin mura bhfuil sé i gceist ag lucht na dtionscadal iad a chur ar isteach ar thacaíocht eile maoinithe ó fhoinsí eile).
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA:
- Foirm choimisiúnaithe chomhlánaithe ilDÁNA.
- Léiriú mionsonraithe ar an togra.
- Cur síos ar an gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe.
- Straitéis taispeántais ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile scannán/pictiúrlann) más infheidhme.
- Buiséad léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid (cead ceoil agus ábhair, ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh) – tá fáil ar theimpléid ar láithreán gréasáin TG4.
- CVanna na foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra, an stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir agus eagarthóir san áireamh.
- Fianaise ar úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí san áireamh, maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
- Deimhniú i scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach.
- Trí shliocht/shampla d’obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn eolais a chur faoin togra.
- Aon ábhar tacaíochta ábhartha eile chun bonn eolais a chur faoi chur chuige cruthaitheach an togra.
Déanann TG4 agus An Chomhairle Ealaíon:
- fostaíocht lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh.
- Comhionannas inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin araon a chur chun cinn.
- Coinníollacha agus luach saothair cóir a éileamh d’ealaíontóirí a bhfuil baint acu le déanamh scannáin ilDÁNA.
Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:
- fhís chruthaitheach an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair bheartaithe
- indéantacht an togra i gcomhthéacs chuspóirí ilDÁNA.
- a bhfuil déanta go dtí seo ag an iarratasóir.
- a mhéid a chuireann an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an phearsanra léiriúcháin.
- a mhéid a dtugann ceann den dá thogra atá le roghnú glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus a mhéid a bhfuil páirt ghníomhach ag daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu ann.
- D’fhéadfadh maoiniú breise (suas le €10K in aghaidh gach tionscadal a n-éireoidh leis) a bheith ar fáil chun tacú le scannáin a thaispeáint sa phictiúrlann sa chás go moltar straitéis láidir taispeántais ar chur i gcrích na scannán.
Tabharfar cuireadh do na hiarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé.
TG4 a dhéanfaidh an dámhachtain. Beidh feidhm le comhaontú coimisiúnaithe caighdeánach TG4. Táthar ag súil tionscadail a bheith tugtha chun críche agus ar fáil le craoladh ar TG4 in 2026.
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar chóras eCoimisiúnaithe TG4 https://ecomm.tg4.ie agus an scannán a uaslódáil ansin roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘ilDÁNA 2025’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite.
Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Proinsias Ní Ghráinne proinsias.ni.ghrainne@tg4.ie nó Julieann Ní Fhátharta Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
Tuilleadh Eolais
Ní mór d’iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.
Ní mór d’iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann do chomhaontú nó go mbeidh conradh foirmiúil sínithe thar ceann TG4. Is leis an léiritheoir a bheidh cóipcheart ar an scannán.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.