Coimisiúnú
Cúla4 Neamhlíneach 2025

FÓGRA D’ÁBHAR NEAMHLÍNEACH 9-12 BHLIAIN
Spriocdháta d’iarratais: 15:00 an 21 Márta 2025.
Buiséad: €110,000
Is mian le Cúla4 iarratais a fháil chun mionsraith dhrámaíochta chomhaimseartha atá bunaithe ar charachtair a fháil a bheidh feiliúnach don lucht féachana 9 go 12 bhliain. Bheadh an tsraith seo le craoladh ar ardán YouTube Cúla4 & ar sheinnteoir Cúla4. Míreanna gearra a bheidh ag teastáil.
Formáid:
- Mionsraith (mionsraitheanna) dhrámaíochta atá feiliúnach don ardán YouTube
- Míreanna 4-5 nóiméad ar fhad
- 20 mír san iomlán
- Tá rogha ann dhá shraith a chruthú ina mbeidh 10 mír an ceann, seachas sraith amháin ina bhfuil 20 mír.
Scóip Chruthaitheach:
Táimid ag lorg:
- Bunsmaointe, atá oiriúnach do pháistí ina bhfuil cothromaíocht ó thaobh drámaíochta, grinn agus eachtraíochta
- Carachtair agus scéalta éagsúla a mbeidh dáimh ag páistí leo
- Scéalta a bhfuil na téarmaí cairdeas, fiosracht, teacht aniar nó cruthaitheacht ag baint leo
- Eipeasóidí níos giorra arís, a bheidh oiriúnach lena bhféachaint ar ardáin dhigiteacha (e.g. Scéalaíocht idirghníomhach nó eipeasóidí a fhágfaidh an lucht féachana ar bior)
Buiséad agus Seachadadh:
Buiséad €110,000 atá ar fáil chun léiriú agus seachadadh na sraithe a chlúdach.
Nithe Riachtanacha i ndáil leis an Iarratas:
- Bileog eolas ina ndéantar cur síos ar leagan amach scéal na sraithe – ar an gcoincheap, téamaí, lucht féachana a bhfuil sé dírithe air, chomh maith le struchtúr gach cláir.
- Script shamplach do chlár amháin.
- Leagan amach bhuiséad agus sceideal an léirithe.
- Eolas faoin bhfoireann a bheidh ag obair ar an tsraith.
- Samplaí d’aon obair atá ina teist ar an taithí atá agat ag obair ar thograí den chineál seo.
Spriocdháta:
Spriocdháta d’iarratais: 15:00 an 21 Márta 2025.
Beidh cearta saoil ag TG4 ar an ábhar seo.
Iarratais:
Ní mór gach iarratas a chur chugainn tríd an gcóras eCoimisiúin ina cheangaltán pdf agus an buiséad ina cheangaltán Excel. Ní dhéanfar aon iarratas nach bhfuil buiséad leis a mheas.
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas mar aon leis an mbuiséad a uaslódáil roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘Cúla4 Neamhlíneach 2025’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite.
Is féidir ceist ar bith maidir leis an iarratas seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig: karina.feirtear@tg4.ie
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghais, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.