Coimisiúnú
BLOC TG4 (Soláthar 2025-2026)
Sprioc-am d’iarratais chuig TG4 – 12.00in Dé Luain an 7 Aibreán 2025

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó earnáil na léiriúchán neamhspleách chun réimse leathan d’ábhar neamhlíneach a léiriú d’ardáin éagsúla ar an mol sóisialta BLOC TG4.
Lucht Féachana: 18 -30 bliain d’aois
Formáid: Féach thíos
Buiséad: €200,000
Spriocdháta: 12.00in Dé Luain an 7 Aibreán 2025
Bheadh sé i gceist an t-ábhar seo a léiriú, a sheachadadh agus a dháileadh thar thréimhse bliana idir Meitheamh 2025 agus Meitheamh 2026.
Is ardáin bheo bheathacha iad ardáin BLOC agus beidh an t-ábhar seo le cruthú do na hardáin éagsúla ar bhonn reatha; go laethúil, go seachtainiúil agus go míosúil.
Tá BLOC TG4 ag lorg ábhair atá tarraingteach don aoisghrúpa seo (18-30) ar na meáin shóisialta ach ní mór Súil Eile TG4 a bheith lárnach sa chur chuige chomh maith.
Ábhar
Tá TG4 ag lorg réimse leathan d’ábhar as seánraí éagsúla idir mhagadh is dáiríre.
Tá Glúin Z ag iarraidh ábhar atá siamsúil, ábhar grinn (ar nós scig-gháire) agus drámaíocht. Ní mór don ábhar a bheith spraíúil fuinniúil craiceáilte agus dána freisin nuair is gá.
Is maith leis an aoisghrúpa seo ábhar níos dáiríre freisin. Ábhar ina leagtar béim ar scéalta atá ábhartha don ghlúin seo, ar na rudaí atá ag déanamh imní dóibh agus ar rudaí a bhaineann go sonrach leo. Ábhar ina gcíoraítear ceisteanna polaitíochta agus sóisialta an lae.
Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-ábhar ar fad, iontaofa úrnua agus go meallfaidh sé an lucht féachana seo.
Is gá do chruthaitheoirí an ábhair seo a bheith solúbtha agus a bheith ábalta ábhar a sheachadadh go tapa le coinneáil suas leis na treochtaí is déanaí.
Beidh cearta saoil trasardán ar fud an domhain ag TG4 ar an ábhar seo
Formáid:
Tá TG4 ag lorg meascán d’ábhar sa chur chuige seo bunaithe ar na formáidí seo a leanas:
Instagram:
- Ríleanna, Scéalta, Instagram Takeover, Instagram Live ag coinneáil leis na treochtaí is nuaí agus ag leanúint téamaí ‘Pop Culture’ agus cultúr daoine óga na hÉireann.
- Ábhar níos faide don Grid, ar nós sraitheanna atá idir 1’00” agus 3’00” ar fad
Tik Tok:
- Ríleanna Tik Tok agus Tik Tok beo.
YouTube:
- Sraitheanna, Vlaganna, YouTube beo.
Bluesky
- Ní mór a bheith lárnach sa chomhrá ar an ardán seo.
- Ní mór ábhar a chruthú a bhfuil luí aige leis na treochtaí is déanaí.
Nótaí Eile:
- D’fhéadfadh TG4 ábhar a lorg i bhformáidí eile sa chás go dtagann gnéithe nua, ardáin nua, nó treochtaí nua chun cinn a bhfuil spéis ag an aoisghrúpa seo iontu.
- Beidh brandáil BLOC agus fotheidil nuair is gá ag dul le hábhar an tsoláthair seo.
- Is féidir meascán d’ábhar físe (gearrfhoirm agus fada), íomhánna, GIF agus mar sin de a chur ar aghaidh mar chuid d’iarratas.
- Is féidir meascán de thaifeadtaí MOJO agus criú a úsáid chun an t-ábhar seo a chruthú.
Spriocanna:
- Ba mhaith le TG4 go mbeadh ábhar BLOC ina lárphointe féachana do phobal Ghaeil óga na tíre.
- Tá TG4 ag lorg ábhair a mheallfaidh lucht féachana nua chuig an mbranda.
- Tá TG4 ag iarraidh ábhair a chuirfidh daoine ag caint fúinn, ag roinnt ár gcuid ábhair agus ag comhrá linn.
- Mar chuid den togra seo, ba mhaith le TG4 daoine nua os comhair an cheamara agus laistiar de a fhorbairt.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:
- Iarratas iomlán a chuireann an coincheap/ábhar agus an cur chuige cruthaitheach i láthair.
- Buiséad Iomlán agus plean airgeadais.
- Sonraí faoin bpríomhfhoireann/criú cruthaitheachatá luaite leis an togra seo.
- Moltaí le haghaidh daoine cumasacha ar an scáileán/rannpháirtithe de réir mar is cuí.
- Moltaí le haghaidh ábhair do na hardáin éagsúla.
- Plean/sceideal léirithe.
- Moltaí chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach.
- Samplaí brandaí eile
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an méid iomlán atá luaite thuas a sholáthar, nó iarratas a dhéanamh ar ghnéithe ar leith de.
€200,000 an buiséad do gach gné in aghaidh na tréimhse
Moltar dul i dteagmháil le roisin.ni.thuairisg@tg4.ie sula ndéantar iarratas.
Ní mór na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin: https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘BLOC 2025-2026, a roghnú sa roghchlár anuas. Gheobhaidh tú admháil leictreonach go huathoibríoch.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus is iad na comhlachtaí féin a chaithfidh a chinntiú go bhfuil na hiarratais faighte againn.