Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Forbartha Oideachais 2024

Dáta deiridh chun iarratais a chur ar aghaidh chuig TG4 – 2 i.n. Déardaoin, an 19 Meán Fómhair 2024.

 
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ón earnáil neamhspleách léiriúcháin chun tograí a fhorbairt, i gcomhpháirt le heagraíocht oideachais, a bheidh dírithe ar shraith oideachais a chur ar fáil do pháistí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus ina mbíonn an Ghaeilge á teagasc mar ábhar scoile.
 
Is é an chéad chéim forbartha atá i gceist leis an mbabhta seo ná sraith oideachais a fhorbairt a bheidh dírithe ar fhoghlaim na Gaeilge i scoileanna T2 don tsraith shóisearach. Díreoidh an tsraith seo ar an tsonraíocht úr atá ann don tsraith shóisearach agus ar dhaltaí scoile a ullmhú faoi choinne measúnú.
 
Ba mhaith le TG4 clár píolótach a fhorbairt ar a mbunófar sraith oideachais spreagúil, uaillmhianach agus a bheidh in úsáid i bhformhór na scoileanna sa tír chun daoine óga a ullmhú don mheasúnú.
 
Beidh an tsraith ina bunchloch i dteagasc na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla agus a bhfuil sé mar sprioc acu grá, suim agus dúil a chothú sa teanga agus i gcultúr na nGael.
 
Ba cheart do chomhlachtaí léiriúcháin dul i bpáirt le heagraíocht oideachais chun go mbeidh na modhanna teagaisc is éifeachtaí ó thaobh fhoghlaim agus teagasc na teanga san áireamh sa phleanáil faoi choinne sraith oideachais úr.
 
Is é forbairt an chláir phíolótaigh an chéad chéim den phróiseas agus rachfar i mbun na sraithe oideachais ina dhiaidh sin. Ba cheart do chomhlachtaí a bheith ag pleanáil i dtreo ábhar ilardáin agus ábhar a bheidh le foilsiú go neamhlíneach agus go digiteach.
 
Moltar béim ach go háirithe a leagan ar smaointe lena mbaineann formáid a sheasfaidh an aimsir, a mbeifear ábalta sraitheanna eile a fhorbairt aisti agus a bheidh ábhartha don lucht féachana go ceann i bhfad. Ní mór gnéithe ilardáin a áireamh sa tairiscint mar aon le bealaí eile a mholadh ina bhféadfaí an smaoineamh a chur in oiriúint amach anseo.
 
Beidh €8,000 ar a mhéid ar fáil do na tograí a roghnófar mar chuid den Bhabhta Forbartha Oideachais seo agus moltar do chomhlachtaí dul i bpáirt le heagraíocht oideachais a bheidh ábalta tacaíocht bhreise airgid a chur ar fáil don togra más gá.
 

Beidh Cearta saoil ag baint le hábhar ar bith a ndéantar forbairt air faoin mbabhta oideachais.

 
Ní mór na nithe seo a leanas a áireamh sa togra forbartha:

  • Ábhar – Leagan amach ar uaillmhian / spriocanna, fócas, gnéithe agus an criú a bheadh sa chlár píolótach agus gach a bheadh le seachadadh faoin gcéad chéim forbartha seo.
  • Comhpháirtíocht Oideachais — comhpháirtíocht oideachais a phleanáil don chlár píolótach agus comhpháirtíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a leagan amach.
  • Sceideal – sceideal forbartha agus seachadta.
  • Buiséad – sceideal airgeadais don fhorbairt.
  • Ábhar taca – físeán nó eile.
  • Aon ábhar eile a thugann splanc ar leith don smaoineamh.

 

Mar thús:

Is féidir cruinniú a eagrú le heagarthóir oideachais TG4 trí ríomhphost a sheoladh chuig conall.o.mairtin@tg4.ie, agus tabharfaidh sé sin deis do lucht déanta cláir tuilleadh eolais a fháil faoin toradh atáthar ag iarraidh a bhaint amach leis an mbabhta forbartha seo mar aon le deis a thabhairt dóibh a smaoineamh a chur i láthair sula gcuirfear peann le pár.
 
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil ansin roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘Babhta Forbartha Oideachas 2024’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite. Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Majella.nic.dhonnacha@tg4.ie .
 
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le h-aon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníomhaithe ag nó thar ceann TG4.