Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Coimisiúnaithe – Sceideal 2025 / 2026

Sprioc do iarratas: 20ú Feabhra, 2025 ag 16:00

 

 
Tabhair faoi deara go bhfuil an babhta seo oscailte do choimisiúin maoinithe ag:

  1. TG4 100%
  2. Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF)
  3. Choimisiún na Meán
  4. Fís Éireann.

Lorgaíonn TG4 scéalta láidre, le insint ‘súil eile’, formáidí nuálacha chun ár lucht féachana éagsúil a mhealladh. Fáiltítear roimh smaointe ó léiritheoirí a bhfuil taithí acu agus ó léiritheoirí atá ag iarraidh an chéad céim eile ina gcuid oibre a thabhairt chun cinn. Seo do sheans do chuid smaointe a chuir i láthair agus cur le sceideal TG4. Má thagann do choincheap ar aon dul lenár spriocanna cláir agus má bhaineann sé le lucht féachana TG4, seol iarratas isteach ar an mbabhta le do thoil.  Táimid ag lorg ábhar a chuireann siamsaíocht, eolas agus spreagadh ar fáil.  Fiú mura n-oireann do smaoineamh don critéir thíos, ná bíodh drogall é a chur isteach.

 

Tabhair san áireamh ag pointe iarratas na hardáin ar fad agus cá suíonn do chlár leo: YouTube, Facebook, Instagram, Snapchat, agus TikTok.  Is é an sprioc atá againn ná ceangal a dhéanamh le lucht féachana leathan in Éirinn & thar lear.

 

Táimid oscailte do choincheap nuálacha agus uathúla ar féidir leo luach a chur lenár gclár sceideal.  Beidh deiseanna forbairt trasna gach réimse má theastaíonn. Táimid ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanadh ar bhur n-iarratas agus deis do chuid smaointe a thabhairt chuig ár n-ardán.

 

Gearrliostú agus Conradh: Má chuirtear do thogra ar ghearrliosta do choimisiún 100% de chuid TG4, cuirfear litir thairisceana ina dhiaidh, faoi réir comhaontú chonartha faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025.  Beidh muid ag súil go mbeidh gach conradh ag stáid réamh-ghearradh i 2025 más féidir.

 

N.B: Ní dhéanfar d’iarratas a mheas mura mbeidh na nithe seo san áireamh i do iarratas:

  • Iarratas ar pdf ina bhfuil ábhar, cur chuige cruthaitheach.
  • Cur chuige fhísiúil don togra.
  • Buiséid: Beidh plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe ar an teimpléad buiséid cuí ag teastáil le haghaidh gach iarratais. Ní dhéanfar meas ar iarratais a chuirtear isteach gan buiséad comhlánaithe, ar an teimpléad ábhartha.
  • Sceideal Léirithe: Cuir sceideal léirithe réalaíoch le d’iarratas.
  • Comhlachtaí atá cláraithe mar comhlacht teoranta amháin a bheas incáilithe do coimisiún.
  • Moltaí maidir le tallann taobh thiar den cheamara agus ar an scáileáin. Bí soiléir san iarratas cé aige a bhfuil gaeilge ar a dtoil acu.
  • Bí soiléir maidir le sprioc lucht féachana.
  • Moladh i leith sprioc am-craolta.

 

Beidh na heagarthóirí coimisiúnaithe de chuid TG4 ar fáil le haghaidh cruinnithe le léiritheoirí a léiríonn suim sa bhabhta seo. Chun eolas a fháil maidir le cruinniú a shocrú, nó má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir r-phost chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.

 

 

FÍORASACH (50 nóiméad) 

Cláir faisnéise aonair nó mion-sraitheanna  (2-4 eagrán), a thugann dearcadh nua le léargas domhanda ar an bpobal a bheadh oiriúnach a chraoladh i rith príomh am craolta TG4.

Ba chóir aidhm a bheith ag na cláir, go mbeadh siad uaillmhianach agus nuálach, go mbeadh tionchar acu agus go spreagfadh siad díospóireacht. Tá fíorthábhacht le cead isteach chuig an scéal a bheith ceadaithe agus ba chóir cur chuige soiléir agus cruthaitheach, ón stiúrthóir, a áireamh sa togra.

Fáiltítear roimh athrú cuspóra cruthaitheach ábhair cartlainne lena ndéantar athnuachan ar an ‘tuiscint’ atá againn ar théama náisiúnta nó ar chomóradh náisiúnta, chomh maith leis an stair lena dtugtar léargas comhaimseartha ar an am atá caite.

Cuirfimid fáilte roimh thionscadail faisnéise le maoiniú ag TG4 amháin, mar aon le tionscadail a bheidh cómhaoinithe ag craoltóirí, VODanna nó comhlachtaí maoiniúcháin eile. Beifear sásta sraitheanna i bhfoirm níos giorra, a bheadh le taispeáint ar dtús, ar Sheinnteoir TG4 nó ar chainéal YouTube a bhreithniú.

Buiséad Uair: €65,000 – €75,000

 

 

FÍORASACH (25 nóiméad) 

Cuirfimid fáilte roimh smaointe do chláir faisnéise, cláir aonair nó mion-sraitheanna gearra, gur féidir a insint go fonnmhar agus go cruthaitheach i 25 nóiméad, a thugann léargas ar shaol comhaimseartha na hÉireann a bheadh an-suim ag cách iontu.   Ba chóir carachtair agus scéalta láidir a bheidh lárnach sa clár agus a bheidh tarraingteach do lucht féachana TG4 ar an Teilifís agus ar Sheinnteoir TG4 araon.

Beidh tús áite tugtha do tallann nua le Gaeilge sa réimse seo.  Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine le taithí léiriúcháin nó daoine atá ag lorg an chéad céim eile a thógáil ina gcuid oibre cruthaíoch; iadsan atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna i ról an léiritheora/an stiúrthóra, scríbhneoir srl; fad is atá an paisean agus an cumas iontu scéalta Gaeilge úra agus comhaimseartha a chur ar an scáileán.

Buiséad Uair: €60,000 – €70,000

 

 

CROÍLÁR LUCHT FÉACHANA TG4

Is pobail thráthúla iad pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta, arb ionann iad agus croílár lucht féachana TG4. Táthar ag lorg léiriúcháin lán brí agus fuinnimh, léiriúcháin atá ionraic agus a thugann léargas ar na pobail iontacha agus eisceachtúla seo.

Fáiltímid roimh iarratais do chláir aonair agus sraitheanna, cláir a bhfuil dánacht ag baint leo agus cláir dheasa, cláir ghéimiúla agus cláir a bhainfidh deora asat, ach thar aon ní eile, fáiltímid roimh chláir atá comhaimseartha.

  • Smeadar de gach uile ní: siamsaíocht, greann, fáisnéis, drámaíocht. Sraitheanna leathuaire nó uaireanta. 6 x 25’, 12 x 25’ nó sraitheanna 6 x 50’
  • Ábhar nua don phobal trí chéile. Ábhar a bheadh oiriúnach don teilifís agus do na hardáin ar líne araon.
  • Ábhar lena mbaineann éagsúlacht mar go bhfuil an saol níos iléagsúla anois ná mar a bhí riamh!
  • Ábhar tráthúil agus uathúil mar go mbíonn daoine ag iarraidh ábhar nua agus mar gurb é an rud is annamh is iontach!
  • Is iomaí insint ar scéal, agus is iomaí scéal nach bhfuil cloiste againn fós. Inis dúinn iad.

Buiséad Uair: €60,000 – €65,000

 

 

NA TAIBHEALAÍONA TRAIDISIÚNTA 

Tá na taibhealaíona traidisiúnta lárnach do bhranda TG4. Cuirfimid fáilte roimh chláir faisnéise, taibhiúcháin agus meascán den dá rud ina bhfiosraítear ár gcuid traidisiún, ina leagtar béim ar dhaoine cumasacha nó scéalta nua a leathnaíonn teorainneacha na n-ealaíon traidisiúnta.

Maidir le hábhar atá bunaithe ar an taibhiú, ba cheart athshamhlú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar na healaíona traidisiúnta a léiriú, go mbeifí ag mothú gur ábhar é ‘a chaithfear féachaint air’ agus, agus ba cheart stíleanna agus formáidí nua a fhiosrú.

Táimid ag lorg cláir aonair uair an chloig agus sraitheanna 2-4 clár, 50 nóiméad lena dtaispeáint den chéad uair oíche Dé Domhnaigh ag 9.30pm.  Cuirfimid fáilte freisin roimh shraitheanna ardéilimh a sheasfaidh an aimsir ina mbeadh 8-12 clár, 25 nóiméad ar féidir iad a léiriú ar chostas réasúnta le craoladh ag 10.30pm Dé Domhnaigh.

Tá spéis againn freisin i gcláir faisnéise gné-cheoil ina sníomhtar an taibhiú agus na scéalta a mbeadh spéis mhór iontu, chomh maith le tograí d’imeachtaí beo nó d’ábhar gearrfhoirme do chainéal Trad YouTube agus/nó do Sheinnteoir TG4.

Buiséad Uair: €60,000 – €65,000

 

 

ÁBHAR SIAMSAÍOCHTA

Táimid ag lorg smaointe spraíúla, siamsúla agus tarraingteacha a thaitneoidh le lucht féachana leathan teaghlaigh tráthnóna Dé Domhnaigh nó ábhar siamsaíochta do phobail leathan féachana TG4 i rith na seachtaine. Ba chóir go mbeadh an t-ábhar ag cuir lucht féachana TG4 ar an scáileáin le sprioc agus cur chuige soiléir.

Táimid oscailte do smaointe ar fud raon seánraí, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:  Seóanna ardfhuinnimh agus atá dinimiciúil ag teacht ó stiúideo nó ardáin eile a tharraingíonn lucht féachana leathan; Formáidí siamsaíochta atá dírithe ar cheol, damhsa, amhránaíocht, eile, nó meascán; Seónna tráth na gceist nó seónna cluiche atá tarraingteach, spraíúil agus an-fhísiúil; Cláir siamsaíochta fhíorasacha a bhraitheann a thugann ardú croí agus a chuireann ábhar siamsaíochta ar fáil do na glúnta go léir.

Ba chóir go mbeadh gach smaoineamh spraíúil agus go tabharfadh sé ardú croí don lucht féachana.  Cuirfimid fáilte ar leith roimh smaointe ar féidir iad a chur ar fáil go nádúrtha ar na hardáin dhigiteacha agus ar na meáin shóisialta chun an lucht féachana is leithne is féidir, a mhealladh.

Buiséad Uair: €50,000 – €55,000

 

 

CEOL TÍRE

Tá lucht féachana an-láidir agus an-dílis ag TG4 don cheol tíre, agus táimid ag lorg smaointe, formáidí agus cláir dhéchodacha nua (Hybrid) a leanfaidh ar aghaidh ag freastal ar an lucht féachana seo agus dá fhás. Taispeáin dúinn bealach nua le Ceol Tíre a chuir i láthair.

Ba cheart go mbeadh an tsraith a chuirfear i láthair oiriúnach don sceideal ag 9.30pm tráthnóna Dé Máirt agus d’fhéadfadh siad a bheith 50’ nó 25’ nóiméad ar fhad.

Buiséad Uair: €50,000 – €55,000

 

 

FORMÁIDÍ

Cuir iontas orainn le formáidí nua, spreagúla agus siamsúla a bheadh le craoladh roimh 9pm agus tar éis 9pm faoi na ceannteidil seo: geandáil, stíl mhaireachtála, taisteal, cócaireacht, feirmeoireacht, sláinte, tithíocht nó meascán díobh sin.

Táimid ag lorg smaointe clár le téamaí sainiúla agus pearsantachtaí láidre luaite leo a bhfuil an paisean, an scil agus an t-eolas acu chun dul i ngleic leis an ábhar.  Beidh ord reatha ríthábhachtach chun go mbeimid ábalta an coincheap a thuiscint.   Molaimid go láidir freisin go gcuirfidh tú sizzle ríl ar aghaidh den láithreoir atá beartaithe má tá láithreoir i gceist. Breithneofar formáidí atá ann cheana freisin, murar craoladh iad ar chainéil is féidir a fheiceáil in Éirinn. Tá maoiniú forbartha ar fáil más cuí.  Sraitheanna: 6 x 25’, 12 x 25’ nó níos mó.

Buiséad: Le meas ag braith ar an dtogra.

 

 

FAOI 35 

Tá TG4 ag lorg smaointe spreagúla úra cláir atá dírithe ar lucht féachana óg idir 18-35 bliain d’aois. Is mian linn saol dinimiciúil agus éagsúil daoine óga in Éirinn agus thar lear a cheiliúradh, agus iad ag dul i dtaithí ar an domhan sa lá atá inniu ann.

Táimid ag lorg ábhair a léiríonn doimhneacht bhríomhar, fhuinniúil daoine óga a labhraíonn Gaeilge anseo agus ar fud an domhain.   Ábhar láidir, nuálach agus tarraingteach a luíonn le paisin, spéiseanna agus taithí Ghaeil Óga an lae inniu.

  • Smaointe Úra: Tá muid ag lorg coincheapa úrnua ar fad — smaoinigh ar fhormáidí líneacha agus neamhlíneacha a sháraíonn teorainneacha cruthaitheacha. Ní mór don scéalaíocht a bheith nua agus nuálach. Táimid sásta féachaint ar smaointe le haghaidh sraitheanna a sheasfaidh an aimsir, cláir faisnéise aon uaire, imeachtaí, podchraoltaí amhairc, ábhar gearrfhoirme. B’fhéidir gur scéalta iad a bhfuil eolas againn orthu ach caithfear iad a insint ar bhealach ceannródaíoch, spreagúil.
  • Éagsúlacht: Teastaíonn cláir uainn a léiríonn saibhreas shaol agus phobail na ndaoine óga in Éirinn.
  • Ábhar atá Ábhartha agus Barántúil: Cláir a léiríonn na rudaí atá tábhachtach do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Cláir atá déanta ag daoine óga, do dhaoine óga, a léiríonn go fírinneach a nguthanna, a bpaisin agus a ndúshláin éagsúla.
  • Fáilteofar roimh gach Seánra: Coiméide, siamsaíocht, fíorasach, cúrsaí reatha, drámaíocht, faisnéis – níl teorainn ar bith.
  • Guthanna Nua: Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine go bhfuil scil acu sa réimse seo agus smaointe cruthaitheacha nua a chuirfidh smaoineamh nua agus difriúil os ár gcomhair.

Ba mhaith linn tuilleadh a chloisteáil uaidh guthanna óga agus ionadaíocht a dhéanamh ar shaol na nGael óg sa lá atá inniu ann, in Éirinn agus ar fud an domhain.

Buiséad Uair: €65,000 – €75,000

 

 

NOLLAIG 2025 

Táimid ag lorg smaointe atá curtha in oiriúint go sonrach do sceideal Nollag TG4 do 2025. Is deis é seo ábhar a chruthú a mheallfaidh lucht féachana, a chuirfidh le branda TG4, agus a fheidhmeoidh mar ‘sheod i gcoróin’ shéasúr na Nollag.

Ba chóir go mbeadh an t-ábhar ina ábhar spreagúil, ceiliúrtha, barántúil agus croíúil, go mbeadh luí ag an lucht féachana níos leithne leis, agus go mbeadh sé uathúil do bhranda TG4. D’fhéadfadh cláir faisnéise aon uaire, cláir speisialta cheoil, ábhar siamsúil bunaithe ar an am atá caite, agus neart eile a bheidh ar chuid de na smaointe.

Cé go mbeadh spiorad na Nollag ina gcroílár, níor cheart don ábhar a bheith bunaithe uile ar théama na Nollag chun go mbeifear ábalta é a chraoladh arís i rith na bliana.

Buiséad: Le meas ag braith ar an dtogra.

 

 

CEILIÚRADH AR LAETHANTA SPEISIALTA

Tograí le haghaidh ábhar siamsaíochta, taibhléiriú, clár faisnéise nó an dá cheann a bheadh curtha in oiriúint go sonrach lena gcraoladh Lá Fhéile Bríde an 1 Feabhra 2026, Lá Padraig 2026, Samhain srl.

Cláir uair an chloig a chraolfar mar ‘bhloc’ príomh-ama chun ceangal na hÉireann leis na mór- cheiliúradh seo.

Cláir cheoil, comóradh, ceiliúradh a thugann ardán do shaothar nua agus atá déanta ar bhealach nuálach a chuirfidh siamsaíocht ar fáil agus a spreagfaidh lucht féachana a d’fhéadfaí a chraoladh arís i sceideal TG4.

Buiséad: Le meas ag braith ar an dtogra

 

 

CRUTH EILE AR CHARTLANN TG4

Cuirimid fáilte roimh smaointe chun coimeádaíocht, cruth agus beocht nua a chur ar cartlann nó scéalta nua a insint a bheadh spreagtha ag ábhar cartlainne.

D’fhéadfaí ábhar cartlainne ó stór na léiritheoirí féin nó a bheadh faighte ó léiritheoirí nó ó chruthaitheoirí ábhair eile ó bunaíodh TG4 in 1996 a úsáid.  Breithneofar smaointe atá oiriúnach do chraoladh digiteach nó líneach nó don dá cheann. Ba cheart go n-áireofaí sna tograí, léarscáil shoiléir d’imréitigh chartlainne agus den láimhseáil chruthaitheach a bheidh á déanamh ar ábhar seantaifeadta agus ábhar nua-thaifeadta.

Buiséad: Le meas ag braith ar an dtogra.

 

 

INIÚCHADH TG4

Cuireann TG4 fáilte roimh iarratais ó chomhlachtaí teoranta in earnáil na léiriúchán neamhspleách don tsraith cúrsaí reatha Iniúchadh TG4.  Is sraith cúrsaí reatha trí chlár uair an chloig atá á lorg le craoladh le linn phríomhsceideal TG4.

Tugann TG4 tús áite do nuacht agus do chúrsaí reatha. Cuirfidh an tsraith seo le feidhm TG4 ina mheán seirbhíse poiblí.  Táthar ag lorg cláir uaillmhianacha ina mbeidh ardchaighdeán iriseoireachta agus eagarthóireachta ina gcroílár.   Beifear ag súil go n-ardóidh an tsraith ceisteanna agus go dtarraingeofar caint sa phobal agus go mbeidh cinnlínte sna meáin Ghaeilge agus sna meáin náisiúnta dá barr, a mheallfaidh lucht féachana leathan chuig TG4.

Tá ardchaighdeán scannánaíochta agus scéalaíochta á lorg freisin.  Déanfar na cláir a aithint go sonrach le TG4.

Is féidir iarratas a dhéanamh do shraith sé chlár nó do shraith trí chlár. Is é TG4 amháin a mhaoineoidh na chláir. Beidh cearta saoil trasardáin ar fud an domhain ag TG4 ar an ábhar seo go deo na ndeor.   

Iarrtar ar chomhlachtaí nó ar dhaoine aonair teagmháil a dhéanamh le Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4, Deirdre Ní Choistín chun a léiriú spéise a phlé.

An chéad am craolta: 2025

Formáid: Craolfar na cláir ag 9:30pm, le linn an phríomhama lucht féachana

Lucht Féachana: Lucht féachana nuachta agus cúrsaí reatha

Buiséad: €78,000 san uair úasmhéid.

 

 

SRAITHEANNA SIAMSAÍOCHTA – Daoine Óga – Lucht Féachana Réamhscoile & Páistí idir 6 agus 12 bhliana. 

Ábhar tarraingteach agus spraíúil atá á lorg a léiríonn ábhar spéise agus caitheamh aimsire an lucht féachana seo agus a thabharfaidh deis don lucht féachana a mhacasamhail féin a fheiceáil ar an scáileán. Is fiú smaoineamh ar an ábhar spéise is mó atá ag daoine óga – spórt, ealaín, peataí, teicneolaíocht etc.  Ní mór smaointe/tuairimí an lucht féachana a chur san áireamh agus ní mór stíl, ton agus brandáil a bheith soiléir ó thús an togra.

Fáiltímid roimh léiriúcháin fhíorúla.

Fáiltímid roimh shraitheanna a dteastaíonn níos mó forbartha a dhéanamh orthu.

I gcás sraitheanna a bheadh forbairt le déanamh orthu, is fiú míreanna nó gnéithe a d’fhéadfaí a úsáid ar fud na n-ardán éagsúil a chur san áireamh.

Buiséad: Le meas ag braith ar an dtogra.

 

 

Seó cluichí do pháistí (páistí idir 7 agus 12 bhliain) & Teaghlaigh.    

Sraith ina gcuirfí scoileanna, clubanna nó buíon cairde in iomaíocht le chéile.

Sraith uaillmhianach agus fhísiúil ina mbeadh spraoi, iomaíocht, idirghníomhaíocht agus teannas.

Sraith ina ndíreofaí ar dhúshlán a bhaint amach seachas ar thráth na gceist amháin.

Fáiltímid roimh ábhar a bhaineann leis an teicneolaíocht agus léiriúcháin fhíorúla ach tá sé tábhachtach go mbeadh an lucht féachana iad féin páirteach agus ag baint spraoi as an dúshlán.

Fáiltímid roimh théamaí faoi leith don fhormáid seo, mar shampla mistéir, comórtais spóirt srl, i stiúideo nó in ionad feiliúnach eile.

Ba chóir go mbeadh láithreoir/daoine a bhfuil cur i láthair tarraingteach agus gaeilge ar a dtoil acu ar an scáileán, ina ghné thábhachtach d’aon iarratas agus go mbeadh plean léirithe agus feachtas i gceist chun iomaitheoirí a mhealladh.

Buiséad: €55,000 san uair úasmhéid.

 

 

FORBAIRT DRÁMAÍOCHTA 7-12bl  

Is mian le TG4 sraith dhrámaíochta chomhaimseartha charachtar-bhunaithe a fhorbairt don lucht féachana 7 mbliana agus níos sine.                                                                                                                              
Ba chóir na smaointe a chuirfí faoinár mbráid a bheith uaillmhianach, misniúil, cruthaitheach, siamsúil, spraíúil agus feiliúnach don aoisghrúpa ar a bhfuil sé dírithe.
Ba chóir don scéalaíocht a bheith lárnach sa chur chuige, agus ba chóir carachtair inchreidte a bheith i gceist a spreagfadh caint, gáire agus suim agus a bheadh tarraingteach don lucht féachana ar cainteoirí Gaeilge iad agus don lucht féachana náisiúnta atá ag Cúla4 atá idir 8 agus 12 bhliana.

Ba chóir go luífeadh na sraitheanna a chuirfí faoinár mbráid go nádúrtha leis an nGaeilge agus go mbeadh siad taitneamhach do dhaoine óige a labhraíonn Gaeilge go rialta ach go mbeadh siad tarraingteach freisin do lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta níos leithne ó thaobh tuine, grinn, ábharthachta agus cur chuige stíle.   Ba chóir cur síos a dhéanamh ar na deiseanna atá ann cómhaoiniú a fháil faoi scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Méan, ILBF agus deiseanna eile maoinithe idirnáisiúnta.   Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais lena bhforbairt:

  • Achoimre ghearr (260 focal)
  • Snáithe na Sraithe (600 focal)
  • Bíobla na gCarachtar (3-5 leathanach A4 gan íomhánna san áireamh)
  • Breac-chuntas ar an ton agus ar  stíl fhísiúil an tionscadail, lena n-áirítear clár tobsmaointe. (1 leathanach A4)
  • Sonraí maidir le príomhphearsanra cruthaitheacha agus daoine cruthaitheacha léiriúcháin
  • Buiséad forbartha (ní mór teimpléad buiséid TG4 a úsáid)
  • Fianaise maidir le cearta Úinéireachta

 

 


 
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4.  Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie

Ba chóir na hiarratais a uaslódáil roimh an spriocdháta trí an catagóir cuí a roghnú ón roghchlár.  Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh.  Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.

BABHTA COIMISIÚNAITHE – 2025/2026 TG4

BABHTA COIMISIÚNAITHE – 2025/2026 FORBAIRT

BABHTA COIMISIÚNAITHE – 2025/2026 ILBF

 
Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig  Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
 

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.