Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Coimisiúnaithe Ollsoláthar Dubáil 2025 & 2026

An sprioc-am d’iarratais Dubála ná 30/09/2024.

Cuireann TG4 fáilte roimh iarratais do sheirbhís dubála ó tús 2025 go deireadh 2026. Déanfar aon chonradh a bhronnfar mar thoradh ar an gcomórtas tairisceana seo a bhronnadh ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain agus rogha ann é a fhadú suas le dhá (2) bhliain eile maille le hathbhreithnithe bliantúla.

Tairiscintí ar feadh tréimhse 2 bhliain – faoi réir conradh.
 
Tá sé mar aidhm ag TG4 suas le 150 uair an chloig dubáil a dhéanamh in aghaidh na bliana idir:

  • Tograí dubála ilghlór (go mór mór ábhar do sceideal Cúla4)
  • Tograí dubála aonghlór (leithéid Survivor nó Domhan an Dúlra)
  • Tograí athphacáistithe (leithéid Fíorscéal, Dochreidte gan Dabht)

 
Iarrtar ar chomhlachtaí a mbeadh an scil agus an saintaithí acu freastal ar chuid de sheirbhís dubála TG4, iarratas a sheoladh chugainn. Déanfar na hiarratais a mheas bunaithe ar:

  • Scil & Saintaithí
  • Scripteáil & Cruinneas Teanga
  • Luach in aghaidh na huaire
  • Caighdeán léirithe

 
Mar chuid den iarratas, is gá na sonraí seo a leanas a chuir ar fáil:

  • Uasmhéid uaireanta in aghaidh na bliana.
  • Liosta den phríomhfhoireann léirithe agus stiúrtha
  • Liosta den phríomhfhoireann Scriptithe / Aistriúcháin
  • Script samplach
  • Cur chuige do ráthú Caighdeáin & Cruinnis Teanga
  • Cur síos ar an trealamh / áiseanna dubála
  • Buiséad ag úsáid an teimpléad dubála atá ar an suíomh. Nasc le fáil anseo: https://www.tg4.ie/Teimpléad_Buiséad_Dubála.

 
Moltar teagmháil a dhéanamh le collette.ui.neachtain@tg4.ie maidir le treoir don bhuiséid roimh iarratas a chur isteach.
An sprioc-am d’iarratais Dubála ná 30/09/2024. Beidh súil againn cruinnithe a rith ar an 9ú agus 10ú lá do mhí Deireadh Fómhair.
 
Tá fáilte roimh teagmháil le siobhan.ni.bhradaigh@tg4.ie má tá soiléiriú nó breis eolais ag teastáil.
 
Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Dubáil 2025 & 2026’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.