Coimisiúnú
Babhta Coimisiúnaithe Ollsoláthair Foghlaim TG4
3i.n. Dé hAoine an 28 Feabhra 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratas
Cuireann Foghlaim TG4 fáilte roimh iarratais ó chomhlachtaí léiriúcháin le haghaidh Ollsoláthar Oideachais do ghréasán foghlama TG4, Foghlaim TG4. Tréimhse trí bliana a bheidh i gceist leis an Ollsoláthar chun míreanna gearrfhoirme a léiriú do TG4.
Tá sé mar aidhm ag Foghlaim TG4 forbairt a dhéanamh ar na hábhair churaclaim atá ar fáil ar shuíomh Foghlaim TG4 faoi láthair, chun tacaíocht a chur ar fáil atá ag teacht leis na hathruithe atá tagtha ar an gcuraclam, go háirithe ag leibhéal na meánscoile. Cuirfear fáilte roimh ábhar oideachais úr atá spreagúil agus siamsúil trína dtabharfar tacaíocht do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí.
Bainfear úsáid as an ábhar sin i mbunscoileanna agus i meánscoileanna, i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla araon.
Tá sé mar aidhm ag Foghlaim TG4 a bheith ag obair le comhlacht léiriúcháin ar feadh tréimhse trí bliana ar mhaithe le leanúnachas a bheith ann ó thaobh ábhair, stíle agus cur chuige agus chun go gcinnteofar sin sna míreanna oideachais a fhoilseofar ar Foghlaim TG4.
Ós rud é go bhfuil athrú tagtha ar na liostaí litríochta atá le clúdach sna meánscoileanna, is mian le Foghlaim TG4 dul i mbun oibre le comhlacht léiriúcháin chun freastail a dhéanamh ar na héilimh a beidh ag múinteoirí agus scoláirí ina leith. Maidir le leibhéal na mbunscoileanna, ba mhaith le Foghlaim TG4 tuileadh tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí trí ábhar a fhoilsiú atá reatha agus atá ag teacht le féilire teagaisc na scoile.
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:
- Achoimre chruthaitheach ar na sraitheanna oideachais.
- Buiséad iomlán
- Léiritheoir agus Stiúrthóir a bheith luaite chomh maith leis an bpríomhfhoireann taobh thiar den cheamara (saineolaí oideachais luaite)
- Cur chuige físiúil ón stiúrthóir
- Moltaí maidir le tallann/rannpháirtithe atá le bheith ar an scáileán.
- Plean nó sceideal léirithe
- Nasc agus tacaíocht oideachais bheith leagtha amach agus sin a bheith soiléir tríd na sraitheanna ar fad.
- Straitéis Dhigiteach 360
Beidh cearta saoil ag TG4 ar na míreanna a fhoilseofar
Chuige sin, is mian le TG4 míreanna gearrfhoirme oideachais a léiriú bunaithe ar na riachtanais seo a leanas;
- Míreanna gearrfhoirme bunscoile
24 mhír in aghaidh na bliana – idir 2-3 bhomaite ar fad.
Míreanna a bheidh ag teacht le féilire na scoilbhliana, a fhoilseofar go seachtainiúil ar Foghlaim TG4 agus ina mbeidh ceachtanna teanga i gcroí an ábhair.
Buiséad — €70,000
- Míreanna don tSraith Shóisearach
14 mhír in aghaidh na bliana – idir 4-5 bhomaite ar fad.
Míreanna ina gclúdófar liostaí úra litríochta na sraithe sóisearaí nó forbairt teanga do scoláiri i scoileanna T1 agus T2.
Buiséad —- €70,000
- Míreanna don tSraith Shinsearach.
14 mhír in aghaidh na bliana – idir 4-5 bhomaite ar fad.
Míreanna ina gclúdófar liostaí úra litríochta don tsraith sinsearaí.
Buiséad —- €70,000
Ní mór gach iarratas ar Ollsoláthar a chur chugainn tríd an gcóras eCoimisiúin ina cheangaltán pdf agus an buiséad ina cheangaltán Excel. Ní dhéanfar aon iarratas nach bhfuil buiséad leis a mheas.
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas mar aon leis an mbuiséad a uaslódáil roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘Ollsoláthair Foghlaim TG4’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite. Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig conall.o.mairtin@tg4.ie.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.