Coimisiúnú
Babhta Coimisiúnaithe do (Babhta 56) Scéim Maoinithe Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán, Earrach 2025
4i.n. Déardaoin an 10 Aibreán 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoin mbabhta seo.
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó earnáil na léiriúchán neamhspleách le haghaidh tionscadail uaillmhianacha ardleibhéil ar féidir tacaíocht a fháil ina leith don chéad bhabhta maoinithe eile den Scéim Fuaim agus Fís.
Ní mór do na hiarratais a chuirtear ar aghaidh, cáiliú do mhaoiniú faoi Scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán, dul i bhfeidhm go láidir ar lucht féachana TG4 agus a bheith oiriúnach do sceideal, lucht féachana agus straitéisí ábhair TG4 mar a leagtar amach thíos. Tabharfar tús áite do thograí a chuirfidh ábhar úr nua le haschur TG4 faoin mbabhta seo. Déan cinnte go gcomhlíonann d’iarratas riachtanais na Scéime Fuaim agus Fís atá leagtha amach sa treoir d’iarratasóirí ar Bhabhta 56 atá le foilsiú ag Coimisiún na Meán.
Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan athruithe suntasacha a bheith déanta orthu ar dtús agus é sin a bheith pléite le hEagarthóir Coimisiúnaithe sula gcuirtear an togra isteach arís.
Bí ag cuimhneamh, tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh, ar na hardáin ar fad atá ag TG4 agus chomh oiriúnach is a bheadh do chlár dóibh – sin iad sceideal líneach TG4, Seinnteoir TG4, YouTube, nó na hardáin shóisialta eile.
Is go leictreonach, agus sin amháin, a dhéanfar gach iarratas ar an mbabhta seo a mheas trí chóras ríomhchoimisiúnaithe TG4, agus ní mór é bheith ina cháipéis pdf agus buiséad iomlán i bhfoirm Excel a bheith leis. Ní dhéanfar measúnú ar thograí mura bhfuil buiséad mionsonraithe leo.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:
- Togra a chuireann an coincheap agus an cur chuige cruthaitheach i láthair
- Buiséad & plean airgeadais. Beidh plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe ag teastáil le haghaidh gach iarratais. Ní dhéanfar iarratais a chuirtear isteach gan buiséad comhlánaithe a mheas.
- Am craolta an chláir agus an lucht féachana a mbeadh sé dírithe air chomh maith leis na hardáin dhigiteacha a mbeadh sé feiliúnach dóibh.
- An phríomhfhoireann léiriúcháin atá beartaithe – léiritheoir, stiúrthóir, eagarthóir agus an príomhlucht cruthaithe eile (má bhaintear áit amach ar an ngearrliosta beidh an fhoireann léiriúcháin le deimhniú agus le comhaontú)
- Ráiteas físiúil ón stiúrthóir más cuí / nó ó lucht cruthaithe an tionscadail.
- An tallann atá beartaithe ag an gcomhlacht a úsáid, mar aon le nasc chuig triail scáileáin mura bhfuil eolas ar an duine.
- Cur síos ar an bplean agus ar an sceideal léiriúcháin
- Míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcáilíonn an tionscadal seo don scéim F&F agus an seánra lena mbaineann sé.
NA SEÁNRAÍ A BHEIDH INGHLACTHA FAOIN mBABHTA SEO
FÍORASACH (50 nóiméad)
Cláir faisnéise aonair nó mionsraitheanna (2-4 clár), a thugann léargas nua ar dhearcadh an domhain ar an bpobal a bheadh oiriúnach a chraoladh i rith phríomham craolta TG4.
Ba chóir cuspóir a bheith ag na cláir, go mbeadh siad uaillmhianach agus nuálach, go mbeadh tionchar acu agus go spreagfadh siad díospóireacht. Tá sé fíorthábhachtach go n-inseofaí gach taobh den scéal agus ba chóir cur chuige soiléir agus cruthaitheach ón stiúrthóir a áireamh sa togra.
Fáiltítear athrú cuspóra atá cruthaitheach a dhéanamh ar ábhar cartlainne trína ndéantar an ‘tuiscint’ atá againn ar théama náisiúnta nó ar chomóradh náisiúnta a léiriú ar bhealach eile, chomh maith le téamaí staire lena dtugtar léargas comhaimseartha ar an am atá caite.
Cuirfimid fáilte roimh thionscadail faisnéise uaillmhianacha le maoiniú ag TG4 & CnaM amháin, mar aon le tionscadail a bheidh cómhaoinithe ag craoltóirí, VODanna nó comhlachtaí maoiniúcháin eile. Bheifí sásta le sraitheanna i bhfoirm níos giorra, a bheadh le taispeáint ar dtús ar Sheinnteoir TG4 nó ar chainéal YouTube TG4.
An chéad am craolta: 21.30 i lár na seachtaine
Formáid: Glacfar le cláir aonair / sraitheanna
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
CROÍLUCHT FÉACHANA TG4
Is pobail thráthúla iad pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta, agus is iadsan croílucht féachana TG4. Táthar ag lorg léiriúchán atá lán le brí agus fuinnimh, léiriúcháin atá ionraic agus a thugann léargas ar na pobail iontacha agus eisceachtúla seo.
Fáiltímid roimh iarratais do chláir aonair agus sraitheanna, cláir a bhfuil dánacht ag baint leo agus cláir dheasa, cláir ghéimiúla agus cláir a bhainfidh deora asat, ach thar aon ní eile, fáiltímid roimh chláir atá comhaimseartha.
- Beagán de gach uile ní: siamsaíocht, greann, fáisnéis, drámaíocht. Sraitheanna ina bhfuil cláir leathuaire nó cláir uair an chloig. 6 x 25’, 12 x 25’ nó sraitheanna 6 x 50’
- Ábhar nua don phobal trí chéile. Ábhar a bheadh oiriúnach don teilifís agus do na hardáin ar líne araon.
- Ábhar lena mbaineann éagsúlacht mar go bhfuil an saol níos iléagsúla anois ná mar a bhí riamh!
- Ábhar tráthúil agus uathúil mar go mbíonn daoine ag iarraidh ábhar nua agus mar gurb é an rud is annamh is iontach!
Is iomaí insint ar scéal, agus is iomaí scéal nach bhfuil cloiste againn fós. Inis dúinn iad.
An chéad am craolta: Roimh 21.00 nó má fheileann 21.30 i rith na seachtaine
Formáid: Cláir 25’ nó 50’ ar fhad i bhfoirm sraithe nó i gcláir aonair
Lucht Féachana: An croílucht féachana Gaeilge
NA TAIBHEALAÍONA TRAIDISIÚNTA
Tá na taibhealaíona traidisiúnta lárnach do bhranda TG4. Cuirfimid fáilte roimh chláir faisnéise, taibhiúcháin agus meascán den dá rud ina bhfiosraítear ár gcuid traidisiún, ina leagtar béim ar dhaoine cumasacha nó scéalta nua a leathnaíonn teorainneacha na n-ealaíon traidisiúnta.
Maidir le hábhar atá bunaithe ar an taibhiú, ba cheart athshamhlú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar na healaíona traidisiúnta a léiriú, go mbeifí ag mothú gur ábhar é ‘a chaithfear féachaint air’ agus, agus ba cheart stíleanna agus formáidí nua a fhiosrú.
Táimid ag lorg cláir aonair uair an chloig agus sraitheanna 2-4 clár, 50 nóiméad lena dtaispeáint den chéad uair oíche Dé Domhnaigh ag 9.30pm. Cuirfimid fáilte freisin roimh shraitheanna ardéilimh a sheasfaidh an aimsir ina mbeadh 8-12 clár 25 nóiméad ar féidir iad a léiriú ar chostas réasúnta le craoladh ag 10.30pm Dé Domhnaigh.
Tá spéis againn freisin i gcláir faisnéise gné-cheoil ina sníomhtar an taibhiú agus na scéalta a mbeadh spéis mhór iontu, chomh maith le tograí d’imeachtaí beo nó d’ábhar gearrfhoirme do chainéal Trad YouTube agus/nó do Sheinnteoir TG4.
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh ag 21.30/22.30
Formáid: san fhógra thuas
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
ÁBHAR SIAMSAÍOCHTA
Táimid ag lorg smaointe spraíúla, siamsúla agus tarraingteacha a thaitneoidh le lucht féachana leathan teaghlaigh tráthnóna Dé Domhnaigh nó ábhar siamsaíochta do phobal leathan féachana TG4 i rith na seachtaine. Ba chóir go mbeadh an t-ábhar ag cur lucht féachana TG4 ar an scáileáin agus go mbeadh an sprioc agus an cur chuige soiléir.
Táimid sásta glacadh le smaointe ar fud raon seánraí, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta dóibh: Seóanna ardfhuinnimh agus dinimiciúla a thaifeadtar i stiúideo nó ardáin eile a tharraingíonn lucht féachana leathan; Formáidí siamsaíochta atá dírithe ar cheol, damhsa, amhránaíocht, eile, nó meascán díobh sin; Seónna tráth na gceist nó seónna cluiche atá tarraingteach, spraíúil agus an-fhísiúil; Cláir shiamsaíochta fhíorasacha a thugann ardú croí agus a chuireann ábhar siamsaíochta ar fáil do na glúnta go léir.
Ba chóir gach smaoineamh a bheith spraíúil agus go dtabharfadh siad ardú croí don lucht féachana. Cuirfimid fáilte ar leith roimh smaointe ar féidir iad a chur ar fáil go nádúrtha ar na hardáin dhigiteacha agus ar na meáin shóisialta chun an lucht féachana is leithne is féidir, a mhealladh.
An chéad am craolta: 19.00 go 21.00 Dé Domhnaigh nó lá i rith na seachtaine
Formáid: sraitheanna de chláir 25’ nó 50’ (6-8 clár)
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
CEOL TÍRE
Tá lucht féachana an-láidir agus an-dílis ag TG4 don cheol tíre, agus táimid ag lorg smaointe, formáidí agus cláir dhéchodacha nua (Hybrid) a leanfaidh ar aghaidh ag freastal ar an lucht féachana seo agus dhá fhás. Taispeáin bealach nua dúinn leis an gCeol Tíre a chur i láthair.
Ba cheart don tsraith a chuirfear i láthair a bheith oiriúnach don sceideal ag 9.30i.n. tráthnóna Dé Máirt agus is féidir leis cláir na sraithe a bheith 50’ nó 25’ nóiméad ar fhad.
An chéad am craolta: 22.30 i lár na seachtaine
Formáid: Cláir 25’ nó 50’ ar fhad i bhfoirm sraithe nó i gcláir aonair
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
FORMÁIDÍ
Cuir iontas orainn le formáidí nua, spreagúla agus siamsúla a bheadh le craoladh roimh 9pm agus tar éis 9pm faoi na ceannteidil seo: geandáil, stíl mhaireachtála, taisteal, cócaireacht, feirmeoireacht, sláinte, tithíocht nó meascán díobh sin.
Táimid ag lorg smaointe clár le téamaí sainiúla agus pearsantachtaí láidre luaite leo a bhfuil an paisean, an scil agus an t-eolas acu chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar. Beidh ord reatha ríthábhachtach chun go mbeimid ábalta an coincheap a thuiscint. Molaimid go láidir freisin go gcuirfidh tú sizzle ríl ar aghaidh den láithreoir atá beartaithe má tá láithreoir i gceist. Breithneofar formáidí atá ann cheana freisin, murar craoladh iad ar chainéil is féidir a fheiceáil in Éirinn. Bheadh maoiniú forbartha ar fáil más cuí. Sraitheanna: 6 x 25’, 12 x 25’ nó níos mó.
An chéad am craolta: Roimh 21.00 nó 22.30 i rith na seachtaine ag brath ar ábhar na sraithe.
Formáid: 25’ nó 50’ (sraitheanna 6-13 clár)
Lucht Féachana: Dírithe ar an gcroílucht féachana agus ar an lucht féachana náisiúnta
FAOI 35
Tá TG4 ag lorg smaointe spreagúla úra cláir atá dírithe ar lucht féachana óg idir 18-35 bliana d’aois. Is mian linn saol dinimiciúil agus éagsúil daoine óga in Éirinn agus thar lear a cheiliúradh, agus iad ag dul i dtaithí ar an domhan sa lá atá inniu ann.
Táimid ag lorg ábhair a léiríonn doimhneacht bhríomhar, fhuinniúil daoine óga a labhraíonn Gaeilge anseo agus ar fud an domhain. Ábhar láidir, nuálach agus tarraingteach a luíonn le paisin, spéiseanna agus taithí Ghaeil Óga an lae inniu.
- Smaointe Úra: Táimid ag lorg coincheapa úrnua ar fad — smaoinigh ar fhormáidí líneacha agus neamhlíneacha a sháraíonn teorainneacha cruthaitheacha. Ní mór don scéalaíocht a bheith nua agus nuálach. Táimid sásta féachaint ar smaointe le haghaidh sraitheanna a sheasfaidh an aimsir, cláir faisnéise aon uaire, imeachtaí, podchraoltaí amhairc, ábhar gearrfhoirme. B’fhéidir gur scéalta iad a bhfuil eolas againn orthu ach caithfear iad a insint ar bhealach ceannródaíoch, spreagúil.
- Éagsúlacht: Teastaíonn cláir uainn a léiríonn saibhreas shaol agus phobal na ndaoine óga in Éirinn.
- Ábhar atá Ábhartha agus Barántúil: Cláir a léiríonn na rudaí atá tábhachtach do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Cláir atá déanta ag daoine óga, do dhaoine óga, a léiríonn go fírinneach a nguthanna, a bpaisin agus na dúshláin éagsúla a bhíonn le sárú acu.
- Fáilteofar roimh gach Seánra: Coiméide, siamsaíocht, fíorasach, cúrsaí reatha, drámaíocht, faisnéis – níl teorainn ar bith.
- Guthanna Nua: Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine a bhfuil scil acu sa réimse seo agus smaointe cruthaitheacha nua a fháil a chuirfidh smaointe nua agus difriúla os ár gcomhair.
Ba mhaith linn tuilleadh a chloisteáil ó ghuthanna óga agus ionadaíocht a dhéanamh ar shaol na nGael óg sa lá atá inniu ann, in Éirinn agus ar fud an domhain.
An chéad am craolta: 22.30 i lár na seachtaine nó roimh 21.00 ag brath ar ábhar an chláir
Formáid: 25’ 40’ nó 50’
Lucht Féachana: Dírithe ar lucht féachana náisiúnta faoi 35 bliana d’aois
ÓCÁIDÍ 2025 / 2026
Táimid ag lorg smaointe atá curtha in oiriúint go sonrach don sceideal i rith na bliana do 2025 agus 2026. Is deis é seo ábhar a chruthú a mheallfaidh lucht féachana, a chuirfidh le branda TG4, agus a fheidhmeoidh mar ‘sheod i gcoróin’ sceideal TG4 i rith na bliana.
Ba chóir go mbeadh an t-ábhar ina ábhar spreagúil, ceiliúrtha, barántúil agus croíúil, go mbeadh luí ag an lucht féachana níos leithne leis, agus go mbeadh sé uathúil do bhranda TG4. D’fhéadfadh cláir faisnéise aon uaire, cláir speisialta cheoil, ceolchoirmeacha beo, ábhar siamsúil bunaithe ar an am atá caite, agus neart eile a bheith ar chuid de na smaointe.
An chéad am craolta: Príomhsceideal TG4 ag brath ar an togra.
Formáid: 50’ nó 75’
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana leathan náisiúnta
CEILIÚRADH AR LAETHANTA SPEISIALTA
Tograí le haghaidh ábhar siamsaíochta, taibhléiriú, clár faisnéise nó an dá cheann a bheadh curtha in oiriúint go sonrach lena gcraoladh Lá Fhéile Bríde an 1 Feabhra 2026, Lá Padraig 2026, Samhain srl.
Cláir uair an chloig a chraolfar mar ‘bhloc’ príomh-ama chun ceangal na hÉireann leis na mór-ócáidí sein a cheiliúradh.
Cláir cheoil, comóradh, ceiliúradh a thugann ardán do shaothar nua agus atá déanta ar bhealach nuálach a chuirfidh siamsaíocht ar fáil agus a spreagfaidh lucht féachana a d’fhéadfaí a chraoladh arís i sceideal TG4.
An chéad am craolta: Príomhsceideal TG4 ag brath ar an togra.
Formáid: 50’ nó 75’
Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana leathan náisiúnta
SIAMSAÍOCHT DO PHÁISTÍ (páistí réamhscoile & an t-aoisghrúpa 6-12 bhliain)
Fáilteoimid roimh iarratais ar ábhar beo-ghnímh (live action) nó beochan/formáid measctha ina mbeidh páistí, carachtair nó tallann óg láithreoirí, a mheallfaidh an lucht féachana ar an scáileán. Ábhar tarraingteach agus siamsúil, a spreagfaidh fiosracht agus foghlaim ach a bhfuil féith an ghrinn ag baint leo. Stíl, ton agus brandáil láidir a bheith luaite leis.
Tá spéis againn freisin i smaointe a bhfuil sreabhadh oibre an léirithe fhíorúil ag baint leo ina mbeidh ár lucht féachana ábalta a bheith páirteach i ndomhan nua tumthach agus siamsaíochta.
Lucht féachana réamhscoile, faoi 5 bliana
Lucht féachana luathbhunscoile (5-7 mbliana)
Lucht féachana bunscoile (8-12 bhliain)
I gcás sraitheanna atá á bhforbairt, is fiú míreanna nó gnéithe a d’fhéadfaí a úsáid trasna ardáin éagsúla a bheith san áireamh.
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine.
Formáid: Sraith de chláir, faid éagsúla.
Lucht Féachana: Páistí, Croílucht féachana
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie
Ba chóir na hiarratais a uaslódáil roimh an spriocdháta trí ‘CnaM Babhta 56 Earrach 2025’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.
Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo a sheoladh chuig Julieann Ní Fhátharta Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.