Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Coimisiúnaithe do (Babhta 55) Scéim Maoinithe Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán Fómhar 2024

Is é 4i.n. Dé hAoine an 20 Meán Fómhar 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais don bhabhta seo

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó earnáil na léiriúchán neamhspleách le haghaidh tionscadail uaillmhianacha ardleibhéil ar féidir tacaíocht a fháil ina leith don chéad bhabhta maoinithe eile den Scéim Fuaim agus Fís.
Ní mór do na hiarratais a chuirtear ar aghaidh cáiliú do mhaoiniú faoi Scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán, dul i bhfeidhm go láidir ar lucht féachana TG4 agus a bheith oiriúnach do sceideal, lucht féachana agus straitéisí ábhair TG4 mar a leagtar amach thíos. Tabharfar tús áite do thograí a chuirfidh ábhar úr nua le haschur TG4 faoin mbabhta seo. Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan athruithe suntasacha a bheith déanta orthu ar dtús agus plé a dhéanamh le hEagarthóir Coimisiúnaithe sula gcuirtear aon togra isteach arís. Déan cinnte go gcomhlíonann d’iarratas riachtanais na Scéime Fuaim agus Fís atá leagtha amach i dtreoir Bhabhta 55 d’iarratasóirí atá le foilsiú ag Coimisiún na Meán.
 
Is go leictreonach, agus sin amháin, a dhéanfar gach iarratas ar an mbabhta seo a mheas trí chóras ríomhchoimisiúnaithe TG4, agus ní mór é bheith ina cháipéis pdf agus buiséad iomlán i bhfoirm Excel a bheith leis. Ní dhéanfar measúnú ar thograí mura bhfuil buiséad mionsonraithe leo.

 

Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais:

  • Togra a chuireann an coincheap agus an cur chuige cruthaitheach i láthair
  • Buiséad & plean airgeadais
  • Am craolta agus sprioclucht féachana
  • An phríomhfhoireann léiriúcháin atá molta – léiritheoir, stiúrthóir, eagarthóir agus an príomhlucht cruthaithe eile (má bhaintear áit amach ar an ngearrliosta beidh an fhoireann léiriúcháin le deimhniú agus le comhaontú)
  • Ráiteas físiúil ón stiúrthóir / ó lucht cruthaithe an tionscadail.
  • An tallann atá beartaithe ag an gcomhlacht a úsáid, mar aon le nasc chuig triail scáileáin mura bhfuil eolas ar an duine.
  • Cur síos ar an bplean agus ar an sceideal léiriúcháin
  • Míniú a thabhairt faoin gcaoi a gcáilíonn an tionscadal seo don scéim F&F agus faoi cén seánra.

 

NA SEÁNRAÍ A BHEIDH INGHLACTHA SA BHABHTA SEO
 

1. Fíorasach nó Siamsaíocht: Dírithe ar an gCroí-Lucht Féachana Gaeilge
Táimid ag lorg sraitheanna fíorasacha nó siamsaíochta a bheidh idir 25 agus 50 nóiméad ar fad, ina gcuirfear scéalta tochtmhara a bhfuil téamaí comhaimseartha acu agus a thugann léargas ar ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann, lena n-áirítear ár bpobail, teaghlaigh agus gairmeacha beatha, os comhair an phobail. Ina theannta sin, tá spéis againn i scéalta atá dírithe ar ábhar amhail an dúlra, athrú aeráide, saincheisteanna timpeallachta, tomhaltachas, faisean, tithíocht agus dinimic teaghlaigh, ina n-ábhair aonair nó in éineacht.

An Príomham Craolta: Lár na Seachtaine, 8:00i.n. nó 8:30i.n.
Formáid: Fáilteoimid roimh chláir aonair / sraitheanna faisnéise agus roimh chláir aonair / sraitheanna siamsaíochta a bheidh idir 25 agus 50 nóiméad ar fad.
An Lucht Féachana: Dírithe ar an gcroí-lucht féachana Gaeilge.
 
 

2. Fíorasach nó Siamsaíocht: Dírithe ar an gCroí-Lucht Féachana Gaeilge
Táimid ag lorg sraitheanna faisnéise nó siamsaíochta a bheidh idir 25 agus 50 nóiméad ar fad, a bhfuil scéal láidir ag baint leo agus téamaí comhaimseartha a thugann léargas ar mhuintir, ar theaghlaigh, ar phobail agus ar lucht gairmiúil na hÉireann. Ina theannta sin, fáilteoimid roimh scéalta atá dírithe ar an dúlra, athrú aeráide, saincheisteanna timpeallachta, tomhaltachas, faisean, tithíocht, saol an teaghlaigh, nó meascán de na hábhair sin.

An Príomham Craolta: Lár na Seachtaine, 8:00i.n. nó 8:30i.n.
Formáid: Glacfar le cláir aonair / sraitheanna faisnéise agus cláir aonair / sraitheanna siamsaíochta a bheidh 25 nó 50 nóiméad ar fad.
An Lucht Féachana: An Croí-Lucht Féachana Gaeilge
 
 

3. Fíorasach – Dírithe ar an Lucht Féachana Náisiúnta
Táimid ag lorg cláir faisnéise aonair uair an chloig nó sraitheanna faisnéise a insíonn scéalta tochtmhara agus ábhartha a thugann léargas ar an saol comhaimseartha in Éirinn nó ar thaithí mhuintir na hÉireann thar lear. Ba chóir go seasfadh na léiriúcháin seo amach i bpríomh-am sceidil iomaíoch chláir faisnéise TG4. Tá spéis go háirithe againn i scéalta ina ndéantar fiosrú mór ar shochaí na hÉireann trí scannánú breathnaitheach, athchruthú nó teicnící nuálacha scéalaíochta. Ba chóir d’ábhar an chláir aird an phobail a tharraingt agus imeachtaí suntasacha a bheith ina lár.
Táimid ag lorg scéalta barántúla, mealltacha a bhfuil guthanna agus carachtair tharraingteacha iontu a rachaidh i gcion ar an lucht féachana idirnáisiúnta agus náisiúnta. Bheadh suim go háirithe againn i scéalta ina dtugtar léargas ar dhearcadh na mban.

An Príomham Craolta: Dé Céadaoin, 9.30i.n.
Formáid: Glacfaimid le cláir faisnéise i bhfoirm sraithe nó i bhfoirm aonair ach iad a bheith 50 nóiméad ar fad.
An Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
Cláir Faisnéise Fhada: Fáilteoidh TG4 roimh thograí le haghaidh cláir faisnéise fhada a bheidh idir 70 agus 90 nóiméad ar fad. Tá sé i gceist na cláir faisnéise a chraoladh den chéad uair oícheanta Dé Céadaoin ag a 9.30PM ach d’fhéadfadh siad a bheith oiriúnach freisin le haghaidh eisiúintí pictiúrlainne, taispeántais ag féilte agus iarrachtaí dáileacháin idirnáisiúnta.
 
 

4. Cláir Faisnéise Staire – Dírithe ar an Lucht Féachana Náisiúnta
Cuireann na cláir faisnéise staire is fearr ábhar siamsaíochta ar fáil don lucht féachana mar aon le léargas nua a chur os á gcomhair ag an am céanna. Táimid ag lorg smaointe a chuireann scéalta staire i láthair ar bhealaí nuálacha, trí úsáid a bhaint as modhanna nó formáidí cliste scéalaíochta. Ba chóir go mbeadh na scéalta sin mar atá imeachtaí staire, daoine mór rá sa stair agus comórthaí ábhartha i saol an lae inniu.

An Príomham Craolta: Lár na Seachtaine, 9.30i.n.
Formáid: Glacfaimid le cláir faisnéise staire i bhfoirm aonair nó sraithe a bheidh 50 nóiméad ar fad nó i bhfoirm fhada.
An Lucht Féachana: Curtha in oiriúint don lucht féachana náisiúnta.
 
 

5. Siamsaíocht Fhíorasach – Dírithe ar an Lucht Féachana Náisiúnta
Táimid ag lorg ábhar dearfach, croíúil a rachaidh i bhfeidhm ar an lucht féachana. Cibé más clár faisnéise ar an láthair, dráma faisnéise nó clár réaltachta atá i gceist, táimid ag lorg scéalta a thabharfaidh dearcadh úr dúinn ar an saol seo ina bhfuilimid ag maireachtáil. Ní mór don tsraith seo a bheith mothúchánach agus mealltach, mar go mbíonn iomaíocht agus éileamh ann oícheanta Déardaoin ag 9.30PM.
An Príomham Craolta: Déardaoin ag 9.30i.n.
Formáid: Táimid ag lorg sraitheanna siamsaíochta fíorasaí ina bhfuil 4, 6 nó 8 gclár, gach ceann acu 50 nóiméad ar fad.
An Lucht Féachana: Curtha in oiriúint don lucht féachana náisiúnta.
 
 

6. Ceol Traidisiúnta na hÉireann
Táimid ag lorg sraitheanna nó cláir aonair uair an chloig a thabharfaidh ardán do cheol traidisiúnta agus amhráin na hÉireann trí chláir faisnéise, taibhiúcháin nó meascán den phéire. Ba chóir do na cláir seo dearcthaí úra a thabhairt ar ár gcuid ealaíona traidisiúnta agus ceiliúradh a dhéanamh orthu anseo sa bhaile agus thar lear. Molaimid formáidí nuálacha a chur ar aghaidh a thugann léargas nua dúinn ar an mbealach a gcuirimid na taibhealaíona traidisiúnta i láthair. Fáilteofar freisin roimh fhormáidí cumaisc, ina nasctar an ceol le seánraí eile amhail cuntas taistil nó beathaisnéis.
Cé gur chóir don ábhar freastal ar lucht féachana dílis ceoil thraidisiúnta TG4 go príomha, ba chóir go meallfadh sé lucht féachana níos leithne a bhfuil spéis acu sa luach siamsaíochta agus cultúir. Ba chóir do na smaointe a bheith in ann dul i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana chun go mbeidh sé oiriúnach le craoladh sa phríomh-am sceidil ag 9:30PM Dé Domhnaigh, tráth a mbíonn iomaíocht mhór ann idir na cainéil.
Ina theannta sin, tugaimid tús áite do chláir uair an chloig nó fhada aon uaire a bheadh feiliúnach le craoladh ag an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig, Lá Fhéile Bríde nó aon lá saoire nó ócáid chomórtha eile i bhféilire cultúir na hÉireann.

An Príomham Craolta: Dé Domhnaigh ag 9.30i.n.
Formáid: Sraith nó cláir aon uaire a bheidh 50 nóiméad ar fad.
An Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
Fáilteofar roimh chláir faisnéise ceoil thraidisiúnta aonair freisin
 
 

7. Cláir Cheoil nach Cláir Ceoil Thraidisiúnta iad
Tá tóir ollmhór ag an lucht féachana ar cheol tíre na hÉireann agus mealltar an lucht féachana le cláir cheolchoirme agus le formáidí iomaíocha. Ach an bhfuil seánraí agus formáidí eile ceoil ann a d’fhéadfadh an lucht féachana a mhealladh?
Tá TG4 ag lorg smaointe le haghaidh sraith cheoil a thabharfaidh an suíochán is fearr sa teach dár lucht féachana don scoth den cheol comhaimseartha, ceol tuaithe agus bailéid as Éirinn agus níos faide ó bhaile. Tá spéis ar leith againn in ábhar a bhfuil suim ag an lucht féachana níos óige ann. Táimid sásta glacadh le gach formáid faoin seánra seo ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ton comhaimseartha acu mar aon le cur chuige nuálaíoch léirithe. Ina theannta sin, táimid ag iarraidh ábhar digiteach breise a chruthú agus láithreoirí agus ceoltóirí nua a chur i láthair an phobail.
An Príomham Craolta: Dé Máirt ag 9:30i.n. (Ceol Tíre), Dé Domhnaigh ag 10:30i.n. (Eile) / Samhradh & Seinnteoir TG4 (Eile) Formáid: Sraith de chláir 25 nó 50 nóiméad
An Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
 
 

8. Cláir d’Imeachtaí Speisialta
Táimid ag iarraidh tacú le tionscadail ar an gcaighdeán is airde ar fud seánraí éagsúla a chuirfidh lenár sceideal aimsir na Nollag agus a mheallfaidh an lucht féachana chuig TG4 ar dhátaí móra le linn na bliana, Lá Fhéile Bríde, faoi Cháisc, Lá Fhéile Pádraig, faoi Shamhain agus mar sin de. Tá spéis ar leith againn iontu seo a leanas:

  • Cláir faisnéise thochtmhara atá bunaithe ar charachtair nó cláir faisnéise aimsir na Nollaig a chuirfidh an lucht féachana siar ar bhóithrín na smaointe.
  • Cláir shiamsaíochta cheoil bheo nó réamhthaifeadta a dhéanann ceiliúradh barántúil ar chultúr na hÉireann i sprid cheart TG4.
  • Formáidí Siamsaíochta a chuireann ábhar siamsaíochta, ceiliúrtha agus tarraingteach ar fáil do lucht féachana leathan.

An Príomham Craolta: Amanna Éagsúla
Formáid: Formáidí Éagsúla
An Lucht Féachana: Náisiúnta
 
 

9. Siamsaíocht don Teaghlach
Fáilteoidh TG4 roimh smaointe bunaidh do chláir shiamsaíochta don Teaghlach a mheallfaidh, a tharraingeoidh agus chuirfidh ábhar siamsaíochta ar fáil do lucht féachana teaghlaigh éagsúil, a bheidh ina gcláir nach mbeifear ag iarraidh a chailleadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Táimid sásta glacadh le formáidí éagsúla lena n-áirítear formáidí atá sa stiúideo, siamsaíocht fhíorasach, sraitheanna breathnaitheacha, seónna atá comórtas-bhunaithe, agus eile. Ba chóir do na sraitheanna seo dearcadh úr a chur lenár sceideal agus treoirlínte na scéime Fuaim agus Fís a shásamh ag an am céanna.
An Príomham Craolta: Dé Domhnaigh ag 6.30i.n.
Formáid: Sraith de chláir 50 nóiméad an ceann
An Lucht Féachana: Dírithe ar an lucht féachana náisiúnta
 
 

10. Siamsaíocht do Dhaoine Óga (Páistí Réamhscoile agus Páistí 6-12 Bhliain)

Siamsaíocht do Dhaoine Óga (Páistí Réamhscoile agus Páistí 6-12 Bhliain)
Fáilteoimid roimh iarratais le haghaidh seónna beo-ghnímh do leanaí ina mbeidh páistí nó tallann óg láithreoirí a mheallfaidh an lucht féachana ar an scáileán. Tá spéis againn in sraitheanna fuinniúla agus spraíúla oideachais agus siamsaíochta a thugann léargas ar shaol an lucht féachana agus a fhiosraíonn an domhan thart timpeall orainn. Tá spéis againn freisin i smaointe a bhfuil sreabhadh oibre an léirithe fhíorúil ag baint leo ina mbeidh ár lucht féachana ábalta a bheith páirteach i ndomhan nua tumthach agus siamsaíochta.
Do na haoisghrúpaí seo a leanas:

  • Lucht féachana réamhscoile, faoi 5 bliana
  • Lucht féachana luath bunscoile (5-7 mbliana)
  • Lucht féachana bunscoile (8-12 bhliain)

Is fiú míreanna agus ábhar breise a d’fhéadfaí a úsáid ar ardáin éagsúla a bheith san áireamh.

An Príomham Craolta: Laethanta na seachtaine agus an deireadh seachtaine ar Cúla4, cainéal tiomnaithe na leanaí, agus le linn sceideal Cúla4 ar chaineál TG4.
Formáid: Sraith, cláir d’fhaid éagsúla.
An Lucht Féachana: Daoine Óga, An Croí-Lucht Féachana
 
 

Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie

Ba chóir na hiarratais a uaslódáil roimh an spriocdháta trí ‘CnaM Babhta 55 Fómhar 2024’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.

Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann Ní Fhátharta Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.