Underdogs | Spórt | CLG | Comórtas | GAA | Peil Gaelach Skip to main content
Menu

Underdogs

     

Tá ‘Underdogs’ ar ais!

Underdogs

Tá ‘Underdogs’, sraith chlúiteach CLG TG4, ar ais. Táthar ag tóraíocht arís agus súil teacht ar scuad fear atá sách cumasach, díocasach agus uaillmhianach le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.

Tá sé deich mbliana ó bhí an tsraith deiridh de ‘Underdogs’ ann agus táthar i mbun cuardaigh ar fhoireann nua peile. Mar ab ionann le sraitheanna roimhe seo,  is painéal saineolaithe a bheidh ar phainéal na roghnóirí – ina measc sna sraitheanna deiridh bhí Mícheál Ó Muircheartaigh, Brian Mullins agus Mickey Ned O’Sullivan. Beidh painéal nua roghnóirí mór le rá ann i mbliana.

 

Chuir ‘Underdogs‘ dlús le gairm roinnt seaimpíní Uile-Éireann ina measc fear mór Chiarraí Kieran Donaghy agus Pearse O’Neill Chorcaí. An bhféadfadh an rud céanna tarlú duitse?

Seo do sheans traenáil a fháil ó laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Deis d’imreoirí nach bhfuil eolas ar bith orthu aghaidh ar thabhairt ar chuid de na báireoirí is fearr sa tír.

Beidh trialacha ar siúl ar fud na tíre i mí Bealtaine 2018.

 

 

Tá na iontrálacha do Underdogs dúnta anois !

 

Físeáin ar Fáil