Tocht na Máthar | Faisnéis | Máthar & Páiste | Cruachás | Tragóid | TG4 Skip to main content
Menu

Tocht na Máthar

Céad
10.20pm
Aoine
10.50pm
     

Níl crá croí ná imní is géire ná imní máthar go mbainfeadh tinneas,
gortú nó aicíd dá mac nó iníon, gan trácht ar an mbás.
Dé Céadaoin @ 10.20pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Cur síos goilliúnach, corraitheach máthar ar thinneas agus ar bhás a maicín 9 mbliana. Inseoidh Mary Logue faoina mac Erin, a bhfuarthas amach go raibh ailse air i nDeireadh Fómhair 2006 nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois agus a bhásaigh dhá bhliain ina dhiaidh sin an 4 Deireadh Fómhair 2008 ag 9 mbliana. Socraíonn Mary a scéal a insint le cúnamh agus faoiseamh a thabhairt do teaghlaigh eile.

Chéad Taispeántas: 13 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Tocht na Máthar

Sláinte agus sonas a páiste an rud is gaire do chroí aon mháthar.
Níl crá croí ná imní is géire ná imní máthar go mbainfeadh tinneas, gortú nó aicíd dá mac nó iníon, gan trácht ar an mbás.
Nuair a tharlaíonn seo fágtar folús agus duibheagán bróin.
Is é seo is ábhar don tsraith seo, ina léirítear roinnt cásanna agus ina dtugann mná a gcuntas féin ar ar tharla dóibh-san agus ar an mbealach a bhfuil siad ag iarraidh déileáil leis an gcor is measa ar fad a d’fhéadfadh tarlú do mháthair.
 
Fuair an togra seo tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.
Léiriú le Stirling Film & Television


I gClár 3:

Siobhán Hynes
Inseoidh Bríd Hynes scéal tubaisteach a hiníne, Siobhán (17), a ionsaíodh agus a dúnmharaíodh an 6 Nollaig 1998. Ag 12:50 an mhaidin sin, d’imigh Siobhán as carr a bhí páirceáilte taobh amuigh d’óstán ar an gCeathrú Rua i gConamara agus níor fhill sí choíche. Fuarthas a corp ar thrá lá arna mhárach. Gabhadh fear as an áit, John McDonagh, agus cúisíodh é ina dúnmharú. Ar an 18ú Meitheamh 2001, fuair a muintir faoiseamh éigin nuair a gearradh príosúin saoil as dúnmharú agus 10 mbliana as éigniú ar McDonagh. Ainneoin 19 mbliana a bheith caite, tá croí Bhríd chomh dubh céanna i gcónaí.

 

Físeáin ar Fáil